bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 42
Jeremiah 42
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 41
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 43 →
1
Ann sin thangadar caiptíne uile na slógh, a bhfogus, agus Iohanan mhac Careah agus Iesaniah mhac Hosaiah, agus an pobal uile ó bheag go mór,
2
Agus a dúbhradar ris an bhfáigh Ieremiah, Guidhmid thú, tuiteadh ar ngearán ad lathair, agus guidh air ar son chum an TIGHEARNA do Dhía, eadhon ar son a nfuighillsi uile; (óir níor fágbhadh aguinn achd beagán do mhórán, mar do chíd do shúile sinn:)
3
Chor go ttaisbeanfá an TIGHEARNA do Dhía dhúinn an tslighe iona bhféadfam siubhal, agus an ní fhéadfam do dhéanamh.
4
Ann sin a dúbhairt Ieremiah an fáigh riú, Do chúala mé sibh; féuch, guidhfidh mé chum an TIGHEARNA bhur Ndía do réir bhur mbríathar; agus tiucfuidh a ccrích, gidh bé ar bith ni fhreagorus an TIGHEARNA dhíbhsi, go bhfoillseocha mé dhíbh é; ní choinneochad aóinní ar ccúl uáibh.
5
Ann sin a dúbhradar ré Ieremiah, Bíodh an TIGHEARNA na fhíadhuin fhírinnigh dhírigh eadhruinn, muna ndearnam do réir na nuile neithe ar son a ccuirfidh an TIGHEARNA do Dhía chuguinn thú.
6
Mas maith, nó mas olc é, umhleocham do ghlór an TIGHEARNA ar Ndía, chum a ccuirmíd thusa; chor go mbeithior go maith aguinn, an tan uimhleocham do ghúth an TIGHEARNA ar Ndía.
7
¶ Agus tárla déis dheich lá, go ttáinic bríathar an TIGHEARNA go Ieremiah.
8
Ann sinn do ghoir sé Iohanan mhac Careah, agus uile chaiptíne na slógh noch do bhí iona fhochair, agus an pobal uile ó bheag go mór,
9
Agus a dúbhairt sé ríu, Is marso a deir an TIGHEARNA, Día Israel, chum ar chuireabhair misi dfoillsiughadh bhur ngearráin dó;
10
Má fhantaói a ccomhnuidhe annsa tírse, annsin cuirfidh misi súas sibh, agus ní shraóilfe mé síos sibh, agus plainndeocha mé sibh, agus ní thairreonga mé a níos sibh: óir is aithreach liom an tolc do rinne mé oruibh.
11
Ná bíodh eagla rígh na Babílóine oruibh, re a bhfuil eagla aguibh; ná hímeagluighe roimhe, a deir an TIGHEARNA: óir atáimsi libh dá bhur sáoradh, agus dá bhur ttártháil as a láimh.
12
Agus taisbéanfa mé grása dhíbh, chor go mbía truáighe aigesion díbh, agus go ttuga sé oruibh filleadh dá bhur ndúthaigh féin.
13
Acht má dearthaói, Ní choimhneocham annsa tírsi, agus gan úmhlughadh do ghúth an TIGHEARNA bhur Ndía,
14
Gha rádh, Ní headh; acht racham go crích na Hégipte, mar nach bhfaicfiom cogadh ar bith, agus nach ccluinfiom fuáim an stuic, agus nach bhfuighiom ocras aráin; agus coimhneocham annsin:
15
Agus anois uimesin eistigh focal an TIGHEARNA sibhsi a fhuighioll Iúdah, Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Má churthaóise bhur naighthe go hiomlán ar dhul don Négipt, agus imtheacht agus dul do chomhnuighe ann;
16
Annsin tiucfuidh a ccrích, an cloidheamh, roimhe a raibh bhur neagla, go mbéara sé oruibh a ttír na Hégipte; agus an ghorta, re a bhfuil eagla oruibh, go leanfuidh sé go lúath sibh don Négipt; agus éugfuidhe ann sin.
17
Marsin bhías ag a nuile dhuine chuirfios a aghaídh ar dhul ar chúairt don Négipt; éugfuid leis an ccloidheamh, leis an ngorta, agus leis a bpláigh: agus ní mhairfidh áonduine aca agus ní rachaidh as ó nolc do bhéara misi orra.
18
Oír is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Mar do dhóirteadh mfearg agus mo chorruigh amach ar áitreabhachaibh Ierusalem; is marsin doirtfighear mfearg amach oruibhsi, an tan rachtaoi don Négipt: agus beithi mar mhallughadh, agus mar úathbhas, agus mar mhallacht, agus mar mhasla; agus ní fhaicfidhe a náitsi ní sa mhó.
19
¶ A dúbhairt an TIGHEARNA dá bhur ttáobh, a fhuighioll Iúdah; Ná héirgidhe don Negipt: bíodh a fhios aguibh go deimhin gur chomhairligh misi sibh a niugh.
20
Oír do léigeabhair oruibh ann bhur ccroidhthibh, a nuáir do chuireabhair misi chum an TIGHEARNA bhur Ndía, gha rádh, Guidh air ar soinne chum an TIGHEARNA ar Ndía; agus do réir a nuile ní déaras an TIGHEARNA ar Ndía, mairsin innis dúinn, agus do dhéanamne é.
21
Agus anois dfoillsigh mé dhíbh é a niugh; acht níor úmhluigheabhair do ghúth an TIGHEARNA bhur Ndía, nó daóinní ar son ar chuir sé misi chugaibh.
22
Anois uimesin bíodh a fhios aguibh go dearbhtha go néugfuidhe leis an ccloidheamh, leis an ngorta, agus leis an bpláigh, ansa náit ar mían libh dul agus comhnuighe do dhéanamh ann.
← Chapter 41
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 43 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52