bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 32
Jeremiah 32
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 33 →
1
An bhríathar tháinic go Ieremiah ón TTIGHEARNA annsa deachmhadh blíadhain do Shedeciah rígh Iúdah, noch ar bí an tochtmhadh blíadhain déag do Nebuchadressar.
2
Oír is annsin do shuigheadar slúagh rígh na Babilóine um Ierusalem: agus do híadhadh súas Ieremiah an fáidh a ccúirt an phríosúin, noch do bhí a ttigh rígh Iúdah.
3
Oír do íadh Sedeciah rígh Iúdah súas é, gha rádh, Cred as a ttairrghireann tú, agus a nabair tú, Is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, do bhéara mé an chathairsi a láimh rígh na Babilóine, agus géabhuidh sé í;
4
Agus ní rachuidh Sedeciah rígh Iúdah as láimh na Ccaldeánach, acht go deimhin bhéarthar a láimh rígh na Babilóine é, agus laibheoruidh sé ris béul air bhéul, agus do chífid a shúile a shúilesion;
5
Agus treórochuidh sé Sedeciah don Bhabilóin, agus biáidh annsin go ttí misi ar ccuáirt chuige, a deir an TIGHEARNA: má tá go ttroidfighe ris na Caldeánachaibh, ní bhéarthaói buáidh.
6
¶ Agus a dúbhairt Ieremiah, Tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa, gha rádh,
7
Féuch, tiucfuidh Hanámeel mac Sallum dearbhráthair hathar chugad, gha rádh, Ceannuidh dhuit féin mo mhachaire atá ann Anatot: óir is leacht ceart a fhúascailte do cheannach.
8
Marsin tháinic Hanameel mac dearbhrathar mo athar chugamsa a ccúirt an phríosúin do réir bhréithre an TIGHEARNA, agus a dúbhairt sé riom, Guidhim thú, ceannaigh mo mhachaire, noch atá ann Anatot, noch atá á ttír Bheniamin: óir is leachd ceart a oighreachta, agus is leachd a fhuascladh; ceannuigh dhuit féin é. Annsin daithin mé gur bí sin bríathar an TIGHEARNA.
9
Agus do cheannuigh mé an machaire ó Hanameel mac dearbhrathar mo athar noch do bhí ann Anatot, agus do thomhais mé an tairgiod chuige, eadhon seacht secel déag airgid.
10
Agus do scriobh mé sin a leabhar, agus do thomhais mé an tairgiod chuigesion annsa mheadh.
11
Marsin do ghlac mé scríbhinn na ceannuigheachda, ar na shéaladh do reir an dlighe agus an ghnátha, agus sgríbhinn oscailte:
12
Agus thug mé scríbhinn na ceannuigheachda do Bharuch mhac Neriah, mhic Maaseiah, a radharc Hanameel mac dearbhrathar mo athar, agus a lathair na bhtíaghan do scríobh a leabhar na ceannuigheachda, a lathair na Níuduigheadh uile do shuigh a ccúirt an phríosúin.
13
¶ Agus do chuir mé dfíachuibh ar Bharuch dá lathair sin, gha rádh,
14
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Glac na scríbhnesi, an scribhinnsi na ceannuidheachda, noch atá séuluighthe, agus an scríbhinnsi atá oscuilte; agus cuir a soitheach chriáidh íad, iondus go mairfid mórán do láethibh.
15
Oír is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Sealbhóchthar tighthe agus magha agus fíneamhna annsa tírso a rís.
16
¶ Anois a núair thug mé scríbhinn na ceannuigheachta do Bharuch mhac Neriah, do ghuidh mé an TIGHEARNA, gha rádh,
17
Ah a Thighearna DIA! féuch, do rinne tú neamh agus talamh le do chumhachtaibh móra agus le rígh sínte amach, agus ní bhfuil aoinní ro chruáidh dhuitsi:
18
Taisbéanuidh tú cinéul grádhach do mhíltibh, agus cúitighidh tú éigceart na naithreadh a nucht na cloinne na ndiáigh: an Día Mór Cumhachdach, TIGHEARNA na slógh, isé a ainm,
19
Mór a ccomhairle, agus cumhachtach a ngníomh, (óir atáid do shúile oscuilte ar uile shlighthibh mhac na ndaóine: do thabhairt do gach áonduine do réir a slightheach, agus do réir thoruidh a ngníomh:)
20
Noch do shuighidh comharthadha, agus ionganta a ccrích na Hégipte, gus a niugh, agus a Nisrael, agus a measc dhaóine oile; agus do rinne ainm dhuit féin, mar atá a niugh;
21
Agus thug amach do phobal Israel as crích na Hégipte lé comharthuibh, agus lé hiongantaibh, agus lé láimh láidir, agus le righ sínte amach, agus le húathbhás mór;
22
Agus thugais an fearannso dhóibh noch do mhionnuigh tú dá naithribh do thabhairt dóibh, fearann ag líonadh do bhainne agus do mhil;
23
Agus thangadar ann, agus do shealbhuigheadar é; achd níor úmhluigheadar dot ghúthsa, ní mó do shiubhluigheadar ann do dhligheadh; ní dhéarnadar aoinní do nuile ni dar aithin tú dhíobh do dhéanamh: uimesin thug tú fa deara an tolcsa uile do theacht orra:
24
Féuch thangadar na mótuidh, chum na caithreach dá gabháil; agus tugadh an chathair a láimh na Ccaldeánach, noch throideas na haghaidh, do bhrígh an chloidhimh, agus na gorta, agus na plágha: agus an ní a dúbhairt tú tháinic sé a gcrich; agus, féuch, do chidh tú é.
