bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 6
Romans 6
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 7 →
1
Cad é is cóir dúinn a rá ansin? An rachaimid ar aghaidh leis an bpeaca go mba mhóide don ghrásta?
2
Ní hamhlaidh! Fuaireamar bás don pheaca, agus cad é mar a ligfimid dó bheith beo ionainn fós?
3
Mar an é nach bhfuil a fhios agaibh an méid againn a fuair baiste in ainm Íosa Críost go bhfuil glactha againn le baiste a bháis?
4
Táimid marbh agus curtha ina chuideachta ag an mbaiste, chun go gcaithimid beatha úmua dála Chríost a dʼéirigh ó na mairbh trí ghlóir an Athar.
5
Más rud é mar sin go bhfuilimid comhcheangailte leis i gcosúlacht a bháis, is cinnte go gcomhcheanglófar leis sinn i gcosúlacht a aiséirí.
6
Tá a fhios againn gur crochadh an duine a bhí ionainn ar a chrois, ionas go gcuirfí chun báis an corp peacúil, chun nach mbeadh greim ag an bpeaca orainn.
7
Mar an té atá marbh ní bhíonn greim ag an bpeaca air.
8
Ach má táimid tar éis bás a fháil le Críost, creidimid go mairfimid beo leis.
9
Mar tá a fhios againn nach bhfaighidh Críost bás arís tar éis a aiséirí ó na mairbh; ní bhíonn ceannas ag an mbás air níos mó.
10
An bás a fuair sé ba don pheaca a fuair sé é an t-aon uair amháin, ach is beatha do Dhia an bheatha a chaitheann sé anois.
11
Is cóir daoibh mar sin a mheas go bhfuil sibh féin marbh básaithe don pheaca, agus beo beathach do Dhia in Íosa Críost.
12
Ná bíodh an peaca i réim mar sin in bhur gcoirp shomharfa, le humhlú dá n-ainmhianta.
13
Ná géilligí bhur mbaill don pheaca le bheith mar uirlisí ag an ole, ach géilligí sibh féin do Dhia mar dhaoine a tugadh ó bhás go beatha, agus géilligí bhur mbaill do Dhia mar uirlisí na fíréantachta.
14
Mar ní bheidh aon cheannas ag an bpeaca oraibh níos mó, ó nach bhfuil sibh faoin dlí ach faoin ngrásta.
15
Cad é ina dhiaidh sin? An gceadófar dúinn peaca a dhéanamh ó nach bhfuilimid faoin dlí, ach faoin ngrásta? Níl sin amhlaidh ar chor ar bith!
16
Nach feasach daoibh má tá sibh i ndiaidh géilleadh dʼaon duine mar dhaoir ag umhlú dó, go bhfuil sibh i ndaoirse ag an té sin a mbíonn sibh ag umhlú dó, más é an peaca é, a thugas chun báis, nó más í an umhlaíocht í, a thugas chun na fíréantachta?
17
Ach buíochas le Dia, go bhfuil sibhse a bhíodh roimhe sin faoi dhaoirse an pheaca i ndiaidh umhlú ó chroí do chló an teagaisc sin a cuireadh romhaibh,
18
agus gur saoradh ón bpeaca sibh, agus go bhfuil sibh in bhur ndaoir ag an bhfíréantacht.
19
Is ó thaobh an duine de a labhraim, de bhrí na laige atá san fhuil agus san fheoil. Mar fé mar a ghéilleadh sibh bhur mbaill don neamhghlaine agus do thuilleadh mór den urcbóid, tá oraibh anois bhur mbaill a ghéilleadh don fhíréantacht le go naomhófaí iad.
20
San am a raibh sibh faoi ghlais dhaoirse an pheaca, bhí saoirse agaibh ón bhfíréantacht.
21
Ach cad é an leas a bhain sibh as na nithe nach bhfuil anois agaibh ach ina n-ábhar náire agus ceann faoi? Is é an bás toradh na nithe sin.
22
Ach anois ó saoradh sibh ón bpeaca agus ó tá sibh in bhur ndaor-ghiollaí ag Dia, is í an tairbhe atá á fáil agaibh as naomhacht beatha, agus an bheatha shíoraí a chuireas ceann air.
23
Mar is é an bás tuarastal an pheaca, ach tugann Dia mar shaoraisce uaidh an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16