bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 23
Jeremiah 23
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 24 →
1
Amhairg do na háodhairibh sgriosas agus sgabus caóirigh minbhir! a deir an TIGHEARNA.
2
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel a naghaidh na náodhaireadh bhíathas mo phobal; Do scababhair mo thréud, agus do dhíbreabhair seachad íad, agus níor fhiosruigheabhair íad: féuch, digheola misi oruibhsi uilc bhur ngníomh, a deir an TIGHEARNA.
3
Agus cruinneocha mé fuighioll mo thréada as gach uile thír ann ar dhíbir mé íad, agus do bhéara mé a rís íad dá máinreachaibh; agus béid síolmhar agus foirlíonfuid síad.
4
Agus cuirfe mé súas áodhaireadh ós a ccionn noch bheathochus íad: agus ní bhéid eaglach ní sa mó, ní bhéid anbhfann, agus ní bhiáidh easbhuigh orra, a deir an TIGHEARNA.
5
¶ Féuch, tiucfaid na láethe, a deir an TIGHEARNA, iona ttoigfe mé do Dháibhi Beangán fíréunta, agus ríghfidh Rígh, agus béara sé buáidh, agus do dhéana sé breitheamhnus agus ceart annsa talamh.
6
Táirtheóchthar Iúdah iona láethibhsion, agus coimhneochuidh Israel a ndóthchus: agus isé so ainm re ngoirfighear é, AN TIGHEARNA AR BHFIREUNTACHT.
7
Agus ar a nadhbharsin, féuch, tiucfaid na laethe, a deir an TIGHEARNA, nach aibeoruid síad ní sá mhó, Mairidh an TIGHEARNA, noch thug a níos clann Israel as crích na Hégipte;
8
Acht, Mairidh an TIGHEARNA, noch thug a níos agus do thréoruigh sliochd tighe Israel amach as an dtír thuáigh, agus as gach uile thíortha ionar dhíbir mé íad; agus coimhneochuid síad iona ndúithche féin.
9
¶ Atá mo chroidhe ionnam a stigh briste, do bhrígh na bhfágh, criothnuighid mo chnámha uile; is cosmhuil ré fear meisce mé, agus is cosmhuil re fear noch do chlaóidhigh fíon mé, do bhrigh an TIGHEARNA, agus do bhrígh bhriathar a náomhthachta.
10
Oír atá an fearann lán dadhaltrannachaibh; óir caóidhigh an tír do bhrígh mionnadh; do tiormuigheadh súas áit mhíanghusach a nfásaigh, agus is olc a ccúrsa, agus ní ceart a neart.
11
Oír atá an fáigh agus an sagart araon neimhdhiadha; aseadh, ann mo thigh fuáir mé a néigceart, a deir an TIGHEARNA.
12
Ar a nadhbharsin biáidh a slighe dhóibh amhuil slighthe sleamhna annsa dorchadus: díbeorthar ar a nagháidh íad, agus tuitfid annsin: óir do bhéara misi olc orra, eadhon blíadhuin a bhféuchana, a deir an TIGHEARNA.
13
Agus do chonnairc mé amadánacht a bhfáighibh Shamária; do thairrghireadar tre Bhaal, agus thugadar ar mo phobal Israel earráid do dhéanamh.
14
Do chonnairc mé fós a bhfáighibh Ierusalem ní adfhúathmhar: do níd adhaltrannas, agus siubhluighid a mbréaguibh, neartuighid fós lámha lucht na míghníomh, go nach bhfillean áonduine ó na olc: atáid uile dhamhsa amhuil Sodom, agus a háitreabhthuigh amhuil Gomorrah.
15
Uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh a ttáobh na bhtágh; Féuch, beathocha mé íad lé murmónta, agus do bhéara mé orra uisge domblais dól: óir do chuáidh neimhdhíaghachd amach ó fháighibh Ierusalem tres an dúthaigh uile.
16
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Ná héistigh re bríathruibh na bhfágh thairrghirios díbh: do níd síad díomhaóin sibh, labhruid fis a ccroidhe féin, agus ní has béul an TIGHEARNA.
17
A deiríd síad a ccomhnuidhe ris a ndruing tharcuisnighios mé, A dúbhairt an TIGHEARNA, Do gheabhthaoi síothcháin; agus a deirid síad re gach aon dá siubhluighionn do réir smuáineadh a chroidhe féin, Ní thiucfuidh olc ar bith oruibh.
18
Oír cía sheas a ccomhairle an TIGHEARNA, agus do chonnairc agus do chúaluidh a bhríathar? cía chomharthuigh a bhríathar, agus do chúaluidh í?
