bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 12
Romans 12
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
1
Glaoim oraibh dá bhrí sin, a bhráithre, as ucht thrócaire Dé, go dtíolaca sibh bhur gcolainn mar naomhíobairt bheo, ní a thaitnionn le Dia mar ghníomh adhartha spioradálta uaibh.
2
Ná glacaigí le cruth an tsaoil seo, ach bíodh athrú crutha oraibh trí athnuachan bhur n-intinne, ionas go bhfaighidh sibh tuiscint ar dhea-thoil aoibhinn neamhlochtach Dé.
3
Óir deirim le gach duine agaibh tríd an ngrásta a bronnadh orm gan meas iomarcach a bheith aige air féin, ach ina ionad sin meas cothrom atá de réir chuimse an chreidimh a roinn Dia leis.
4
Mar feicimid go bhfuil mórán ball in aon chorp amháin, agus gan an fheidhm chéanna ag aon dá bhall acu,
5
ar an nós céanna bímid, an slua sin againn inár n-aon chorp amháin i gCríost, agus inár mbaill dá chéile gach duine faoi leith.
6
Ó bíonn tíolaicí ar leith againn mar sin de réir an ghrásta a bronnadh orainn, bainimis úsáid astu; más fáidheadóireacht í, de réir mhéid ár gcreid-imh;
7
más seirbhís í, sa tseirbhís a dhéanaimid; an té a bhíos ag teagasc, lena theagasc;
8
an té a bhíos ag gríosú gnímh, ina ghríosú; an té a roinneas a mhaoin, i bhflaithiúl-acht; an té a thugas tarrtháil, le dúthracht; an té a ghnáth-aíos trócaire, a dhéanamh go soilbhir.
9
Bíodh grá agaibh i ndáiríre; tugaigí fuath don ole, cloígí le gach ní dá fheabhas;
10
bíodh grá na ndeartháireacha agaibh dá chéile; sáraígí a chéile leis an ómós a thugas sibh dá chéile.
11
Ná ligigí do bhur ndúthracht dul i laghad, ach bíodh an Spiorad ar lasadh ionaibh, bígí ag obair do bhur dTiarna.
12
Bíodh bhur ndóchas ina ábhar lúcháire agaibh, bígí foighneach in am an chrá, agus ná stadaigí den urnaí.
13
Tugaigí uaibh síneadh láimhe le haghaidh riachtanas na naomh, agus bígí flaithiúil fáilteach de ghnáth.
14
Beannaígí lucht bhur ngéarleanúna; beannaígí agus ná mallaígí iad.
15
Déanaigí comháthas le lucht an áthais agus comhbhrón le lucht an bhróin.
16
Mairigí go cairdiúil le chéile; ná bígí mórtasach, ach déanaigí caidreamh leis an uiríseal; ná síligí barraíocht díbh féin in am ar bith.
17
Ná tugaigí ole in aghaigh an oilc, ach smaoinígí ar an ní is uasal i súile cáich.
18
Más féidir, agus chomh fada agus a bhaineas libhse mairigí i síocháin le daoine an domhain.
19
A lucht na páirte, ná himrígí díoltas, ach fágaigí faoi fhearg Dé é, mar tá sé scríofa, “Is liom an díoltas, is mé a bhainfeas amach an cúiteamh, a deir an Tiarna.”
20
Ar a shon sin, “má tá ocras ar do namhaid, tabhair bia dó; agus má tá tart air, tabhair deoch dó; mar má dhéanann tú amhlaidh beidh tú mar a bheifeá ag camadh gríosach dhearg ar a cheann.”
21
Ná faigheadh an t-olc bhur mbua ach faighigí bua ar an olc leis an maith.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16