bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 5
Jeremiah 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 6 →
1
Riothuidhsi síos agus súas ar feadh shráideadh Ierusalem, agus féuchuidh anois, agus bíodh a fhios agaibh, agus íarruidh iona háitibh fairsionga, an bhfuighthí duine, an bhfuil neach do ní breitheamhnus, íarrus a nfírinne; agus do bhéara misi maitheamhnus ann.
2
Agus mátá go nabruid síad, Mairidh an TIGHEARNA; go deimhin mionnuighid síad go bréagach.
3
O a THIGHEARNA, nach bhfúilid do shúile air an bhfírinne? do bhuáil tú íad, acht ní raibh doilghios orra; do dhíobháidh tú íad, acht do dhíultadar smachd dó ghlacadh: do rinneadar a naighthe ní as cruáidhe ná carruic; do dhíultadar filleadh.
4
Uimesin a dúbhairt mé, Go deimhin atáid so bocht; atáid síad leamh: óir ní bhfuil fios sligheadh an TIGHEARNA aca, nó bréitheamhnus a Ndé.
5
Racha mé go nuige na daóinibh móra, agus laibheora mé ríu; óir atá fios sligheadh an TIGHEARNA aca, agus breitheamhnus a Ndé: acht do bhrisiodar so go hiomlán an chuing, agus do réubadar na cuibhreacha.
6
Uimesin muirfidh leomhan as an bhforaóis íad, agus millfidh madradh alla an díothraimh íad, do dhéana liopard faire ós cionn a ccaithreach: réubfar na bhlodhuibh a nuile dhuine rachus amach as sin: do bhrígh gurab iomdha a ccionta, agus gur lionmhar a ndul ar ais.
7
¶ Ciondus mhaithfios mé so dhuit? do thréig do chlann mé, agus do mhionnuigheadar san ndroing nach bhfuil na ndeibh: a nuáir do líon mé íad le bíadh, annsin do rinneadar adhaltrannas, agus do chruinnigheadar íad féin iona ndrongaibh go tighthibh na meirdreach.
8
Do bhádar mar eachaibh bíadhta air maidin: gach áonduine ag setrigh a ndiáigh mná a chomharsan.
9
Nach bhféuchfa misi ar son na neitheannso? a deir an TIGHEARNA: agus nach ccúiteochuidh manam ar a leithéid so do chineadh?
10
¶ Imthighidh súas ar a balladhuibh, agus scriosuidh; acht ná déanuidh criochnughadh iomlán: beanaidh a báirrdeabhtha dhi; óir ní leis an TTIGHEARNA íad.
11
Oír do rinne tigh Israel agus tigh Iúdah go ro mheabhlach am aghuidhsi, deir an TIGHEARNA.
12
Do chuireadar bréag ar an TTIGHEARNA, agus a dubhradar, Ní hé atá ann; ní mó thiucfas olc chugainn; ní mó chífiom cloidheamh nó gorta:
13
Agus tiucfuid na fáighe chum bheith na ngáoith, agus ní bhfuil an bhriathar ionta: is marso do dhéantar ríu.
14
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA na slógh, Do bhrigh go labharthaói an focalso, féuch, do dhéana misi mfocal ann do bhéul na theine, agus an pobalso na cconnadh, agus loisgfidh sé íad.
15
¶ Féuchuidh, do bhéara mé cineadh oruibh a himchéin, a thigh Israel, a deir an TIGHEARNA: is cineadh cumhachdach é, is cineadh seannda é, cineadh nach aithnid dhuitsi a ghlór, ní mó thuigios tú cred a deirid síad.
16
Atá a mbolgán soighead amhuil uáigh oscuilte, is daóine curata íad uile.
17
Agus íosfuid síad súas thfóghmhar, agus harán, noch díosaidís do mhic agus hingheana: íosfuid síad súas do thréada agus hairgheacha: iosfuid síad súas thfíneamhna agus do chrainn fígeadh: boichtecchuid síad leis an ccloidheamh do chaithreacha daingne, iona bhfuil do dhóthchus.
18
Thairis sin annsna láethibhsin, a deir an TIGHEARNA, ní dhéana mé críochnughadh iomlán ribh.
19
Agus tiucfa a ccrích, an tan a naibeorthaói, Cred fá ndéan an TIGHEARNA ar Ndía na neithesi rinn? ann sin freigeora tú íad; Amhuil mar do thréigeabhairsi misi, agus do fhoghuabhair do dhéeibh coimhightheacha ann bhur ttalamh, is marsin fhoigheontaoi do choimhthigheachuibh a ndúthuigh nach libh féin.
20
¶ Foillsigh so a ttigh Iácob, agus fúagair so ann Iúdah, dha rádh,
21
Eístigh so anois, a phohal amadánach, agus gan tuigsi; agá bhfuilid súile, agus nach bhfaicionn; agá bhfuilid clúasa, agus nach ccluinn:
22
Nach bhfuil eagla oruibh romhamsa? a deir an TIGHEARNA: nach ccriothnochuidhe am lathairsi, noch do áitreibh an gaineamh mar théoruinn do nfairge maille ré hórdughadh síothbhúan, nach féidir lé dhul thairis: agus mátá go tiomáinfid a tonna íad féin, gidheadh ní bhéaruid buáidh; mátá go ttonngháirfid, acht cheana ní rachuid thairis?
23
Acht atá croidhe diombúan easúmhal aig na daóinibhsi; do iompoigheadar agus do imthigheadar.
24
Ní mó a deirid síad iona ccroidhe, Biodh anois eagla an Tighearna DIA oruinn, noch do bheir fearthuinn, fa thús agus fa dheireadh iona ham féin: coimhéaduigh sé dhúinne seachdmhuine cinnte a nfóghmhair.
25
Dfilleadar bhur ccionta féin na neithesi uáibh, agus do chongmhadar bhur bpeacuidhe neithe maithe uáibh.
26
Oír do gheabhthar a measg mo phobail drochdhaóine: cuirid luidheach án, amhuil an té chuirios lionta; cuirid dul, gabhuid síad daóine.
27
Amhuil bhíos clíabhán lán déunuibh, is mar sin bhíos a ttighthe lán do cheilg: uimesin dfasadar mór, agus atáid síad saidhbhir.
28
Dfásadar méith, agus déallruighid: fós, sáruighid síad gníomha na ndrochdhaoine: ní bhreathnuighid síad an chúis, cúis an dílleachda, gidheadh tigid ar a naghaidh; agus ní bhreathnuighid cóir a neasbhuidhigh.
29
Nach ccuairteocha misi ar son na neitheannsa? a deir an TIGHEARNA: nach bia manam dioghaltach ar a leithéid so do chineadh?
30
Do rinneadh ní iongantach adhfhúathmhar annsa ttír;
31
Tairghirid na fáighe go bréagach, agus riaghluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem phobalsa a fhagháil marsin: agus cred do dhéantaoisi ré deireadh na cúise sin?
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52