bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 51
Jeremiah 51
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 50
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 52 →
1
Is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, tóigfe mé súas a naghaídh Bhabilón, agus a naghaídh an luchta áitreabhus iona lár, noch éirghios súas am aghaídh, gáoth aidhmhillteach;
2
Agus cuirfidh mé lucht cáithte don Bhabilóin, noch cháithfios í, agus fhoilmheochus a dúthaidh: óir a ló na buáidheartha béid síad na timchioll fa ccuáirt.
3
A naghaídh an té chromas feacadh an soighdeóir a bhogha, agus a naghaídh an té thógbhus é féin súas ann a uchtéideadh: agus ná coiglighidh a daóine óga; marbhuidh thríd a mach a slúagh uile.
4
Marso tuitfid an mairbh a ccrích na Ccaldéanach, agus an drong sháithfighear tríotha iona sráidibh.
5
Oír níor tréigeadh Israel, ná Iúdah ó na Ndía, ó a THIGHEARNA na slógh; bíodh gur líonadh a ndúthaidh do pheacadh a naghaidh Aóin Náomhtha Israel.
6
Teithidh amach as lár na Babilóine, agus sáoradh a nuile dhuine a anam: ná géarrthar amach sibh ann a hégceart; óir isí anois uáir dhioghaltais an TIGHEARNA; cúiteocha sé luáigheachd le.
7
Do bhí an Bhabilóin na cupán órdha a láimh an TIGHEARNA, do rinne an talamh uile ar meisce: diobhadhar na geinte dá fíon; uimesin atáid na geinte ar buile.
8
Do thuit an Bhabilóin go hobann agus do milleadh í: núalluigh ar a son; glacaidh íce ar a heasláinte, madh féidir mar sin a leighios.
9
Do leigheosamaóis an Bhabilóin, acht ní bhfuil sí leigheasta: tréigidh í, agus éirghiom gach uile dhuine aguinn dá thír féin: óir roithchidh a breitheamhnus go neamh, agus do tógbhadh súas é gus na spéirigh.
10
Thug an TIGHEARNA ar bhfíréantachdne amach: tigidh, agus foillsighiom ann Sion obair an TIGHEARNA ar Ndia.
11
Déanuidh na soighde loinnreach; cruianigbidh na scíatha: do thóig an TIGHEARNA spiorad rígh na Médianach: óir is a naghaidh na Babilóine atá a thríall dá milleadh; do bhrígh gur bé dioghaltas an TIGHEARNA é, dioghaltas a theampuill.
12
Cuiridh súas an bhratach ar bhalladhuibh na Babilóine, neartuighidh a nfaire, cuiridh súas an fear faire, gléusuidh na luidheacháin: óir do thríall an TIGHEARNA ar áon agus do rinne án ní sin do labhair sé a naghaídh áitreabhthach na Bábilóine.
13
O thusa áitreabhus ar mhórán uisgeadh, saidhbhir a nionnmhusaibh, tháinic do chríoch, agus miosúr do shainte.
14
Do mhionnuigh TIGHEARNA na slógh tre na anam féin, ag rádh, Go deimhin líonfa mé thú lé daóinibh, mar budh lé catirpiléuruibh, agus tógfuid síad gáir súas ad aghaídhsi.
15
Do rinne sé an talamh lé na chumhacht, do dhaingnigh sé an domhan lé na ghliocus, agus do shín sé amach na flaithis le na thuicsin.
16
An tan léigios sé amach a ghúth, bíd iomad uisceadh annsna neamhuibh; agus do bheir sé ar na deathuighibh dul súas ó imlibh na talmhan: do ní sé tinnteach maille re fearthuinn, agus do bheir sé amach a gháotha as a stórúsaibh.
17
Atá gach uile dhuine brúideamhuil le na éolus; atá gach uile fhear ceirde millte lé híomhaigh ghreanta: óir is neimhfhirinne a íomháighe leaghtha, agus ní bhfuil anál ar bioth ionta.
18
Is díomhaóineas íad, obair sheachráin: dioghbháighfid a naimsir a ccúarta.
19
Ní cosmhuil roinn Iácob ríu; óir isé sin cumadóir a nuile neithe: agus sé Israel slat a oighreachta: sé TIGHEARNA na slógh a ainm.
20
Is tú mo thúadh chatha agus mo arm cogaidh: óir is maille riotsa bhreisfeas me na ceineadhach, agus is maille riot mhillfios mé rioghachta;
21
Agus is maille riot bhrisfios mé na mblodhuibh an teach agus a mharcach; agus is maille riot bhrisfeas mé na mblodhuíbh an carbad agus a mharcach;
22
Is maille riot fós bhrísfios mé na mblodhuibh fear agus bean; agus is maille riot bhrisfios mé na mblodhuibh sean agus óg; agus is maille riot bhrisfios mé na gcotchaibh an tógánach agus an cailín;
23
Brisfidh mé marsin maille riot an táodhaire agus a thréud; agus is maille riot bhrisfios mé an fear tighe, agus an chúpla damh; agus is maille riot bhrisfios mé na ccodchaibh caiptínighe agus úachtaráin.