25
Agus a dúbhairt tú, riomsa a Thighearna DIA, Ceannuigh dhuit féin an fearann air airgiod, agus glac fíadhuin; óir tugadh an cathair a láimh na Ccaldeánach.
26
¶ Annsin tháinic bríathar an TIGHEARNA go Ieremiah, gha rádh,
27
Féuch, is misi an TIGHEARNA, Día na nuile fhéola: an bhfuil ní ar bith ro chruáidh orum?
28
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, do bhéara mé an chathairsi a láimh na Ccaldéanach, agus a láimh Nebuchadnessar rígh na Babilóine, agus géabhuidh sé í:
29
Agus tiucfuid na Caldéanuigh, throideas a naghaidh na caithreachso, agus cuirfid an chathairsi tré theine, agus loiscfid í maille ris na tíghthibh, ar a mullach ar ofráladar túis do Bhaal, agus ar dhóirteadar amach ofrála dighe do dhéibh oile, dom bhrostúghadhsa chum feirge.
30
Oír do rinne clann Israel agus clann Iúdah olc amháin ann mfiadhnuise ó na nóige: óir do bhrostuigheadar clann Israel amháin mé chum feirge lé hoibreachaibh a lámh, a deir an TIGHEARNA.
31
Oír do bhi an chathairsi dhamhsa na brostughadh feirge agus úathbháis on ló fa ndéarnadar í gus a niugh; chor go náthrochuinn í ó bheith ar maghaidh,
32
Dó bhrígh uile olc chloinne Israel agus chloinne Iúdah, do rinneadar dom bhrostughadhsa chum feirge, íad féin, a ríghthe, a bprionnsuidhe, a sagairt, agus a bhfáighe, agus fir Iúdah, agus áitreabhthacha Ierusalem.
33
Agus diompóigheadar a ccúl riomsa, agus ni hé a naghaidh: mátá gur theagaisc mé íad, ag éirghe go moch agus dá múnadh, gidheadh níor úmhluigheadar do ghabháil teagaisg.
34
Acht do chuireadar a ngráineamhlacht annsa tigh, noch goirthear am ainmsi, da thruáilleadh.
35
Agus do rinneadar áite árda Bhaal, noch atá a ngleann mhic Hinnom, do thabhairt air a macaibh, agus air a ningheanuibh dul thríd an tteine do Mholoch; noch nar aithin misi dhíobh, ní mó tháinic sé ann minntinn, go ndéanaidis an ghráineamhlachtso, tabhairt ar Iúdah peacughadh.
36
¶ Agus anois uimesin is marso a deir an TIGHEARNA, Día Israel, a ttaobh na caithreachso, ré a nabarthaóise, Go seachodthar í a láimh rígh na Babilóine leis an ccloidheamh, agus leis an ngorta, agus leis an bpláigh;
37
Féuch, cruinneocha mé íad amach as na huile thíortha, ann ar dhíbir mé íad ann mfeirg, agus ann mainteas, agus a ndioghaltas mór; agus do bhéara mé a rís don náitsi íad, agus do bhéara mé orra comhnuidhe go suáimhneach:
38
Agus béid síad na bpobal agamsa, agus biáidh misi am Dhía acasan:
39
Agus do bhéara mé áon chroidhe amháin dóibh, agus aóintslighe amháin, chor go mbía meaglasa orra go bráth, ar mhaithibh ríu, agus re na ccloinn na ndiáigh:
40
Agus do dhéana mé cunnradh síothbhúan ríu, nach iompocha mé úatha, do dhéanamh maitheasa dhóibh; acht cuirfe mé meagla iona ccroidhthibh, nach deileochnid síad riom.
41
Aseadh, gáirdeocha mé ós a ccionn do dhéanamh maitheasa dhóibh, agus pláinndeocha mé annsa dúthaigh íad go deimhin maille rém uile chroidhe agus rem uile anam.
42
Oír is marso a deir an TIGHEARNA, Amhuil mar thug mé an tolc mórso uile ar an bpobalso, marsin do bhéara mé orra a nuile mhaith dar gheall mé dhóibh.
43
Agus ceinneochthar machairidhe annsa tírse ré a nabartháoise, Atá sí uáigneach gan duine gan bheathach; tugadh a láimh na Ccaldéanach í.
44
Ceinneochuid daóine machaireadha ar airgiod, agus scriobhthuid leabhar, agus cuirfid séala, agus glacfuid fíadhna a ttír Bheniamin, agus ánnsna háitibh tímchioll Ierusalem, agus a ccaithreachaibh Iúdah, agus a ccaithreachaibh na slíabh, agus a ccaithreachaibh an ghleanna, agus a ccaithreachaibh an deisceirt: óir do bhéara misi air a mbraighdionus filleadh, a deir an TIGHEARNA.
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 33 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52