bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 2
Romans 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
1
Ar an ábhar sin, a dhuine úd, a thugas breith ar dhuine eile, ní inleithscéil tú; óir nuair a dhaorann tú eisean daorann tú thú féin, mar bíonn na nithe céanna sin á ndéanamh agatsa agus tú i do bhreitheamh air.
2
Tá a dhea-fhios againn go mbíonn an dream a dhéanas amhlaidh faoi bhreithiúnas ceart Dé.
3
Agus an síleann tú, a dhuine, go rachaidh tú saor ó bhreithiúnas Dé nuair a dhaorann tú an dream a dhéanas leithéid na nithe a chleach-tas tú féin?
4
Nó an beag leat saibhreas a mhaitheasa agus a fhadfhulaingte agus a fhoighne? Nach feasach duit go bhfuil i ndán ag maitheas Dé do thabhairt chun aithrí?
5
Ach le cruas agus neamhaithreachas do chroí tá tú ag cur feirge i dtaisce duit féin le haghaidh lá na feirge nuair a nochtfar ceart-bhreithiúnas Dé.
6
Mar cúiteoidh sé le cách de réir a oibreacha:
7
an dream a bhíos go foighneach ag iarraidh glóire agus onóra agus do-mharfachta lena ndea-oibreacha, tabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh;
8
ach ní bhfaighidh lucht an mhéirleachais nach n-umhlaíonn don Ihírinne, ach a ghéilleas don choirpeacht, ach fíoch agus fearg.
9
Beidh buaireamh agus brón i ndán do gach duine den Ádhamhchlann dá ndéanann an t-olc, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach freisin,
10
ach glóir agus onóir agus síocháin don uile dhuine dá ndéanann an mhaith, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach leis.
11
Mar ní chlaonann Dia a cheart.
12
An dream uile a rinne an peaca in éagmais an dlí rachaidh siad ar ceal gan an dlí, agus an dream a rinne peaca faoin dlí tabharfaidh an dlí breith orthu.
13
Mar ní hiad an dream a n-éisteann a gcluasa leis an dlí is fíréanta os comhair Dé, ach an dream a chuireas an dlí i ngníomh is iadsan a mheasfar ina bhfíréin.
14
Nuair a dhéanann Gintlithe, atá gan an dlí, mar ba dhual dóibh an méid atá ainmnithe sa dlí, is iad féin is dlí dóibh féin agus iad gan an dlí.
15
Taispeánann siad go bhfuil an méid a ainmníos an dlí scríofa ar a gcroíthe, agus bíonn a gcoinsias ag tabhairt fianaise,
16
agus a smaointe ag plé na cúise lena ndaoradh nó bʼfhéidir lena saoradh an lá sin nuair a thabharfas Dia breith (de réir mo shoiscéilse) ar ruin na ndaoine trí Íosa an Críost.
17
Ach más rud é go dtugann tú Giúdach ort féin agus go mbíonn muinín as an dlí agat agus tú ag déanamh mórtais as an mbaint atá agat le Dia
18
agus má tá fios a thola agat agus meas agat ar gach ní dá fheabhas, de bharr an teagaisc a fuair tú faoin dlí,
19
agus má tá tú cinnte gur treoraí tú do na daill agus gur solas tú don lucht atá i ndorchadas,
20
agus tú i do cheartaitheoir amadán, i do mhúinteoir leanaí, agus corp an eolais agus na fírinne agat san dlí—
21
tusa, mar sin, a theagascas an mhuintir eile nach dteagascfaidh tú thú féin? An ndéanann tú goid nuair a bhíonn tú ag seanmóireacht i n-aghaidh na gadaíochta?
22
Tusa a chrosas ar chách adhaltranas a dhéanamh, an ndéanann tú féin adhaltranas? Tusa dar fuath na híola, an mbíonn tú ag slad na dteampall?
23
Tusa a bhíos mórtasach as an dlí, an dtugann tú easonóir do Dhia ag sárú an dlí?
24
Óir, mar atá scríofa, “Bíonn ainm Dé faoi aithis i mease na nGintlithe i ngeall oraibhse.”
25
Is fiúntach é an timpeallghearradh má umhlaíonn tú don dlí; ach má bhriseann tú an dlí, níl sa timpeallghearradh ach neamh-thimpeallghearradh.
26
Dá bhrí sin, má choinn-íonn fear atá neamh-thimpeallghearrtha ordaithe an dlí, nach measfar a neamh-thimpeallghearradh mar thimpeall-ghearradh?
27
Mar sin beidh an dream atá gan timpeallghearradh collaí ach a choinníos an dlí do bhur ndaoradh, ó bíonn an reacht scríofa agus an timpeallghearradh agaibh agus sibh ag briseadh an dlí.
28
Mar ní Giúdach fírinneach é an té atá ina Ghiúdach ar an taobh amuigh, ná ní ní feol-mhar foirmeallach é an timpeallghearradh fírinneach.
29
Is Giúdach i ndáiríre an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh, agus is ní a bhaineas leis an gcroí é an timpeallghearradh fírinneach, ní a bhíonn spioradálta, agus nach mbíonn de réir na litreach. Agus ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheas sé a mholadh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16