bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 50
Jeremiah 50
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 49
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 51 →
1
An bhríathar do labhair an TIGHEARNA a naghaídh na Babiloine, agus a naghaídh tíre na Ccaldéanach tré Ieremiah an fáidh.
2
Foillsighidhsi a measc na ngeinteadh, agus fúagruidh, agus cuiridh bratach súas; fúagruidh, agus ná ceilidh: abruidh, Do gabhadh an Bhabilóin, do claóidheadh Bel, do briseádh Merodach na blodhuibh; do milleadh a hiodhuil, do briseadh a hiomháighe na mblodhuibh.
3
Oír tiucfuidh cineadh amach na haghaídh as an ttuáisceart, noch dhéanas a tír na fásach, agus ní áitreobhuidh duine ar bith ann: áthrochuid síad, imeochuid, idir dhuine agus bheathach.
4
¶ Annsna láethibhsin, agus annsa nam sin, a deir an TIGHEARNA, tiucfaidh clann Israel, íad féin, agus clann Iúdah a naóinfheacht, ag imtheacht agus ag gul: imeochuid síad, agus íarrfuid an TIGHEARNA a Ndía féin.
5
Iarrfuid síad an tslighe go Sion maille re na naighthe don taoibh sin, ag rádh, Tigidh, agus ceanglam sinn féin don TIGHEARNA a cunnradh síothbhúan nach dearmodthar.
6
Bá caóiridh ar ndul a mugha mo phobalsa: do chuireadar a náodhaireadha ar séachrán íad, dfilleadar seachad íad ar na sléibhtibh: do chúadar ó shlíabh go cnoc, do dhearmadar áit a suáimhnis.
7
Duáidh a nuile dhuine dá rug orra íad: agus a dúbhradar a neasccáirde, Ní chiontuighemíd, do bhrígh gur pheacuigheadar a naghaídh an TIGHEARNA, áitreabh an cheirt, eadhon an TIGHEARNA, dóthchus a naithreadh.
8
Athruighidh amach as lár na Babilóine, agus éirghidhe amach as crích na Ccaldéanach, agus bíthi mar na gabhruibh firionna roimhe na tréaduibh.
9
¶ Oír, féuch, tóigfe misi súas agus do bhéara mé fa deara ar choimhthionól mhorán cineadhach teacht súas a naghaídh na Babilóin ón tír thuáigh: agus cuirfid íad féin a nórdughadh na haghuídh; béarthar as sin í béid a soighide amhuil budh ó dhuine ghasta neartmhar; ní fhillfidh ar bith go díomhaóin.
10
Agus biáidh Caldeá na créich: gach a ccreachfuigh í biáidh sáitheach, a deir an TIGHEARNA.
11
Do bhrígh go rabhabhair lúathgháireach, do chionn gur gáirdigheabhair, a chreachadóireadha moighreachtasa, do bhrígh go raibh sibh méith amhuil an cholpach ar an bhféur, agus ag géimnigh mar na tairbh;
12
Claóidhfighear bhur mathair go hiomarcach; biáidh an bhean rug sibh náireach: féuch, biáidh deireadh na ngeinteadh na bhfasach, na bhfearann thirim, agus na ndíothramh.
13
Ní biáidh sé áitreabhtha, do bhrígh feirge an TIGHEARNA, acht biáidh na fhásach go hiomlán: biáidh úamhan ar a nuile dhuine ghéabhus láimh ré Babilóin, agus sgigfid fa na huile phlághaibh.
14
Cuiridh sibh féin a nórdughadh a naghaídh na Babilóin timchioll fa ccuáirt: sibhse uile shíneas an bogha, caithidh ría, na coiglidh soighde, óir do pheacuigh sí a naghaídh an TIGHEARNA.
15
Eíghidh na haghaídh timchioll fa ccuáirt: thug sí a lámh: do thuiteadar a bunáite, do teilgeadh síos a balladha: óir isé sin díoghaltas an TIGHEARNA: déan dioghaltas uirre; déan ría, mar do rinne sí.
16
Géarr amach an síoladóir ón Bhabilóin, agus an té ghlacus an corrán a naimsir a nfoghmhair: deagla an chloidhimh mhilltigh fillfeadh gach uile dhuine chum a dhaoine, agus teithfidh gach uile dhuine dá dhúthaigh féin.
17
¶ Is cáoirígh spréidhte Israel; do dhíbreadar na leomhuin sechad é: ar ttús a dúaigh rígh na Hassíria é; agus fa dheireadh do bhris Nebuchadnessar rígh na Babilóine a chnámha.
18
Uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Féuch, smaichteocha misi rígh na Babilóine, agus a thir, mar do smachduigh mé rígh na Hassíria.
19
Agus do bhéara mé Israel a rís dá áitreabh, agus bíathfuidh sé ar Charmel agus ar Bhasán, agus biáidh a anam sáitheach ar shliabh Ephraim agus Ghilead.
20
Annsna láethibhsin, agus fa namsin, a deir an TIGHEARNA, loirgeorthar éigceart Israel, agus ní bhiaidh sé ann; agus peacuidhe Iúdah, agus ní biáid re fagháil: óir maithfidh misi don mhéid do choimhéad mé.
21
¶ Eírghidh súas a naghaídh thíre Merataim, agus a naghaídh áitreabhthach Pecod: fásaigh agus marbh go hiomlán na ndiáigh, a deir an TIGHEARNA, agus déan do réir a nuile ní dar aithin misi dhíot.
22
Atá torann catha annsa ttir, agus aidhmhilleadh mór.
23
Ciondus do gearradh ó cheile agus do briseadh órd buáilte na talmhan uile! agus ciondus tháinic Babilon chum bheith na fasách a measc na gcineadhach!
