bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 49
Jeremiah 49
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 48
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 50 →
1
Attaobh na Nammoníteach, is marso a deir an TIGHEARNA; An bhfuilid mic ar bith ag Israel? nach bhfuil oighreadha ar bith aige? cred maiseadh as a bhfuil a rígh na oighre ar Ghad, agus a náitreabhann a mhuinntir iona chaithreachaibh?
2
Uimesin, féuch, tiucfaid na láethe, a deir an TIGHEARNA, iona ttiubhra misi fa deara caismirt chogaidh do chluinsion ann Rabbah na Nammoníteach; agus biáidh sí na cárn dhólásach, agus loisgfighear a hingheana le teine: annsin biáidh Israel na oighre air an lucht do bhí na noighrighibh airsion, a deir an TIGHEARNA.
3
Núall, a Hesbon, óir do creachadh Ai: éighidh, a ingheana Rabbah, gabhaidh sibh féin a saicéadach; cáoidhigh, agus riothuidh síos agus súas láimh ris na sáltuibh; óir rachaidh a rígh a mbraighdionas, a shagairt, agus a phrionnsadha a naoinfeacht.
4
Cred fa ngáirdighion tú annsa ghleann, ann do ghleann tuileamhuil, a inghean mhíochoinghiollach? do dhóthchusuigh iona saidhbhrios, ag rádh, Cía thiucfas dom ionnsaidhsi?
5
Féuch, do bhéara mé eagla ort, a deir an TIGHEARNA Día na slógh, ó nuile dhuine dá bhfuil ad thimchioll; agus dibeorthar sibh a nuile dhuine amach go díreach; agus ní chruinneochuidh duine ar bíth an té sheachránas.
6
Agus na dhiáigh sin do bhéara mé liom a rís bhraighde chloinne Ammon, a deir an TIGHEARNA.
7
¶ A ttáobh Edom, is marso a deir TIGHEARNA na slógh; An bhfuil, críonnacht ó so amach ann Teman? nar imthigh comhairle seachad ón ghlic? a ndeachuidh a neagna ar neimhní?
8
Téighidhsi, fillidh ar bhur nais, áitreabhuigh go domhuinn; áitreabhthacha Dédan; óir do bhéara misi aindeisi Esau air, a nuáir thiucfas mé dha fhéuchuia.
9
Má thighid lucht cnúasta cáor chugad, nach fúigfid cáora díoghloma? má thigid gaduighthe san noidhche, sladfuid síad nó go raibh go lór aca.
10
Acht do rinne misi Esau lom, do nocht mé a áite secréideacha, agus ní fhéadfa sé é féin do cheilt: do creachadh a shíol, agus a dhearbhráithre, agus a chomharsana, agus ní bhfuil sé féin ann.
11
Fág do dhílleachtaigh, cuimhdeocha misi beó íad; agus bíodh dóthchus aig do bhaintreabhachaibh ionnam.
12
Oír is márso a deir an TIGHEARNA; Féuch, androng nach raibh a mbreath ibhe don chupán dibhiodar go deimhin; agus an tusa an té rachus go hiomlán gan choiriughadh? ní reacha tú gan choiriughadh, acht go deimhin iobha tú dhe.
13
Oír do mhionnuigh misi thríom féin, a deir an TIGHEARNA, go mbia Bosrah na fásach, na scannail, na húaignios, agus na mallughadh; agus go mbéid a ccaithreacha uile na bhfasách shíorruidhe.
14
Do chúala mé iomrádh ón TTIGHEARNA, agus do cuireadh teachta chum na ngeinteadh, Cruinnighidh sibh féin a bhfochair a chéile, agus tígidh na haghaidh, agus éirghidhe súas chum an chatha.
15
Oír, féuch, do dhéana misi beag thú a measc na ngeinteadh, agus tarcuisneach a measc dhaoine.
16
Do mheall húathbhás thú, agus úabhar do chroidhe, thusá chomhnuighios a scealpuibh na ccarrac, chóngmhus áirde an chnoic: bíodh go ndeantá do nead comhárd ris a niolar, do bheara misi a núas as sin thú, a deir an TIGHEARNA.
17
Biáidh Edom fós na fásach: biáidh úathbhás air gach áon dá ngéabha ré na táobh, agus do dhéanaid scige fa na plághaibh.
18
Amhuil mar do bhí a scrios Shodom agus Ghomorra agus iona ccaithreachaibh comharsann sion, a deir an TIGHEARNA, ní fhanfa duine annsin, ní mó áitreobhus mac duine ann.
