bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 44
Jeremiah 44
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 43
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 45 →
1
An focal tháinic go Ieremiah a ttáobh na nuile Iúduigheadh noch chomhnuighios a ccrích na Hégipte, noch áitreabhas ag Migdal, agus ag Tahpanhes, agus ag Noph, agus a ttír Phatros, gha rádh,
2
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Do choncabhair a nuile olc thug misi ar Ierusalem, agus ar chaithreachaibh Iúdah uile; agus feuchuidh, a niugh atáid síad na bhfásach, agus ní áitreabhann duine ar bith ionta,
3
Do bhrígh a nuilc do rinneadar dom bhrostughadh chum feirge, an tionad a ndeachadar do losgadh túise, agus dfoghnamh do dhéeibh oile, nach ar bhaithne dhóibh, dhóibh féin, dhibhsi, ná dá bhur naithribh.
4
Matá gur chuir misi chugaibh mo sheirbhísigh na fáighe, ag éirghe go moch agus agá ccur uáim, gha rádh, Oh, ná déanuidh an ní adhfhuathmharso noch fhúathuighimsi.
5
Acht níor éisteadarsan, ní mó do chláonadar a cclúas dfilleadh ó na nolc, gan túis air bith do loscadh do dhéibh oile.
6
Uimesin do dóirteadh amach mo ainteas agus mfearg, agus do lasadh í a ccaithreachaibh Iúdah, agus a sráidibh Ierusalem; agus atáid na bhfásach agus uáigneach, do réir an láe a niugh.
7
Uimesin anois is marso a deir an TIGHEARNA, Día na slógh, Día Israel; Cred fá ndéintí an tolc mórso a naghaídh bhur nanmann, do ghearradh úaibh amach fear agus ban, leanabh agus naoidhean, amach as Iúdah, go nach bhfágfuidh fuighioll agaibh re marthumn;
8
An tionad ar bhrostuigheabhair misi chum feirge lé hoibreachaibh bhur lámh, ag losgadh túise do dhéibh oile a ccrích na Hégipte, mar a ndeachabhair do chomhnuidhe, chor go ngéarrfaidh sibh amach, agus go mbeith sibh mar mhallughadh agus mar scannail a measc uile chineadhach an domhuin?
9
Nar dhearmadabhair uilc bhur naithreadh, agus uilc ríghtheadh Iúdah, agus uilc a mban, agus bhur nuilc féin, agus uilc bhur mban, noch do rinneadar a ttír Iúdah, agus a sráidibh Ierusalem?
10
Níor húmhluigheadh íad gus a niugh, ní mó do úamhnuigheadar, nó do shiubhluigheadar ann mo dhligheadhsa, nó ann mo statúidibh, do chuir mé romhuibh agus roimhe bhur naithribh.
11
¶ Uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Féuch, cuirfe misi maghaídh bhur naghaídhsi chum uilc, agus do ghearradh amach Iúdah uile.
12
Agus glacfa mé fuighioll Iúdah, do chur a naighthe do dhul go crích na Hégipte ar cuáirt annsin, agus scriosfuighior uile íad, agus tuitfid a ccrích na Hégipte; eadhon muirfighear íad leis an ccloidheamh agus leis an ngorta: éugfuid síad, ó bheag go mór, leis an ccloidheamh agus leis an ngorta: agus béid na mallughadh, agus na núathbhás, agus na mallachd, agus na scannail.
13
Oír smaichdeochuigh misi an drong áitreabhas a ccrích na Hégipte, mar do smachduigh mé Ierusalem, leis an ccloidheamh, leis an ngorta, agus leis an bpláigh:
14
Iondus nach rachaidh as, agus nach mairfidh aoinneach dfuighioll Iúdah dá ndeachaidh go crích na Hégipte do chomhnuidhe annsin, lé bhfillfidís go tír Iúdah, mar a bhfuil fonn orra dáitreabhadh ann: óir ní fillfighear ach an mhéid rachus as
15
¶ Annsin do fhreagair a nuile dhuine dá raibh a fhios gur loisgeadar a mná túis do dhéeibh oile, agus na huile mhná dar sheas na bhfochair, a ccoimhthionól mhór, eadhon an pobal uile dáitreibh a ccrích na Hégipte, ann Patros, do Ieremiah, gha rádh,
16
Ar son a nfocail do labhair tú rinne a nainm an TIGHEARNA, ní éistfiom riot.
