bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 10
Jeremiah 10
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 11 →
1
Eistighsi an focal a deir an TIGHEARNA ríbh, a thigh Israel:
2
Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná foghlomuigh slighe na ngeinteadh, agus ná bíodh anbhuáin oruibh fa chomharthuibh neimhe; óir atáid na geinte anbhuáineach thríotha sin.
3
Oír atáid gnátha an phobail díomhaóin: óir gearruidh aon amach crann as an bhforaois, obair lámh a noibrighe, leis an ttuáigh.
4
Maisighid é le hairgiod agus le hór; ceangluid síad é le tairngibh agus le geannairibh, go nach corruighionn sé.
5
Bíd díreach súas mar an ccrann pailme, acht ní labhruid siad: is éigin a niomchar, do bhrígh nach bhféaduid siubhal. Ná bíthí eaglach rompa; óir ní thig dhíobh olc do dhéanamh, ní mó fós atá ionta maith do dhéanamh.
6
Do bhrígh nach bhfuil áon cosmhuil riotsa, a THIGHEARNA; atá tú mór, agus is mór hainm a ccumhacht.
7
Cía ar nach bía heaglasa, a Rígh na ccineadhach? óir is riotsa bheanas sin: do bhrígh nach bhfuil áon a measc uile dhaóine críonna na gcineadhach, agus iona rioghachtuibh uile, cosmhuil riotsa.
8
Acht atáid uile go léir brúideamhuil agus amadánach: atá an smotán na fhoghluim díomhaóinis.
9
Túgadh airgiod ar na leathnúghadh amach ó Tharsis, agus ór ó Uphas, obair a nfir oibre, agus láimhe an chéard óir: gorm agus dearg a néaduighe: is oibreacha lámh dhaoine críonna íad uile.
10
Acht isé an TIGHEARNA an Día fíre, isé an Día bithbhéo, agus an rígh siorruidhe é: criothnochuidh sé an talamh re na fheirg, agus ní fhéadfuid na geinte a a mhíchéadfa dfúlang.
11
Is marso a déara sibh ríu, Na dée nach déarna na neamha nó an talamh, sgriosfuighear íad ón ttalamh, agus ó faói na neamhuibhsi.
12
Do rinne sé an talamh le na chumhacht, sé do dhaingnidh an talamh lé na eagna, agus do shín amach na neamha le na ghliocus.
13
A nuáir chuirios sé a ghúth amach, atá iomad uisgeadh annsna neamhuibh, agus do bheir sé ar na deathuighibh dul súas ó chorruibh na talmhan; do ní sé tinnteach maille ré fearthuinn, agus do bheir sé an gháoth amach as a ionad taisgidh.
14
Is bhrúideamhuil gach uile dhuine íona éolus féin: do claóidheadh gach uile chumadóir ann a íomháigh ghreanta: óir is neimhfhírinne a íomháigh leaghtha, agus ní bhfuil ánal ar bith ionnta.
15
Is diomhaóineas íad, agus obair na nearráideach: millfighear íad a nam a ccúarta.
16
Ní cosmhuil roinn Iácob riú: óir is éision cumadóir na nuile neitheann; agus isé Israel slat a oighreachda: Isé a ainm TIGHEARNA na slógh.
17
¶ Cruinnigh súas hearradha as an dúthaigh, a áitreabhthuigh an daingin.
18
Oír is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, teilgfidh mé amach áitreabhthacha na tíre ar a nuáirsi, agus bhéara mé a ccumhgach íad, go nairighid marsin é.
19
¶ Mo thruáighe misi do bhrígh mo luit! atá mo chneadh nimhneach: acht a dúbhairt mé, Is doiligh so go deibhin, acht caithfidh mé a fhulang.
20
Do milleadh mo thabernacuil, agus do briseadh mo chórdadha uile: dimthigh mó chlann amach asam, agus ní bhfuilid ann: ní bhfuil áon do shínfeadh mo lóistín amach ní as mó, agus do chuirfeadh mo chúirtíne súas.
21
Oír atáid na háodhuirighe brúideamhuil, agus níor íarradar an TIGHEARNA: uimesin ní bhéuruid síad biseach, agus scabfuighear a ttréada uile.
22
Féuch, tháinic fúaim an tormáin, agus comhchorrughadh mór ón tuáisceart, do dhéanamh caithreach Iúdah áonránach, agus na húamhaigh dhragún.
23
¶ O a THIGHEARNA, atá a fhios agam nach ann féin atá slighe an duine: ní hannsa duine shiúbhluighios atá díorghadh a choiscéimeadh.
24
A THIGHEARNA, smachtuigh mé, acht maille re breitheamhnus; ní ann thfeirg: deagla go ndeanta neimhní dhíom.
25
Dóirt amach do dhíbhfhearg ar na geintibh dá nach athnid thú, agus ar na muinntearuibh nach goirionn air hainm: óir a dúadar súas Iácob, agus do shluigiodar é, agus do chaitheadar é, agus do rínneadar a áitreabh uáigneach.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52