bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 52
Jeremiah 52
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 51
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
1
Do bhí Sedeciah blíadhuin agus fithche daóis an tan do thosuigh sé a ríoghacht, agus do rioghuidh sé aóinbhlíadhuin déag an Ierusalem. Agus dó bé ainm a mhathar Hamutal inghean Ieremiah ó Libnah.
2
Agus do rinne sé an ní dob olc a suilibh an TIGHEARNA, do réir a nuile ní dá ndéarna Iehoiacim.
3
Oír tre fheirg an TIGHEARNA tárla ann Ierusalem agus ann Iúdah, gur theilg sé amach íad as a fhiadhnuisi, agus go ndeachaidh Sedeciah a neasumhlacht a naghaidh righ na Babilóine.
4
¶ Agus tárla annsa naomhadh blíadhain dá rioghacht, ansa deachmhadh mí san deachmhadh lá don mhí, go ttáinic Nebuchadressar rígh na Babilóine, é féin agus a shlúagh uile, a naghaidh Ierusalem, agus gur shuighidh sé na hagháidh, agus go ndéarna puirt na haghaidh timchioll fa ccuáirt.
5
Marsin do cuireadh slúagh na shuighe ar an ccathruigh go nuige an táonmhadh blíadhain déag don rígh Sedeciah.
6
Annsa cheathramhadh mí, annsa naomhadh lá don mhí, do bhí an ghorta trom annsa ccathruigh, iondus nach raibh arán ar bioth ag muinntir na tíre.
7
Annsin do briseadh súas an chathair, agus do theitheadar na fir chogaidh uile, agus do chúadar amach as an ccathruigh san noidhche a slighe an gheata idir an dá bhalla, noch do bhí ag gáirdin an rígh; (anois do bhádar na Caldéanuigh láimh ris an ccathruigh thimcioll fa ccuairt:) agus do chúadar a slighe an réitigh.
8
Acht do lean slúagh na Ccaldéanach a ndiáigh an rígh, agus rugadar ar Shedeciah a réiteach Iericho; agus do bhí a shlúagh uile ar na shráonadh úadh.
9
Annsin do ghabhadar an rígh, agus rugadar súas é chum rígh na Babilóine go Riblah a bhfearann Hamat; mar a rug sé breitheamhnus air.
10
Agus do mharbh rígh na Babilóine mic Shedeciah a bhfíaghnuisi a shúl: do mharbh sé fós uile phrionnsadha Iúdah ann Riblah.
11
Annsin do chuir sé súile Shedeciah amach; agus do cheangail rígh na Babilóine a slabhradhuibh é, agus rug don Bhabilóin é, agus do chuireadar a bpríosun é go ló a bháis.
12
¶ Annois annsa chúigeadh mí, annsa deachmhadh lá don mhí, do bé sin an náomhadh blíadhain déag do Nebuchadressar rígh na Babilóine, tháinic Nebusaradan, caiptín an ghárda, noch do fhriothoil do rígh na Babilóine, go Hierusalem,
13
Agus do loisg sé tigh an TIGHEARNA, agus tigh an rígh; agus uile thighthe Ierusalem, agus tighthe na ndaóine móra uile, loisg sé lé teine:
14
Agus do bhris slúagh na Ccaldéanach, noch do bhí ag caiptín an gharda, uile bhalladha Ierusalem síos timchioll fa ccuáirt.
15
Annsin rug Nebusar‐adan caiptín an ghárda leis a mbraighdionus uibhir áirigh do bhochtaibh an phobail, agus don phobal an chuid oile dfan annsa chathruigh, agus an mhuinntir dimthigh rompa do tharla chum rígh na Babilóine, agus an chuid oile don phobal.
16
Acht dfag Nebusar‐adan caiptín an ghárda cuid do bhochtuibh na tíre mar sháothrachaibh fíneamhna agus mar lucht oibre.
17
¶ Mar an ccéadna do bhriseadar na Caldéanuigh, na piléir phráis do bhí a ttigh an TIGHEARNA, agus na basa, agus an fairge práis do bhí a tigh an TIGHEARNA, agus rugadar an prás uile díobh don Bhabilóin.
