bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 31
Jeremiah 31
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 32 →
1
Annsa nam sin féin, a deir an TIGHEARNA, bhías misi am Dhía mhuinntearadh Israel uile, agus budh íadsan mo phobalsa.
2
Is marso a deir an TIGHEARNA, Fúaradar na daóine do chuáidh as ón ccloidheamh grása annsa bhfásach; a nuáir do chuáidh misi do thabhairt air Israel bheith súaimhneach,
3
Do taibhreadh an TIGHEARNA dhamhsa cían ó shin, gha rádh, Do ghrádhuigh mé thú lé grádh siorruidhe: uimesin le cineal grádhach do tharruing mé thú.
4
Cuirfe mé a rís súas thú, agus cuirfighear súas thú, a mhaighdion Israel: biáidh tú a rís ar do scíamhughadh lé tiompanuibh, agus racha tú amach a ndamhsaibh na druinge do ní súgradh.
5
Plainndeocha tú fós fíneamhna ar shléibhtibh Shamaria: plainndeochuid na planndóiridhe, agus íosuid íad mar neithibh coitchionna.
6
Oír biáidh lá, go bhfuáigeoruid an luchd faire ar shlíabh Ephraim, Eirghidh, agus déanam súas go Sion chum an TIGHEARNA ar Ndía féin.
7
Oír is marso a deir an TIGHEARNA; Canaidh maille re lúathgháir ar son Iácob, agus gáiridh a measc rogha na ccineadhach: fúagruidhsi, moluidhsi, agus abraidh, A THIGHEARNA, tárthuigh do phobal, fuighioll Israel.
8
Féuch, do bhéara mé íad ón tír thuáigh, agus cruinneocha mé íad ó imlibh na talmhan, agus maille ríu an dall agus an bacach, an bhean torrach agus an bhean re niodhnuibh a naoinfheacht: fillfidh cuideachda mhór annsin.
9
Tiucfuid síad maille re gul, agus maille re gearánuibh thréorochus mé íad: do bhéara mé orra siubhal re taóibh na srothann uisceadh a slighe dhírigh, a náit nach bhfuighid siad tuisleadh: óir atáim am athair ag Israel, agus sé Ephraim mo chéidghm.
10
Eistigh bríathar an TIGHEARNA, sibhsi a chineadhacha, agus innisigh é annsna hoiléanuibh imchíana, agus abraidh, An té do dhíothscaóil Israel cruinneochuidh sé é, agus cuimhdeochuidh é, amhuil mar do ní an táodhaire a thréad.
11
Oír dfúascail an TIGHEARNA Iácob, agus dfúascail sé é as láimh an tí do bhí ní budh láidre na é.
12
Uimesin tiucfuid síad agus canfuid a mullach Shion, agus tuileochuid a naóinfheacht chum maitheasa an TIGHEARNA, ar son cruithneacht, agus ar son fíona nuáidh, agus ar son ola, agus ar son óg an tréada agus na háirghe: agus biáidh a nanam amhuil gáirdín ar na fhliuchadh; agus ní chaóidhfid nísa mhó ar áonchor.
13
Annsin gháirdeochus an mhaighdion annsa damhsa, na daóine óga araon agus na seanóiridhe: óir fillfidh misi a ngúbha a ngáirdeachus, agus coibhreocha mé íad, agus do bhéara mé orra sólásughadh ó na ndólás.
14
Agus sáiseocha mé anam na sagart lé méuthus, agus béid mo dhaóine sáitheach lé maitheas, a deir an TIGHEARNA.
15
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA; Do chlós gúth ann Rámah, cáoi, agus gul géur; Rachel ag caóineadh a cloinne do dhiúlt si comhfortacht ar son a cloinne, do bhrígh nach rabhad ann.
16
Is marso a deir an TIGHEARNA; Connaimh do ghúth ó chaói, agus do shúile ó dheóruibh: óir cúiteochthar hobair, a deir an TIGHEARNA; agus ttiucfaid siad a rís ó thír na námhad.
17
Agus atá dóthchus ann do chrích, a deir an TIGHEARNA, go ttiucfaid do chlann a rís dá ttéoruinn.
18
¶ Go deimhin do chúala mé Ephraim gha chaoineadh féin marso; Do smachtuigh tú mé, agus do bhí mé smachtuighthe, amhuil damh nar chleachd an chuing: fillse mé, agus fillfighear mé, óir is tú an TIGHEARNA mo Dhía.
19
Go deimhin tar éis mfillte, do bhí aithreachus orum, agus tar éis mo theagaisce do bhuáil mé ar mo cheathramhuin: do bhí mé náireach, a seadh, fós do bhí mé claóidhte, do bhrígh gur iomchuir mé masla móige.
20
An é Ephraim mo mhac díleas? an leanabh sólásach é? óir ó nuáir fár lábhair misi na aghuidh, cuimhnighim go dúthrachtach air a ccomhnuidhe: uimesin atáid minnidhe buáidheartha ar a shon; go deimhin do dhéana mé trócaire air, a deir an TIGHEARNA.