24
Agus cúiteocha mé ris an Mbabilóin agus ré uile áitreabhthachaibh na Caldea a nuile olc dá ndeárnadar ann Sion ad radharcsa, a deir an TIGHEARNA.
25
Féuch, atáim ad aghaídh, a shléibh mhilltigh, a deir an TIGHEARNA, noch aidhmhillios an talamh uile: agus sínfe mé mo lámh amach ort, agus iomainfidh mé a núas thú as na cairgibh, agus do dhéana mé ad shlíabh loisge thú.
26
Agus ni ghlacfuid síad dhíot cloch mar chuáinne, nó cloch mar dhurthach; acht biáidh tú uáigneach go bráth, a deir an TIGHEARNA.
27
Cuiridhsi bratach súas annsa tír, séidigh an stoc a measc na ccineadhach, ullmhuighidh na críocha na haghaídh, goiridh a ccionn a chéile na haghaídh rioghachta Ararat, Minni, agus Aschénas; órduighidh caiptín na haghaídh; tugaidh aír a heachaibh theacht súas amhuil catirpilearuibh garbha.
28
Gléasuidh na hadhuigh na geinte maille re ríghthibh na Média, agus a caiptíne, agus a húachdaráin uile, agus tíortha a tighearnuis uile.
29
Agus criothnochuidh agus caóidhfidh an tír uile: óir coimhlíonfuighear uile thionnscnamh an TIGHEARNA a nadhuígh na Babilóine, do dhéanamh crích na Babilóine na fásach gan áitreabhthach.
30
Do léigiodar daoine árrachta na Babilóine dhíobh troid, dfanadar iona ndaingneachaibh: dfaillidh a neart; atáid amhuil mná: do loisgeadar a háite comhnuídhe; do briseadh a barradha.
31
Riothfuidh posta do theagmháil re ar oile, agus teachtaire do theagmhail ré ar oile, dá fhoillsiughadh do rígh na Babilóine gur gabhadh an chathair fá dheireadh,
32
Agus go bhfuilid na slighthe ar na ndrud, agus gur loisgeadh an ghiolcach le teine, agus go bhfuilid na fir chogaidh imeaglach.
33
Oír is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Is cosmhuil inghean na Babilóine ré hurlár buáilte, is mithid a búaladh: gidheadh tamall beag, agus tiucfaidh aimsir a foghmhair.
34
A dúaidh Nebuchadressar rígh na Babilóine misi, do bhrúighidh sé mé, do rinne sé soitheach folamh dhíom, do shluig sé súas mé amhuil dragún, do lion sé a bholg dom neithibh sóbhlasta, do theilg sé amach mé.
35
Biodh an foiréigion do rinneadh orumsa agus ar mfeóil, air an Mbabilóin, a déaraidh áitreabhach Shion; agus mfuilsi ar mhuinntir Chaldeá, a déaraidh Ierusalem.
36
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, taigeora misi do chúis, agus do dhéana mé dioghaltas ar do shon; agus tiormocha mé súas a fairge, agus do dhéana mé a fíoruisgeadha tirim.
37
Agus biáidh an Bhabilóin na cárnuibh, na háit chomhnuidhe do dhragúnaibh, agus na húathbhás, agus na sgige, gan áitreabhach.
38
Núallfuid lé cheile do nós leomhan: crionchonfuid amhuil coiléin leomhain.
39
Iona tteas do dhéana misi a bhféusta, agus cuirfe mé ar meisce íad, chor go ngáirdeochuid, agus go ccoideoluid codladh síothbhúan, agus nach múisgeoluid síad, a deir an TIGHEARNA.
40
Do bhéara mé a núas íad amhuil uáin chum a marbhtha, cosmhuil ré reithidhibh maille re pocaibh.
41
Ciondus do gabhadh Sesach! agus ciondus do hionnradh moladh na talmhan uile! ciondus do bhí an Bhabilón ná húathbhás a measc na ccineadhach!
42
Tháinic a nfairge a níos ar Bhabilón: do foluigheadh í lé biomad a tonna.
43
Atáid a caithreacha na bhfasach, na bhfearann thirim, agus na ndíothramh, fearann ann nach ccomhnuighionn duine ar bith, ní mó ghabhus mac duine ar bith láimh ris.
44
Agus smaichteocha misi Bel annsa Bhabílóin, agus do bhéara mé amach as a bhéul an ní shluig sé súas: agus ní líonfuid na cineadhacha a ccionn a chéile chuige ní sa mhó: a seadh, tuitfidh fós balla na Babilóine.