24
Do chuir misi paintéar fád chomhair, agus fós do gabhadh thú, a Bhabilón, agus ní raibh tú air do choimhéad: do fríth thú, agus fós do gabhadh thú, do bhrígh gur throid tú a naghaídh an TIGHEARNA.
25
Dfoscail an TIGHEARNA a airmthigh, agus thug sé amach airm a dhioghaltais: óir isi so obair an Tighearna DIA na slógh a ccrích na Caldéanach.
26
Tigidh na haghaídh ón ttéoruinn is faide amach, foscluidh a hionumhuis: teilgidh súas í amhuil cárn, agus scriosuidh thríd amach í, ná fágthar éainui dhi.
27
Marbhuidh a bulóga uile; tigidis síos uile chum a náir: a mhairg dhóibh! óir tháinic a lá, aimsir a ccuarta.
28
Gúth na droinge theithios agus rachus as ó chrích na Babilóine, dfoillsiughadh ann Sion dioghaltas an TIGHEARNA ar Ndia, dioghaltas a theampuill.
29
Goiridh a cceann a chéile na soighdeóirigh a naghaidh Bhabilón: sibhsi uile shíneas an bogha, suighidh na haghaídh timchioll fa ccuáirt; agus ná bíodh dul as aice: cúitigh ría do réir a sáothair; do réir a nuile neithe dá ndéarna sí, déanuidhsi ría: óir do bhí sí uáibhreach a naghaídh an TIGHEARNA, a naghaídh Aóin Náomhtha Israel.
30
Uimesin tuitfid a daóine óga annsna sráidibh, agus géarrfuighear amach a fir cogaidh uile san ló sin, a deir an TIGHEARNA.
31
Féuch, atáim ad aghaídh, as úaibh rígh, a deir an Tighearna DIA na slógh: óir tháinic do lá, aimsir do chúarta dhamhsa.
32
Agus tuislighfidh agus tuitfidh an tuáibhreach, agus ní thógfuidh duine ar bith súas é: agus lasfuidh mé teine iona ehaithreachaibh, agus lóisgfidh mé a nuile uí iona thimchioll fa ccuáirt.
33
¶ Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Do sáruigheadh clann Israel agus clann Iúdah a naóinfheachd: agus a nuile dar ghabh a láimh íad do chongmhadar íad go daingion; do dhíultadar léigean dóibh imtheacht.
34
Is láidir a Bhfúascaltóir; TIGHEARNA na slógh isé a ainm, taigeoruidh sé a ccúis thrid amach, lé a ttiubhra sé socamhal don tír, agus go mbuaidhrigh sé muinntir na Babilóine.
35
Atá cloidheamh ar na Caldéanachaibh, a deir an TIGHEARNA, agus air áitreabhthachaibh na Babilóine, agus air a prionnsadhuibh, agus air a daóinibh glioca.
36
Atá cloidheamh air na daóinibh bréagacha; agus éigcíallfuid: atá cloidheamh air a daoinibh cumhachtacha; agus biáidh úamhan orra.
37
Atá cloidheamh air a neachaibh, agus air a ccarbaduibh, agus air an bpobal cumuiscthe uile atá iona lár; agus béid amhuil mná: atá cloidheamh air a hionnmhusaibh; agus sladfuighear íad.
38
Agus atá tiormach air a huisgeadhuibh; agus tiormochthar súas íad: óir isí tír na níomháigheach ngreanta í, agus a táid ar buile ar a niodhaluibh.
39
Uimesin áitreobhuid beathuigh állta an díothraimh maille re ainmhinthibh állta na noiléan innte, agus áitreobhuid na hulchabhcáin ann: agus ní bhíaidh ní sa mhó ar suighiughadh go bráth; ní mó choimhneochthar innte ó ghinealach go ginnealach.
40
Amhuil do scrios Día Sodom agus Gomorrah agus a ccaithreacha comharsan, a deir an TIGHEARNA; marsin ní fhanfuidh duine ar bith annsin, ní mó choimhneochus mac duine ar bith ann.
41
Féuch, tiucfuid daóine ón ttuáisceart, agus cineadh mór, agus tóigfighear súas móran ríghthe ó imlibh na talmhan.
42
Glacfuid an bogha agus an gath: atáid síad fuilteach, agus ní thaisbeanfuid síad trócaire ar bíth: gáirfidh a ngúth cosmhuil ris an bhfairge, agus do dhéanuid marcuigheachd ar eachaibh, gach duine ar na chur a nórd, amhuil fir chum catha, ad aghaídhsi, a inghean na Babilóine.
43
Do chúaluidh rígh na Babilóine a ttuarusgbháil, agus dfásadar a lámha lag: rug doilghios gréim air, agus doighthe mar mhnaói re niodhnuibh.
44
Féuch, tiucfaidh sé a níos amhuil leomhan ó at Iórdan go háitreabh an neartmhair: acht do bhéara misi orra rioth go hobann uáithe: agus cía an duine toghtha, oirdeochus mé ós a cionn? óir cía is cosmhuil riom? agus cía chinnfios a naimsir dhamh? agus cía an tréaduighe sheasfas as mo choinne?
45
Ar a nadhbharsin éistighsi comhairle an TIGHEARNA, noch do ghlac sé a naghaídh na Babilóine; agus a thionnscanta do thionnscain sé a naghaídh dhúthaighe na Ccaldéanach: Go deimhin díbeoruidh an té is lugha do na tréaduibh amach íad: go dearbhtha do dhéana sé a náitreabh uáigneach maille ríu.
46
Lé torann gabhtha na Babiloine do chorruidh an talamh, agus do chlos an chomhairc a measc na ccineadhach.
← Chapter 49
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 51 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52