bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 4
Jeremiah 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 5 →
1
Ma fhilleann tú, a Israel, a deir an TIGHEARNA, fill chugamsa: agus má chuireann tú do ghráineamhlachd uait as mo radharcsa, annsin ní choirreocha tú.
2
Agus mionnocha tú, Mairidh an TIGHEARNA, a bhfírinne, a mbreitheamhnus, agus a bhfíreantachd; agus beinneochuid na geinte íad féin annsan, agus is ann bhías a nglóir.
3
¶ Oír is marso a deir an TIGHEARNA ré fearuibh Iúdah agus Ierusalem, Brisigh súas bhur bhfearann branair, agus ná siolchuiridh a measg dhosan.
4
Timchillghearruidh sibh féin don TIGHEARNA, agus beanaidh dhíbh croicionn tosuigh bhur ccroidhe, sibhsi a fheara Iúdah agus a áitreabhthacha Ierusalem: deagla go ttiucfadh mo dhibhfheargsa amach amhuil teine, agus go loisgfeadh iondus nach bhféadfaidh éinneach a múchadh, do bhrígh uilc bhur ngníomhsa.
5
Foillsighidh sibhsi ann Iúdah, agus súagradh ann Ierusalem; agus abruidh, Séidighsi an stoc annsa dúthaigh: fúagraidh, cruinniughadh a ccionn a chéile, agus abruidh, Cruinnighidh sibh féin, agus teanam annsna caithreachaibh daingne.
6
Cuiridh bhur mbratacha súas leath ré Sion: fillidh ar bhur nais, ná fuiridhe: óir do bhéara misi olc ón tuáisciort, agus aidhmhilleadh mór.
7
Tháinic an leomhan a níos as a dhoire, agus atá sgriostóir na ccineadhach ar a shlighe; dimthigh sé ó na ionad chum thfearan do dheanamh úaigneach; agus leagfuidhear do chaithreacha na bhfásách, gan áitreabhach.
8
Uime so criosluighidh sibh féin le saicéadach, caóidhigh agus núalluighidh: óir níor hiompoigheadh fearg bhorb an TIGHEARNA uáinn ar a hais.
9
Agus tiucfa a ccrích annsa lósin, a deir an TIGHEARNA, go múchfuidhear croidhe an rígh, agus croidhe na bprionnsadh; agus béid na sagairt anbhuáineach, agus budh iongnadh leis na faighidh
10
Annsin a dubhairt misi, Ah, a Thighearna DIA! go deimhin do mheall tú go mór na daóinesi agus Ierusalem, gha rádh, Do gheabhthaoi síothcháin; an tionad a roichionn an clóidheamh go nuige an tanam.
11
Annsa namsin déarthar ris an bpobalso agus re Ierusalem, Gáoth thirim as na háitibh árda annsa bhfásach leath re hinghin mo phobail, ní do cháthadh, ná do ghlanadh.
12
Eadhon tiucfuidh gáoth is láidre ná sin ó na háitibhsi chugamsa: anois fós do bhéara mé breitheamhnus na naghaidh.
13
Féuch, tiucfa sé súas amhuil néulla, agus biáid a chárbuid amhuil gháoth ghuáirdeáin: is luáithe a eachruidh na iolair. A mhairg dhúinne! óir atámaoid millte.
14
A Ierusalem, ionnuil do chroidhe ó urchoid, chor go sáorfuighear thú. Cá fad áiteochuid do smuaintighthe díomhaóine a stigh ionnad?
15
Oír foillsigh guth ó Dhan, agus fuágruidh aindeisi ó shlíabh Ephraim.
16
Cuiridhsi a gcéill do na cineadhachaibh; féuch, foillsighidh a naghaidh Ierusalem, lucht faire do bheith ag teacht as crích imchéin, agus ag tabhairt a ngotha ós áird a naghaidh chaithreacha Iúdah.
17
Atáid síad na haghaidh timchioll fa ccuáirt, amhuil coimhéuduighe magha; do bhrígh go raibh sí easumhal am aghaidhsi, a deir an TIGHEARNA.
18
Do shlighe agus do ghníomhartha thug na neithesi ort; sé so holc, do bhrígh go bhfuil sé searbh, do bhrígh go roichionn sé go nuige do chroidhe.
19
¶ Minnighe, minnighe! atáim ar mo chrádh a mballuidhibh mo chroidhe; do ní mo chroidhe fuáim ionnam; ní fhéaduim bheith am thochd, do bhrígh go ccúala tusa, ó a manam, guth an stuic, graifne an chatha.
20
Do fúagradh léirscrios ar léirscrios; óir do creachadh an dúthaigh go hiomlán: is obann do milleadh mo pháilliún agus mo chúirtíne a móiment.
21
Cá fad do chífe mé an bhratach, agus chluinfios mé guth an stuic?
22
Oír atáid mo dhaóine leamh, níor aithnigheadar mé; is clann bhrúideamhuil fad, agus ní bhfuil tuicsi ar bith aca: atáid glic chum uilc do dhéanamh, acht do dhéanamh maitheasa ní bhfuil tuicsi ar bíth aca.
23
Dféuch mé air an ttalamh, agus, cheana, do bhí sé gan chuma agus folamh; agus ar na neamhuibh, agus ní raibh solus ann.
24
Do dhearc mé ar na sléibhtibh, agus, féuch, do chriothnuigheadar, agus do chorruigheadar na huile chnoca go héadtrom.
25
Damharc mé, agus, féuch, ní raibh dúine ar bith, agus do theitheadar éunlaith a naiéir uile.
26
Damharc mé, agus, féuch, do bhí a náit tóirtheach na fásach, agus a caithreacha uile ar na mbriseadh síos lé gnúis an TIGHEARNA, agus ó na fheirg fhíochmhair.
27
Oír is marso a dubhairt an TIGHEARNA, Biáidh an tír go huilidh áonranach; gidheadh ní dhéana mé críochnughadh iomlán.
28
Is uime so chaóidhfios an talamh, agus béid na neamha shúas dúbh: do bhrígh go ndúbhairt misi é, do thionnscuin mé é, agus ní budh haithreach liom, ní mó fhillfiod ar mais úadh.
29
Teithfidh an chathair go hiomlán ré tormán an mharcshluáigh agus na soighideóireadh; rachid asteach a ndaoiribh, agus dreapuidh siad súas ar na cairgibh: tréigfíghear a nuile chathair, agus ní bhía duine na chomhnuidhe ionnta.
30
Agus cred do dhéana tú, an tan bhías tú creachta? Bíodh go néaduighionn tú thú féin le crimson, bíodh go ndeasuigheann tú thú féin lé séuduibh órdha, bíodh go réabann tú héadan lé piontáil, is go díomhaóin do dhéana tú thú féin sgíamhach; dísbeagfuid háos grádha thú, sirfid do bhás.
31
Oír do chúala misi gúth mar mhnaoi ré niodhnuibh, agus amhuil goimh na mná bheirios a céidleanabh, gúth inghine Sion, noch chaóineas í féin, leathnuigheas a lámha, gha radh, A thrúaighe misi anois! óir atá manam coirthe tres an luchd marbhtha.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52