21
Cuir súas duit féin comharthadha sligheadh, déana dhuit cáirn árda: cuir do chroidhe leath ris an tslighe mhóir, eadhon an tslighe ann ar imthigh tú: fill a rís, a mhaighdion Israel, fill a rís chuca so do chaithreachasa.
22
¶ Ga fad bhías tú ag dul fá ccuairt, a inghean neimhdhiongmhalta? óir do chrúthaigh an TIGHEARNA ní núadh air an ttalamh, Timchiollfuidh bean fear.
23
Is marso a deir TIGHEARNA ná slógh, Día Israel; Fós gnáitheochuid siad an chaintsi a ttír Iúdah agus iona caithreachaibhsin, a nuáir do bhéarus misi a mbraighdionas a rís; Go mbeannuigh an TIGHEARNA thusa, a áitreabh an cheirt, agus a shlíabh na náomhthachda.
24
Agus aitreobhuidh ann Iúdah féin, agus iona caithreachaibh a naóinfheacht, fir thighe, agus an drong théid amach leis na tréaduibh,
25
Oír do shásuidh misi an tanam coirthe, agus do líon mé gach anam doilghiosach.
26
Air so do mhúscail mé, agus do chonnairc mé; agus do bhí mo chodladh milis damh.
27
¶ Féuch, tiucfuid na láethe, a deir an TIGHEARNA, go siolchuirfe mé tigh Israel agus tigh Iúdah lé síol an duine, agus lé síol an bheathuigh.
28
Agus tiucfa a ccrích, amhuil agus mar do bhí mé ag faire ós a ccionn, do thárrang a níos, agus do bhriseadh síos, agus do sgrios, agus do phíanadh; is marsin choimhéadfas mé ós a ccionnsan, dfoirgneamh, agus do phlanndughadh, a deir an TIGHEARNA.
29
¶ Annsna láethibhsin ní aibéoruid síad ní sa mhó, A dúadar na haithre cáor shearbh, agus bí déistion ar fíaclaibh na cloinne.
30
Acht éugfuidh gach uile dhuine ar son a éigceirt féin: biáidh déistion ar fhíaclaibh gach dhuine, ithios an cháor shearbh.
31
¶ Féuch, atáid na laéthe ag teacht, a deir an TIGHEARNA, go ndéana mé cunnradh nuádh ré tigh Israel, agus re tigh Iúdah:
32
Ní do réir an chunnartha do rinne mé re ná naithribh annsa ló ar ghlac mé ar láimh íad da ttabhairt amach as crích na Hégipte; do bhrígh gur bhrisiodar mo chunnradh, ma tá go raibh mé am fhear tighe dhóibh, a deir an TIGHEARNA:
33
Acht budh é so an cunnradh dhéanas mé ré tigh Israel; Tar éis na laethéadhsin, a deir an TIGHEARNA, cuirfidh mé mo dhligheadh annsa chuid a stigh dhíobh, agus scriobhtha mé iona ccroidhe é; agus biáidh mé am Dhía aca, agus béidsion na bpobal agamsa.
34
Agus ní mhúinfid síad ní sa mhó gach áonduine a chomharsa, agus gach aonduine a dhearbhráthair, gha rádh, Bíodh fios an TIGHEARNA agaibh: óir biáidh mfios aca uile, ón té is lugha dhíobh gus an té is mó dhíobh, a deir an TIGHEARNA: óir maithfidh mé a négceart, agus ní chuimhneocha mé a bpeacaidh ni is mó.
35
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA, noch do bheir an ghrían mar sholus san ló, agus órduighthe na gealuidhe agus na réaltan mar sholus san noidhche, an té roinneas a nfairge a núair bhéicid a tonna; TIGHEARNA na slógh isé a ainm:
36
Má imthighid na hórduighthe sin ó bheith ám fhíaghnuise, a deir an TIGHEARNA, annsin cuirfiod síolradh Israel mar an ccéadna ó bheith na ccineadh am fhíaghnuise gó bráth.
37
Is marso a deir an TIGHEARNA; Más féidir neamh shúas do thomhus, agus bunáite na talmhan shíos do spíonadh, teilgfe mé dhíom fós síol Israel ar son gach a ndeárnadar, a deir an TIGHEARNA.
38
¶ Féuch, tiucfuid na laéthe, a deir an TIGHEARNA, go ccuirfighear an chathair súas don TIGHEARNA ó thor Hananeel go geata an choirnéil?
39
Agus rachaidh dóruba an tomhuis fós amach thairis as a choinne anonn ar chnoc Gareb, agus compásfuigh fa ccuáirt go Goat.
40
Agus gleann na ccorp marbh go hiomlán, agus an luáithridh, agus na machairidhe uile go srúth Chídron, go cornéal gheata na neach don leath shoir, béid náomhtha don TIGHEARNA; ní thairreongthar a níos íad, ní theilgfighear sios íad ní sa mbó go bráth.
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 32 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52