45
Mo phobal, éirghidh amach as a lár, agus sáoradh gach nduine agaibh a anam féin ó fheirg dhíscir an TIGHEARNA.
46
Deagla go laigeochadh bhur ccroidhe, agus go neaglochadh sibh leis an sgéul do chluinfidhe annsa tír; tiucfa iomrádh a mblíadhuin, agus na dhiáighsin a mblíadhuin oile tiucfa iomrádh, agus foiréigion annsa tír, úachtarán a naghaidh úachdaráin.
47
Uimesin, féuch, tiucfaid na láethe, go ndéana misi breitheamhnas ar íomháighibh greanta na Babilóine: agus scriosfuighear a dúthaigh uile, agus tuitfid a mairbh uile iona lár.
48
Annsin gáirdeochuidh neamh agus talamh, agus a nuile ní dá bhfuil ionnta ar son na Babilóine: óir tiucfuid na creachadóiridh chuice ón tuáisceart, a deir an TIGHEARNA.
49
Mar thug Babilon ar mharbhuibh Israel tuitim, marsin tuitfid san Bhabilóin uile mhairbh na talmhan.
50
Imthighidh romhuibh, sibhse do chuáidh as ón ccloidheamh, ná fanuidh bhur seasamh: cuimhnighidh an TIGHEARNA a nimchéin, agus tigeadh Ierusalem ann bhur ninntinn.
51
Do náirigheadh sinn, do bhrígh go ccúalamar scannail: dfoluigh náire ar náighthe: óir thangadar coimhthighidh go sanctóra thighe an TIGHEARNA.
52
Uimesin, féuch, tiucfuid na láethe, a deir an TIGHEARNA, go ndéana misi breitheamhnus air a hiomháighibh greanta, agus úchbhadhfúidh an créachtach ar feadh a dúthaidhe uile.
53
Dá mbeith go ndéireochadh an Bhábilon súas go neamh, agus dá mbeith go neartochadh sí mullach a neirt, thairis sin tiucfuidh creachadóiridh uáimsi na cionn, a deir an TIGHEARNA.
54
Thig fuáim éighmhe ón Bhabilóin, agus dioghbháil mhór ó thír na Ccaldeánach.
55
Do bhrígh gur chreach an TIGHEARNA an Bhabiloin, agus gur scrios aiste amach an gúth mór; an tan bhéicid a tonna amhuil uisceadha móra, foillsighear fuáim a ngotha:
56
Do bhrígh go ttáinic an creachadóir uirre, eadhon ar Bhabilón, agus gur do ghabhadh a daoine cumhachdacha, do briseadh a mboghadh uile: oir go deimhin ccúiteochuidh an TIGHEARNA Día na luáigheachtadh.
57
Agus cuirfe mé a prionnsadha ar meisce, agus a daoine críonna, a caiptíne, agus a huachtaráin, agus a daoine cumhachdacha: agus coideoluid codladh siorruidhe, agus ní mhuisceoluid, a deir an rígh, darab ainm TIGHEARNA na slógh.
58
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Brisfíghear thríd amach balladha leathna na Babilóine, agus loisgfíghear lé teine a geatadha árda; agus saóithreochuid na daóine go diomhaóin, agus na cineadhacha san teine, agus béid coirthe.
59
¶ An bhríathar daithin Ieremiah an fáidh do Sheraiah mhac Neriah, mhic Maaseiah, an tan do chuáidh sé le Sedeciah rígh Iúdah don Bhabilóin annsa cceathramhadh bliadhain dá ríghe. Agus do budh prionnsa ceannsuigh an Seraiahsa.
60
Marsin do scríobh Ieremiah a leabhar a nuile olc da ttiucfadh air an Mbabilón, eadhon na huile bhríathraso atá scríobhtha a naghaidh na Babilóine.
61
Agus a dubhairt Ieremiah re Seraiah, An tan thiucfas tú don Bhabilóin, agus chidhfios tú, agus léighfios tú na bríathraso uile;
62
Annsin a déara tú, A THIGHEARNA, do labhair tú a naghaidh na haitesi, dá gearradh amach, iondus noch bhfanfadh áon innte, do dhuine nó do bheathach, acht go mbía sí na fásach go bráth.
63
Agus is amhluidh bhías, a nuáir chríochnochus tú an leabharso do léaghadh, go cceingeola tú cloch dhe, agus go tteilgfe tú a lár Euphrátes é:
64
Agus a déara tú, Is marso rachus an Bhabilóin a níochtar, agus ní éireocha sí ó nolc do bhéara misi uirre: agus béid siad coirthe. An chomhfhadsa atáid bríathra Ieremiah.
← Chapter 50
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 52 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52