19
Féuch, tiucfa sé amhuil leomhan a níos ó árd Iordan gus a náitreabh neartmhar: acht do bhéara misi air rioth go hobann uáithe: agus cía an duine toghtha, óirdeochus mé ós a cionn? óir cía is cosmhuil riom? agus cía chinnfios a naimsir dhamh? agus cía an tréaduighe sheasfas as mo choinne?
20
Uimesin éistigh comhairle an TIGHEARNA, do rinne sé a naghaídh Edom; agus na tionnscanta, do thionnscain sé a naghaidh áitreabhthacha Téman: Go deimhin díbeoruidh ann té as lugha doa tréad amach íad: go deimhin do dhéana sé a ttighthe fáon folámh maille ríu.
21
Do chorruigh an talamh lé torann a ttuitmhe, do chlos comhairc a ngotha san muir Ruáidh.
22
Féuch, tiucfa sé a níos agus eitillfidh sé amhuil iolar, agus leathneochuidh sé a scíatháin ós cionn Bhosrah: agus annsa ló sin biáidh croidhe dhaóine árrachta Edom amhuil croidhe mná iona doighthibh.
23
¶ A ttaobh Dhamascus. Do claóidheadh Hamat, agus Arpad: óir do chúaladar droichsgéala: atáid lagchroidhtheach; atá gruáim air an bhfairge; ní fhéadan sí bheith ciúin.
24
Atá Damascus lag, agus dfill sí í féin do theithiomh, agus do ghlac eagla griem uirre: do ghabh dobrón agus doilghios í, mar mhnaói ré niodhnuibh.
25
Ciondus nach bhfagthar cathair an mholta, cathair mo shóláis!
26
Ar a nadhbharsin tuitfid a daoine óga iona sráidibh, agus gearrfuighear amach a nuile fhear cogaidh annsa lósin, a deir TIGHEARNA na slógh.
27
Agus lasfa mé teine a mballa Dhamascus, agus loisgfidh sé páláis Bhenhadad.
28
¶ A ttáobh Cedar, agus a ttáobh rioghachta Hasor, noch bhuáilfios Nebuchadressar rígh na Babiloine, is marso a deir an TIGHEARNA; Eirghidhe, imthighidh súas go Cedar, agus creachuidh daóine a noirthir.
29
Glacfuid a bpáillíuin agus a ttréada: béaruid síad chuca féin a ccúirtínighe, agus a soithidhe uile, agus a ccámhuill; agus fuáigeoruid síad dóibh, Eagla do bheith air gach uile thaóibh.
30
¶ Teithidh, imthighidh a bhfad, áitreabhuigh go domhuin, a áitreabhthacha Hasor, a deir an TIGHEARNA; óir do ghlac Nebuchadnessar rígh na Babilóine comhairle bhur naghaídh, agus do chinn sé tionnscnamh bhur naghaídh.
31
Eírghidhe, imthighidh súas gus an ccineadh shaidhbhir, chomhnuighios gan chúram, a deir an TIGHEARNA, ag nach bhfuilid geatadha nó barradha, noch áitreabhus na náonar.
32
Agus béid a ccámhuill na néadáil, agus iomad a náirnéise na ccreich: agus sgaóilfead annsna huile gháothaibh an dream atá annsna coirnéaluibh imchíana; agus do bhéara mé a naindeisi ó gach uile thaóibh dhe, a deir an TIGHEARNA.
33
Agus biáidh Hasor na áitreabh dragún, agus na fhásach go bráth: ní fhanfa duine ar bith ann, ní áitreobhuidh mac duine ar bith ann.
34
¶ Briathar an TIGHEARNA tháinic gus an bhfáidh Ieremiah a naghaidh Elam a ttosach rioghacht Shedeciah rígh Iúdah, gha rádh,
35
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Féuch, brisfe mé bogha Elam, ceann a neirt.
36
Agus do bhéara mé ar Elam na ceithre gáotha ó cheithre háirdibh neimhe, agus sgaóilfidh mé íad leath ris na gáothaibh sin uile; agus ní biáidh cineadh ar bith nach ttiucfaidh díbéarthuigh Elam chuca.
37
Oír do bhéara mé ar Elam anbhfainninghadh a lathair a námhad, agus a lathair na druinge íarrus a mbás: agus do bhéara mé olc orra, eadhon mfearg bhorbh, a deir an TIGHEARNA; agus cuirfidh mé an cloidheamh na ndiáigh, nó go ccuiridh mé deireadh léo:
38
Agus suídheocha mé mo chathaóir ríogha ann Elam, agus muirfidh mé as sin an rígh, agus na prionnsadha, a deir an TIGHEARNA.
39
¶ Acht tiucfuidh a ccrích annsna láethibh deighionacha, go ttiubhra misi ar a nais a rís braighde Elam, a deir an TIGHEARNA.
← Chapter 48
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 50 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52