bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 36
Jeremiah 36
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 37 →
1
Agus tárla annsa cceathramhadh blíadhain do Iehoiacim mhac Iósiah rígh Iudah, go ttáinic an bhríatharso chum Ieremiah ón TTIGHEARNA, gha rádh,
2
Glac thusa rola leabhair, agus scríobh ann na huile bhriathra dar labhair misi riot a naghaidh Israel, agus a naghaidh Iúdah, agus a naghaidh na nuile chineadh, ón ló far labhair mé riot, ó laéthibh Iosiah, gus a niugh.
3
Féadfuidhe go ccluinfeadh tigh Iúdah a nuile olc dar thionscuin misi do dhéanamh dhóibh; chor go bhfillfidis gach uile dhuine ó na dhroichshlighe; chor go maithfinnsi a néigceart agus a bpeacadh.
4
An sin do ghoir Ieremiah Baruch mhac Neriah: agus do scríobh Baruch ó bhéul Ieremiah bríathra an TIGHEARNA uile, noch do labhair sé ris, a rola leabhair.
5
Agus dáithin Ieremiah do Bharuch, gha rádh, Atáimsi íadhta súas; ní fhéaduim dul go tigh an TIGHEARNA:
6
Ar a nadhbharsin imthigh thusa, agus léigh annsa rola, noch do scríobh tú om bhéulsa, bríathra an TIGHEARNA a cclúasaibh an phobail a ttigh an TIGHEARNA lá an troisgthe: agus mar an ccéadna léighfidh tú íad a cclúasaibh Iúdah uile noch thig amach as a ccaithreachaibh.
7
Do bféidir go ccuirfidís a ngearán a bhfíaghnuise an TIGHEARNA, agus go bhfillfeadh gach áon dhíobh ó na dhroichshlighe: óir is mór a nfearg agus an tainteas dfoillsigh an TIGHEARNA a nagháidh an phobailsi.
8
Agus do rinne Baruch mhac Neriah do réir a nuile ni dar aithin an fáigh Ieremiah dhé, ag léaghadh annsa leabhar bríathra an TIGHEARNA a ttigh an TIGHEARNA.
9
Agus tárla annsa chúigeadh blíadhain do Iehoiacim mhac Iosiah rígh Iúdah annsa náomhadh mí, gur fhúagradar trosgadh a bhfíaghnuise an TIGHEARNA don phóbal uile ann Ierúsalem, agus do nuile phobal tháinic ó chaithreachaibh Iúdah go Hierúsalem.
10
Annsin do léigh Baruch annsa leabhar bríathra Ieremiah a ttigh an TIGHEARNA, a seomra Ghemariah mhíc Saphan an scribhneóir, annsa chúirt dob áirde, ag dul a steach an gheata nuáidh thighe an TIGHEARNA, a cclúasaibh an phobail uile.
11
¶ A nuáir do chúaluidh Michaiah mhac Gemariah, mhic Saphan, amach as an leabhar bríathra an TIGHEARNA uile.
12
Annsin do chuáidh sé síos go tigh an rígh, go seomra an scríobhuidhe: agus, féuch, do shuigheadar na prionnsadha uile annsin, eadhon Elisama an scríobuidhe, agus Deláiah mac Semáiah, agus Elnathan mac Achbor, agus Gemariah mhac Saphan, agus Sedeciah mhac Hananiah, agus an prionnsadha uile.
13
Ann sin dfoillsigh Michaiah dhóibh na huile bhríathra dá ccúala sé, a nuáir do léigh Baruch an leabhar a cclúasaibh an phobail.
14
Uimesin do chuireadar na prionnsadha Iehúdi mhac Netaniah, mhic Selemiah, mhic Cusi go Baruch, ghá rádh, Glac ann do láimh an rola ionar léigh tú a cclúasaibh an phobail, agus tárr. Marsin do ghlac Báruch mhac Neriah an rola iona láimh, agus tháinic chuca.
15
Agus a dúbhradar ris, Suigh síos anois, agus léigh ionar cclúasaibhne é. Annsin do léigh Baruch iona ccluasaibh é.
