bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 7
Romans 7
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
1
Nach fada feasach daoibh, a bhráithre—mar is libhse atá eolach ar an dlí atáim ag labhairt—nach gceangl-aíonn an dlí an duine ach i rith a bheatha amháin?
2
Mar shampla ceanglaíonn an dlí an bhean phósta dá fear chomh fada agus a mhaireann sé, ach má fhaigheann an fear bás scaoiltear í ón dlí chomh fada agus a bhaineas sé leis an bhfear.
3
Dá réir sin tabharfar adhaltranach uirthi má théann sí in aontíos le fear eile chomh fada agus a bhíonn a fear céile beo. Ach má fhaigheann a fear bás is saor í ón dlí úd, agus má phósann sí fear eile ní adhaltranach í.
4
Mar an gcéanna, a bhráithre liom, is marbh sibh don dlí trí chorp Chríost, ionas go mbeidh sibh ag fear eile, a tógadh ó na mairbh le go dtabharfaimid toradh i nDia.
5
Chomh fada agus a chaithimis ár mbeatha go collaí, bhíodh ár n-ainmhianta coirpeacha á ndúiseacht ag an dlí agus iad ag oibriú inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh chun an bháis.
6
Ach anois scaoiltear ó chuing an dlí sinn, agus táimid marbh don ní a rinne príosúnaigh dínn, ionas nach mbímid ag déanamh seirbhíse de réir na sean-scríbhinne ach de réir bheatha úrnua an Spioraid.
7
Cad é a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hamhlaidh! Ní bheadh eolas agam ar an bpeaca murach an dlí. Ní bheadh a fhios agam cad é is saint ann mura mbeadh ráite ag an dlí “Ná santaigh.”
8
Ach is é an peaca a fuair faill orm tríd an aithne a dʼoibrigh gach aon chineál sainte ionam. Bíonn an peaca marbh nuair nach mbíonn an dlí ann.
9
Bhí am ann ar mhair mé gan baint le dlí, agus nuair a tháinig an aithne, dʼathbheoigh an peaca agus fuair mise bás;
10
an aithne féin a gheall an bheatha, is í a thug mo bhás.
11
Mar fuair an peaca faill orm tríd an aithne le mo mhealladh agus mo bhású.
12
Mar sin is naofa an dlí, agus is naofa fíréanta fónta í an aithne.
13
An é an ní a bhí maith a thug mo bhás? Ní hamhlaidh! Ba é an peaca é, ag oibriú an bháis ionam tríd an ní a bhí maith ann féin, ionas go dtaispeánfaí gur peaca é an peaca, agus go n-éireodh sé peacúil as cuimse tríd an aithne.
14
Is feasach dúinn gur spioradálta é an dlí; ach tá mise collaí agus mé díolta ceannaithe ag an bpeaca.
15
Ní thuigim mo ghníomhartha féin. Mar ní dhéanaim an ní is toil liom, ach an ní is mó is fuath liom.
16
Anois má bhím ag déanamh an ní nach toil liom, admhaím gur maith é an dlí.
17
Mar sin ní mise a bhíos á dhéanamh, ach an peaca a bhíos ina chónaí ionam.
18
Mar is feasach dom nach gcónaíonn aon ní fónta ionam, is é sin le rá i mo cholainn. Is féidir liom an ní is cóir a thoiliú, ach ní féidir liom a dhéanamh.
19
Mar ní bhím ag déanamh an mhaith is toil liom, ach is é an t-olc nach toil liom a bhíos á dhéanamh agam.
20
Anois má bhím ag déanamh an ní nach toil liom, ní mise a bhíos á dhéanamh ach an peaca a bhíos ina chónaí ionam istigh.
21
Aithním mar sin gur dlí é nuair is mian liom an mhaith a dhéanamh, go mbíonn an t-olc i bhfoisceacht dom.
22
Mar i mo chroí istigh bíonn dúil agam i ndlí Dé.
23
Ach feicim dlí eile ar fud mo bhall atá i gcogadh le dlí mʼintinne a bhíos ag déanamh braighdeanaigh díom do dhlí an pheaca atá ina chónaí i mo bhaill.
24
Mo mhíle mairg! Cé a fhuasclóidh mé ó cholainn seo an bháis?
25
Buíochas le Dia trí Íosa Críost ár dTiarna! Mar sin bím féin ag umhlú do dhlí Dé i mʼintinn agus ag umhlú do dhlí an pheaca le mo cholainn.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16