19
Féuch, do chuáidh gáoth ghuáirdéain amach ón TTIGHEARNA a ndíbhfheirg, eadhon gaoth gharbh ghuáirdéain: tuitfidh sí go doilghiosach ar cheannuibh na ndrochdhaóine.
20
Ní fhillfidh fearg an TIGHEARNA, nó go ccríochnuighidh sé, agus go ccoimhlíonuidh sé smuáintighthe a chroidhe: measfuidhesi sin go diongmhalta annsna láethibh déighionacha.
21
Ní misi do chuir na fáighesi uáim, gidheadh do rithiodar: níor labhair mé ríu, gidheadh do thairrghireadar.
22
Acht da seasaidis ann mo chomhairlesi, agus go ttiubhraidís ar mo dhaóinibh mo bhriathra déisteachd, annsin dfillfedis íad ó na ndroichslighe, agus ó uilc a ngníomh.
23
An Día a ngar misi, a deir an TIGHEARNA, agus nach Día mé a bhtad uáit?
24
An bhféadann áonduine e féin dfolach a náitibh uaigneacha nach bhfaidfidh misi é? a deir an TIGHEARNA. Nach lionomsa neamh agus talamh, a deir an TIGHEARNA.
25
Do chúala mé cred a dúbhradar na fáighe, noch thairrghirios bréaga ann mainmsi, gha rádh, Daisling mé, daisling mé.
26
Ga fad bhías so a gcroidhthibh na bhfágh thairrghirios bréaga? a seadh, atáid na bhfáighibh ceilge a ccroidhe féin;
27
Noch shaóileas a thabhairt ar mo phobal mainm do dhearmad le na naislingthibh noch innisios gach áonduine da chomharsoin, amhuil do dhearmadar a naithre mainm ar son Bhaal.
28
An fáigh agá mbí aisling, inniseadh aisling; agus an té agá bhfuil mfocalsa, labhradh sé mo bhríathar go fírinneach. Cred é buáin na cátha ris an ccruithneacht? a deir an TIGHEARNA.
29
Nach bhfuil mo bhríatharsa cosmhuil re teine? a deir an TIGHEARNA; agus cosmhuil ré hórd bhrisios an charruic na blodhuibh?
30
Uimesin, féuch, a deir an TIGHEARNA, atáimsi a naghaidh na bhfágh, ghadas mo bhríathra gach aon díobh ó na chomharsoin.
31
Féuch, atáim a naghaidh na bhfágh, a deir an TIGHEARNA, bhláthuighios a tteanga, agus a deir, A dúbhairt sé.
32
Féuch, atáim a nagháidh na druinge thairrghirios brionglóide bréagacha, a deir an TIGHEARNA, agus innisios íad, agus do bheir ar mo phobal seachránughadh le na mbreaga, agus le na néattruime; agus ní misi do chuir uáim íad, nó daithin díobh: ar a nadhbharsin ní thairbheochuid síad don phobalso ar éanchor, a deir an TIGHEARNA.
33
¶ Agus a nuáir fhíafrochus an pobalso, nó fáigh, no sagart, díotsa, gha rádh, Cred é úalach an TIGHEARNA? déara tú ríu annsin, Cred an túalach? Eadhon tréigfidh mé sibhse, a deir an TIGHEARNA.
34
Agus ar son a nfágha, agus an tsagairt, agus an phobail, a déarus, Ualach an TIGHEARNA, cúairteocha mé ar an fhearsin agus a thigh.
35
Is marso a déarthaóisi gach uile dhuine re na chomharsoin, agus gach áon re na dhearbhrathair, Cred do fhreagair an TIGHEARNA? agus, Cred a dúbhairt an TIGHEARNA?
36
Agus ní thiucfuidhe thar úalach an TIGHEARNA ní sa mhó: óir budh úalach do gach áonduine a fhocal féin; óir do chláonabhair bríathra an Dé bhí, TIGHEARNA na slógh ar Ndíane.
37
Is marso a déara tú ris an bhfáigh, Cred do fhreagair an TIGHEARNA dhuit? agus, Cred do labhair an TIGHEARNA?
38
Acht ó dearthaóise, Ualach an TIGHEARNA; uimesin is marso a deir an TIGHEARNA; Do bhrígh go nabarthaói an focalso, Ualach an TIGHEARNA, agus gur chuir misi fios chugaibh, gha rádh, Ní aibeorthaói, Ualach an TIGHEARNA;
39
Ar a nádhbharsin, féuch, Misi, eadhon Misi dearmoda mé sibh thríd amach, agus tréigfidh mé sibh, agus an chathair thug mé dhaóibh féin agus da bhur naíthribh, agus teilgfidh mé amach as mo lathair sibh:
40
Agus do bhéara mé scannail shíorruidhe oruibh, agus náire shíothbhúan, nach dearmodthar.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52