17
Achd do dhéanam go deimhin gach uile ni dá ttéid amach as ar mbéul féin, do losgadh túise do bhainríoghain neimhe, agus do dhórtadh ofrála dighe dhí mar do rinneamar féin, agus ar naithre, ar ríghthe, agus ar bprionnsadha, a ccaithreachaibh Iúdah, agus a sráidibh Ierusalem: óir annsin do bhí fairsinge bhídh aguinn, agus do bhámar go maith, agus ní fhacamar olc ar bith.
18
Acht ó nuáir fár sguireamar do loscadh túise do bhainríoghain neimhe, agus ofráil díghe do dhórtadh amach dhi, do bhí easbhuidh a nuile néithe maithe oruinn, agus do marbhadh sinn leis an ccloidheamh agus leis an ngorta.
19
Agus an tan do loisgeamar túis do bhainríoghan neimhe, agus do dhóirteamar amach ofrála dighe dhí, a ndéarnamar cácadha dhí dá hadhradh, agus do dhórtadh ofrála dighe dhí, a bhféagmhaois ar bhfear?
20
¶ Annsin a dúbhairt Ieremiah rís an bpobal uile, ris na fearuibh, agus ris na mnáibh, agus ris an bpobal uile thug an fhreagra sin air, gha rádh,
21
Nach ar chuimhnidh an TIGHEARNA an túis do loisgeabhair a gcaithreachaibh Iúdah, agus a sráidibh Ierusalem, sibh féin, agus bhur naithre, bhur ríghthe, agus bhur bprionnsadha, agus daóine na tíre, agus nach ttáinic sé ann a inntin?
22
Iondus nar fhéad an TIGHEARNA iomchar ni budh faide, do bhrígh uilc bhur ngníomhsa, agus do bhrígh na ngráineamhleachd do rinneabhair; uimesin atá bhur ttír na fásach, agus na húathbhás, agus na mallughadh, gan áitreabhthach, mar atá a niugh.
23
Do bhrígh gur loisgeabhair túis, agus do bhrigh gur pheacuigheabhair a naghaidh an TIGHEARNA, agus nar úmhluigheabhair do ghúth an TIGHEARNA, agus nár shiúbhluigheabhair iona dhligheadh, no iona reachtuibh, nó ann a fhíaghnúisibh; uimesin táinic an tolcso oruibh, mar atá a niugh.
24
Tuilleamh oile a dúbhairt Ieremiah ris an bpobal uile, agus ris na mnáibh uile, Eistigh bríathar an TIGHEARNA, a Iúdah uile atá a ccrích na Hégipte:
25
Marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel, gha rádh; Do labhrabhair féin agus bhúr mná aráon lé bhúr mbéul féin, agus do chríochnuigheabhair le bhur lámhuibh, gha rádh, Coimhlíonfam go deimhin ar móide thugamar, do losgadh túise do bhainríoghain neimhe, agus do dhórtádh ofrála dighe dhi: daingneochtháoi go deimhin bhur móide, agus coimhlíonfuidhe go deimhin bhur móide.
26
Ar a nadhbharsin éistigh bríathar an TIGHEARNA, a Iúdah uile chomhnuighios a ccrích na Hégipte; Féuchuidh, thug misi mionna fám ainm mór, a deir an TIGHEARNA, nach ainmneochar mainm ní sa mhó a mbéul áonduine ar bith do Iúdah a nuile chrích na Hégipte, gha rádh, Mairidh an TIGHEARNA Día.
27
Féuch, bía misi ag faire ós a ccionn chum uilc, agus ní ar mhaith: agus muirfighear a nuile dhuine do Iúdah bhías annsa Négipt leis an ccloidheamh agus leis an ngorta, nó go raibh deireadh aca.
28
Gidheadh an núibhir bheag rachas as ón ccloidheamh fillfid síad ó chrích na Hégipte go tír Iúdah, agus fuighioll Iúdah uile, do chúaidh go crích ná Hégipte ar ccuáirt, aitheonuid cía híad na focail sheasfas, mfocailse, nó a bhfocailsion.
29
¶ Agus biáidh so mar chomhartha agaibh, a deir an TIGHEARNA, go smaichteocha misi sibh annsa náitsi, chor go naitheontaói go seasfuidh mfocailsi go deimhin ann bhur naghaídh ar olc:
30
Is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, do bhéara mé Phárao‐hophra rígh na Hégipte a láimh a námhad, agus a láimh na druinge íarras a bhás; mar thug mé Sedeciah rígh Iúdah a láimh Nebuchadnessar rígh na Babilóine, a námhaid, agus díarr a bhás.
← Chapter 43
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 45 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52