18
Na hoighne fós, agus na sluaiste, agus na glantóiridhe, agus na scáladha, agus na líacha, agus na huile shoithighe práis lé miniostralaidís, rugadar léo íad.
19
Agus na báisinighe, agus na hoighne teineadh, agus na bulladha, agus na fuirnísi, agus na coinnleóirigh, agus na líacha, agus na cupain; an ní do bhí dór a nór, agus an ní do bhí dairgiod, a nairgiod, rug caiptín an ghárda leis.
20
An dá philéar, aónfhairge, agus dhá tharbh dhéag phráis do bhí fáoi na fulangnibh, noch do rinne an rígh Solamh a ttigh an TIGHEARNA: níor bhféidir prás na soitheachso uile do chomhthromadh.
21
Agus a ttáobh na bpiléur, do bé áirde gach aóinphiléir dhíobh ocht ccubhaid déag; agus do chompásuidh snaithe dhá chubhad déag é; agus do budh ceithre horluighe a ttíuighe: agus do bhí sé tollta.
22
Agus do bhí ceann práis air; agus do budh cúig cubhaid áirde gach aoinchinn, maille ré hobair lionruidh agus pomgranait air na ceannaibh timchioll fa ccuáirt, do phrás uile. Budh cosmhuil ríu so an dara piléar agus na pomgranaid.
23
Agus do bhádar nóchad agus sé pomgranait ar áontaoibh; agus ba céad na pomgranait uile ar an líonobair timchioll fa ccuáirt.
24
¶ Agus do ghabh captín an ghárda Seraiah an tárdshagart, agus Sephaniah an dara sagart, agus tríur coimhéaduighe an doruis:
25
Rug sé fós leis seomradoir as an chathair, agá raibh cúram fhear an chogaidh; agus móirsheisior don lucht do bhí a bhfogus do phearsuinn an rígh, noch do fríth annsa chathruigh; agus scribhneóir prinnsiopalta an tslóigh, noch do áirmheadh daoine na tíre; agus trí fithchid duine do mhuinntir na tíre, do fríth a lár na caithreach.
26
Marsin do ghabh Nebusar‐adan caiptín an ghárda íad, agus thug leis íad go rígh na Babilóine go Riblah.
27
Agus do bhuail rígh na Babilóine íad, agus do chuir chum bais íad ann Riblah a bhfearann Hamat. Marso rugadh Iúdah a láimh as a thír féin.
28
¶ Isé so an pobal rug Nebuchadressar leis a láimh: annsa seachtmhadh blíadhain trí mhíle Iúduighe agus tríur ar fhithchid:
29
Annsa nochtmhadh blíadhain déag do Nebuchadressar rug se léis a láimh as Ierusalem ocht ccéad anam, tríochad agus a dó:
30
Annsa treas blíadhain fithchiod do Nebuchadressar rug Nebusar‐adan caiptín an ghárda leis a láimh do na Iúduighibh seacht ccéad ceathrachad daoine agus cúigear: do budh ceithre mhíle agus sé chéad na pearsanna uile.
31
¶ Agus tárla san seachdmhadh blíadhain ar thríochad do dháoirsine Iehoiacim rígh Iúdah, annsa dara mhí déag, annsa chúigeadh lá fithchiod don mhí, gur thóg Ebhil‐meródach rígh na Babilóine súas an chéid bhlíadhuin dá ríghe ceann Iehoiacim rígh Iúdah, agus thug amach as príosún é,
32
Agus do labhair go cinealta ris, agus do chuir sé a chathaóir ós cionn chathaóireach na ríogh do bhí iona fhochair san Bhabilóin,
33
Agus do mhalairt sé a chulaidh phríosúnta: agus a duáigh sé arán a ccomhnuidhe as a choinne uile láethe a bheatha.
34
Agus ar son a bhídh, do bhearthaoi bíadh go cinnte dhó ó rígh na Babilóine, cuid ronna gach aon lá go lá a bháis, ar féadh láethe a bheatha.
← Chapter 51
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52