16
Anois tárla, a nuáir do chúaladar na bríathra uile, do bhí eagla air gach fear ré chéile, agus a dubhradar ré Báruch, Go deimhín inneosuimne na bríathraso uile don rígh.
17
Agus dfíafruigheadar do Bharuch, gha rádh, Innis dúinn anois, Ciondus do scríobh tú ná bríathraso uile as a bhéul?
18
Annsin do fhreagair Baruch íad, Do labhair sé na bríathraso uile riom ré na bhéul, agus do scríobh misi lé dúbh íad ann a leabhar.
19
Annsin a dúbhradar na prionnsadha ré Baruch, Imthigh, foluigh thú féin, thusa agus Ieremiah; agus ná bíodh a fhios aig áoinneach cáit a mbeithí.
20
¶ Agus do chuádar a steach gus an rígh annsa chúirt, acht do chuireadar an rola a ttaiscidh a seomra Elísama an scríobhuidhe, agus dinnsiodar na bríathra uile a cclúasaibh an rígh.
21
Annsin do chuir an rígh Iehudi do thabhairt an rola leis: agus thug sé leis é ó sheómra Elisáma an scriobuidhe. Agus do léigh Iehúdi a cclúasaibh an rígh é, agus a cclúasaibh na bprionnsadh uile noch do sheas láimh ris an rígh.
22
Anois do shuígh an rígh annsa tigh geimhridh annsa náomhadh mí: agus do bhí teine air an tteallach ar lasadh na fhiadhnuise.
23
Agus tárla, an tan do léigh Iehúdi a trí nó a ceathair do dhuilleógaibh, gur gheár sé é leis an scín phinn, agus do theilg sé annsa teine do bhí air a nurlár é, nó gur loisgeadh an rola uile annsá teine do bhí air an tteallach.
24
Thairis sin ní raibh eagla orra, níor bhríseadar a néaduighe, an rígh, nó áonduine dá mhuinntir dá ccúala na bríathraso.
25
Gidheadh do rinne Elnatan agus Delaiah agus Gemariah eadarghuidhe chum an rígh go nach lóisgfeadh sé an rola: acht níor éist sé riú.
26
Acht daithin an rígh do Ierahmeel mhac Hammelech, agus Seraiah mhac Asriel, agus Selemiah mhac Abdiel, Báruch an scríobhuidhe do ghabháil agus an fáigh Ieremiah: acht dfoluigh an TIGHEARNA íad.
27
¶ Annsin tháinic bríathar an TIGHEARNA go Ieremiah, (tar éis an rígh do losgadh an rola, agus na bríathra do scríobh Báruch as béul Ieremiah,) gha rádh,
28
Glac chugad a rís rola oile, agus scríobh ann na huile fhocal chéadna do bhí annsa chéad rola, noch do loisc Iehoiacim rígh Iúdah.
29
Agus a déara tú ré Iehoiacim rígh Iúdah, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do loisc tú an rola so, gha rádh, Cred as ar scríobh tú ann, gha rádh, Tiucfuidh rígh na Babilóine go deimhin agus sgriosfuidh sé an tírsi, agus do bhéara sé fa deara ar an nduine agus ar an bheathach díobhaghadh innte?
30
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA a ttáobh Iehoiacim rígh Iúdah; Ní bhiaidh duine ar bith aige do suighe ar chathaóir ríogha Dháibhi: agus tilgfíghear a chorp marbh amach chum an teasbhuidh san ló, agus chum an tseaca san noidhche.
31
Agus smachdeocha misi é féin agus a shíl agus a sherbhiseach ar son a néigceirt; agus do bhéara mé orra, agus air aitreabhthachaibh Ierusalem, agus air mhuinntir Iúdah, a nuile olc dár fhúagair mé na naghaídh; acht níor éisteadarsion.
32
¶ Annsin do ghlac Ieremiah rola oile, agus thug é do Bharuch mhac Nériah, an scriobuidhe; noch do scríobh annsin as béul Ieremiah uile bhríathra an leabhair noch do loisg Iehoiacim rígh Iúdah annsa teine: agus do chuireadh na gcionn mórán dá leitheid do bhríathruibh.
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 37 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52