bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 9
Jeremiah 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 10 →
1
Oh, nach uisgeadha mo cheann, agus nach tobar déur mo shúile, chor go nguilfinn do ló agus doídhche ar son marbh inghine mo dhaóine!
2
Oh nach bhfuil agum annsa bhfásach ionad cómhnuidhe lucht turuis; chor go bhfúigfinn mo dhaoine, agus go nimeochuinn úatha! óir is adhaltrannuigh íad uile, agus oireachdas daóine meabhlach.
3
Agus cláonuid síad a tteanga amhuil a mbógha chum bréag: acht ní bhfuílid síad cródha ar son na fírinne ar an talamh; óir tíaghaid ar a naghaidh ó ólc go holc, agus ní feas dóibh misi, a deir an TIGHEARNA.
4
Tugaidhse aire gach áon aguibh dá chomharsoin, agus ná táobhuidh re háoindearbhraithir ar bith: óir meallfuidh gach uile dhearbhrathair, agus siúbholuidh gach áonchomharsa lé scannlachaibh.
5
Agus meallfuid síad gach áon aca a chomharsa, agus ní laibheoruid a nfírinne: do mhúineadar dá tteangaidh bréaga do rádh, agus do choiriodar íad féin lé déanamh égceirt.
6
Atá háitreabh a lár na ceilge; díultuid misi daithniughadh tré mhealladh, a deir an TIGHEARNA.
7
Uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Féuch, leagfa mé íad, agus dearbhocha mé íad; óir cred dhéanas mé ar son inghine mo dhaóine?
8
Atá a tteanga amhuil soighead caite amach; a deir sí cluáin: labhruidh duine go síothchánta ré na chomharsoin lé na bhéul, acht iona chroidhe cuiridh sé luidheachán air.
9
¶ Nach ccuáirteocha misi íad uime so? a deir an TIGHEARNA: nach biáidh manam cúiteach ré na leithéid so do chineadh?
10
Ar na sléibhtibh tóigfiod súas golgháir agus gúbha, agus ar son áitreabhthacha a nfásuigh caóineadh, do bhrígh go bhfuilid loisge, iondus nach féidir dáon gabháil thársa, agus nach ccluinid gúth na háirnéisi; do theith araon éunlaith a naiéir agus an beathach; atáid ar nimtheacht.
11
Agus do dhéana mé Ierusalem na cárnuibh, agus na húamhuigh dhragún; agus do dhéana mé caithreacha Iúdah uáigneach, gan áitreabhthach.
12
¶ Cía hé an duine críonna, do thuigfiodh so? agus re ar labhair béul an TIGHEARNA, chor go bhfoillseochadh é, cred ar son a milltear an tír agus a loiscthear í amhuil fásach, nach bhféadann neach gabháil thríd?
13
Agus a deir an TIGHEARNA, Do bhrígh gur thréigiodar mo dhligheadh noch do chuir mé as a ccoinne, agus nar úmhluigheadar dom ghúth, agus nach ar shiúbhluigheadar ann;
14
Acht gur shiubhluigheadar do réir smuáintighthe a ccroidhe féin, agus a ndiáigh Bhaalim, noch do mhúin a naithre dhóibh:
15
Uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Féuch, biathfa mé íad, eadhon an pobalso, le mormónta, agus do bhéara mé uisge domblais dhóibh ré a ól.
16
Sreathnocha mé íad mar an ceéadna a measc na ngeinteadh, noch nar bhfeas dóibh féin ná dá naithribh: agus cuirfidh mé cloidheamh na ndiáigh, nó go scriosfa mé íad.
17
¶ Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Measuidh, agus goiridh ar mhnáibh caóinte, chor go ttiucfuid síad; agus cuiridh fios ar mhnáibh éolacha, chor go ttiucfuid siad:
18
Agus déindís deithnios, agus tógaidís caóineádh súas dúinn, go silid ar súile síos lé déoruibh, agus go lingid forrdhubha ar súl amach lé huisgeadhuibh.
19
Oír do chlos gúth caóinte amach as Sion, Ciondus atámaoid sladtha! atámaoid air ar ndíothughadh go mór, do bhrígh gur thréigeamar an tír, do bhrígh gur theilgeadar ar náite amach sinn.
20
Gidheadh éistigh re gúth an TIGHEARNA, sibhsi a mhná, agus glacadh bhur cclúas focal a bhéil, agus múinigh cáoineadh dá bhur ningheanuibh, agus gach áon dá chomharsoin núallghúbha.
21
Oír tháinic an bás súas chum ar bhfuinnéog, agus do chuáidh sé a steach ann ar bpálásuibh, do ghearradh na cloinne amach ón tsráid, agus na ndaóine óg ó na sráidibh.
22
Labhair, Is marso a deir an TIGHEARNA, Eadhon tuitfid cuirp na ndaóine amhuil aóileach ar aghaidh an mhachaire, agus mar an ndornán a ndiáigh an bhúannighe, agus ní crúinneochuidh áon íad.
23
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná deanadh an duine glic glóir as a ghliocus féin, agus ná glóruigheadh an duine láidir as a chumhachduibh, ná glóruigheadh an duine saidhbhir as a shaidhbhrios:
24
Acht an tí do dhéanas glóir, glóruigheadh annso, go ttuigionn sé agus go naithnighionn sé misi, gur mé an TIGHEARNA chleachtas cinéul grádhach, breitheamhnus, agus fíréantachd, annsa talamh: óir is annsna neithibhsi dhúilighim a deir an TIGHEARNA.
25
¶ Féuch, tiucfuid na láethe, a deir an TIGHEARNA, iona smaichteocha misi a nuile thimchillghéarrtha maille ris an neimhthimchillghéarrtha;
26
Egipt, agus Iúdah, agus Edom, clann Ammon, agus Móab, agus a núile dhúine da bhfuil annsna brúachuibh imchíana, áitreabhas annsa bhfásach: óir atáid na cineadhacha uile neimhthimchillghéarrtha, agus tigh Israel uile gan tímchillghearradh annsa ccroidhe.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52