bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 46
Jeremiah 46
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 45
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 47 →
1
Briathar an TIGHEARNA noch tháinic go Ieremiah an fáidh a naghaídh na ngeinteadh;
2
A naghaídh na Hégipte, a naghaídh shlóigh Phárao‐necho rígh na Hégipte, noch do bhí láimh ré habhuinn Euphrátes ann Carchemis, noch do bhuáil Nebuchadnessar rígh na Babilóine annsa cceathramhadh blíadhain do Iehoiacim mhac Iosiah rígh Iúdah.
3
Gléusuidhse an buicléir agus an sgíath, agus tigidh a bhfogus don chath.
4
Ughamuigh na heich; agus éirghidhe súas, a mharcshlúagh, agus seasuighe si súas re bhur cclogadaibh; deanuigh soillseach na sleagha, cuirigh oruibh na huchdeaduigheadh.
5
Créd fa bhfaca mé ag ainbhfainneadh íad agus ag filleadh ar a ccúl? agus a ndaóine neartmhara buáilte síos, agus ar tteitheamh go lúath, agus gan féuchuin na ndiáigh: óir do bhí eagla timchioll fa ccuáirt, a deir an TIGHEARNA.
6
Ní theithfidh an duine lúath, agus ní léigfighear an duine neartmhar do dhul as; do gheabhuid síad tuisleadh, agus tuitfid do thaoibh an tuáisceart láimh ré habhuinn Euphrátes.
7
Cía hé so thig súas amhuil tuile, agá bhfuilid a uisgeadha ag corrughadh mar na srotha?
8
Eíreochuidh a Négipt súas amhuil tuile, agus corrochthar a huisgeadha súas amhuil aibhne; agus a deir sé, Racha mé súas, agus foileocha mé an talamh; scriosfa mé an chathair agus a háitreabhthacha.
9
Tigidh súas, a eachraidh; agus iomrúaguidh, a charbada; agus tigedis na daóine neartmhara amach; na Hetíopigh agus na Líbianuigh, ghlacus an scíath; agus na Lídianuigh, ghlacus agus chromas an bogha.
10
Oír isé so lá an Tighearna DIA na slógh, lá an dioghaltais, chor go ndigheoluidh sé é féin air a namhuid: agus sluigfidh an cloidheamh, agus sáiseochthar é agus cuirfighear ar meisce é lé na bhfuilsion: óir atá íodhbuirt ag an Ttighearna DIA na slógh annsa tír thuáigh láimh re habhuinn Euphrátes.
11
Eíridh súas go Gilead, agus glac íce, a mhaighdion, a inghean na Hégipte: is go díomhaóin ghlacus tú mórán leighis; óir ní leigheostar thú.
12
Do chúala na cineadhacha do náire, do líon do chomhairc an tír: óir do thuisligh an duine neartmhar a naghaídh an chumhachdaigh, agus do thuiteadar aráon a naóinfheacht.
13
¶ An focal do labhair an TIGHEARNA ré Ieremiah an fáidh, mar thiucfadh Nebuchadnessar rígh na Babilóine agus go mbuáilfeadh sé críoch na Hégipte.
14
Foillsighidhse san Négipt, agus fúagruidh ann Migdol, agus innsidh an Noph agus an Tahpanhes: abruidh, Seas go daingion, agus ullmhuigh thú féin; óir muirfidh an cloidheamh fa ccuáirt ad thimchioll.
15
Cred as ar sgúabadh do dhaóine neartmhara uait? níor sheasadar, do bhrígh gur dhíochuir an TIGHEARNA íad.
16
Thug sé air mhórán tuitiom, aseadh, do thuit aón ar a chéile: agus a dúbhradar, Eirgidh, agus déanam a rís chum ar ndaóine féin, agus go tír ar ndúthchuis, ó chloidheamh na dibhfheirge.
17
Déighmhiodar annsin, Ní bhfuil acht tormán ann Phárao rígh na Hégipte, do sháruigh sé a nuáir chinnte.
18
Mar mhairimsi, deir an rígh, darab ainm TIGHEARNA na slógh, Go deimhin mar atá Tabor a measg na sleibhtibh, agus Carmel láimh ris an bhfairge, is marsin thiucfas sé.
19
A inghean áitreabhus annsa Négipt, déan soithighe dhuit féin chum dul a mbraighdionas: óir biáidh Noph na fásach agus uáigneach gan áitreabhthach.
20
Is cosmhuil a Négipt ré colluid bhréaghdha, acht thig an taidhmhilleadh; thig sé ón ttuáisceart.
21
Atáid fós búannuighe iona meadhon amhuil láogha bíadhta; óir atáidsion fós ar na bhfilleadh ar a nais, agus do theithiodar a náoinfheachd: níor sheasadar, do bhrígh go ttáinic lá a naindesi orra, agus aimsir a ccúartuighthe.
22
Rachaidh a ghúth sin amach amhuil naithir nimhe; óir rachaid air a naghaídh ré slúagh, agus tiucfuid na hadhuígh lé túaghuidh, mar bhúanadha connaigh.
23
Gearrfuid síad síos a foraois, a deir an TIGHEARNA, má tá nach féidir a spíonadh; do bhrígh gur lía íad náid na dréolláin teasbhuidh, agus nach féidir a náireamh.
24
Náireochthar inghean na Hégipte; do bhéarthar a láimh mhuinntire an tuáisceirt í.
25
A deir TIGHEARNA na slogh Día Israel, Féuch, smaichteocha misi slúagh No, agus Pharao, agus a Négipt, maille le na ndéibh, agus ré na ríghthibh; eadhon Phárao, agus a nuile dhuine dhóthchusuighios ann:
26
Agus seachóda mé íad a láimh na druinge íarrus a mbás, agus a láimh Nebuchadressar rígh na Babilóine, agus a láimh a sheirbhíseach: agus na dhiáigh sin áitreochthar í, mar is na láethibh a nallód, a deir an TIGHEARNA.
27
¶ Acht ná heagluighse, ó mo sheirbhíseach Iácob, agus ná bí anbhfann, a Israel: óir, féuch, cuimhdeocha misi thú ó imchéin, agus do shliochd ó thír a ndaoirsine; agus fillfidh Iácob, agus biáidh sé a suáimhneas agus a socamhul, agus ní chuirfidh duine ar bith eagla air.
28
Ná bíodh eagla ort, a Iácob mo sheirbhíseach, a deir an TIGHEARNA: óir atáimsi maille riot; do dhéana mé críochnughadh iomlán do nuile chineadh chum ar theilg mé thú: acht ní cuirfidh mé deireadh iomlán leachdsa, acht smaichteocha mé thú a measardhacht; gidheadh ní fhúigfidh mé thú go hiomlán gan smachtughadh.
← Chapter 45
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 47 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52