bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 25
Jeremiah 25
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 26 →
1
An bhriathar noch tháinic go Ieremiah a ttaobh phobail Iúdah uile annsa cheathramhadh blíadhuin do Iehoiacim mhac Iosiah rígh Iúdah, ba hí sin an chéidbhlíadhuin do Nebuchadressar rígh na Babilóine;
2
Noch do labhair an fáigh Ieremiah re pobal Iúdah uile, agus ré muinntir Ierusalem uile, gha rádh,
3
On treas blíadhain déug do Iosiah mhac Amon rígh Iúdah, eadhon go nuige an lása, (sé sin an treas blíadhan fíthchiod,) tháinic focal an TIGHEARNA chugamsa, agus do labhair mé ribhsi, ag mochéirghe agus ag labhairt; acht níor éisteabhair.
4
Agus do chuir an TIGHEARNA chugaibh a uile sheirbhísigh na fáighe, ag éirghe go moch agus dá ccur úadh; acht níor éisteabhairse, ní mó do chláonabhair bhur cclúas do chluinsion.
5
A dúbhradarsan, Fillidhsi anois gach áon aguibh ó na dhroichshlighe, agus ó olc bhur ngníomh, agus áitreabhuidh annsa tír thug an TIGHEARNA dhibh féin agus dá bhur naithribh go sáoghal na sáoghal:
6
Agus ná himthighidh a ndiáigh dée oile dfoghnamh dhóibh, agus dá nadhradh, agus ná brostuighidhe misi chum feirge lé hoibreachaibh bhur lámh; agus ní dhéana mé dochar ar bith dhibh.
7
Gidheadh níor éisteabhair riom, a deir an TIGHEARNA; chor go ccoirreochadh sibh mé chum feirge lé hoibreachaibh bhur lámh chum bhur ndochair féin.
8
¶ Uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Do bhrígh nár éisteabhair mo bhriathra,
9
Féuch, cuirfidh mé uáim agus glacfa mé muinnteara an tuáiscceirt uile, a deir an TIGHEARNA; agus Nebuchadressar rígh na Babilóine, mo sheirbhíseach, agus do bhéara mé a naghaídh na tírese íad, agus a naghaídh a háitreabhthach, agus a naghaídh na ccineadhach so uile timchioll fa ccuáirt, agus scriosfuidh mé thríd amach íad, agus do dhéana mé úathbhás díobh, agus sgige, agus fásach síorruidhe.
10
Tuilleamh oile bhéara mé úatha gúth an tsúgartha, agus gúth na lúathgháire, gúth a nfír núadhphósta, agus gúth na mná núadhphósta, tormán na brón muilinn, agus solus na coinnle.
11
Agus biáidh an talamhso uile na fhásach, agus na úathbhás; agus foigheonuid na cineadhacha do rígh na Babilóine seachdmhoghad blíadhan.
12
¶ Agus tiucfaidh a ccrích, a núair choimhlíontar seachtmhoghad blíadhan, bhéara mé cuáirt ar rígh na Babilóine, agus air an ccineadhso, a deir an TIGHEARNA, do bhrigh a néigceirt, agus air dhúthaigh na Ccaildéanach, agus do dhéana mé fásach síothbhúan díobh.
13
Agus do bhéara mé air an ttalamhsin muile bhríathra noch do labhair mé na haghaídh, eadhon a nuile ní dá bfuil scríobhtha annsa leabharso, noch do thairrghir Ieremiah a naghaídh na ccineadhach uile.
14
Oír foigheonuid mórán cineadhach agus ríghthe móra dhóibh féin díobhsan mar an ccéadna: agus cúiteochuid ríu do réir a ngníomh, agus do réir oibreach a lámh féin.
15
¶ Oír is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel riomsa; Glac cupán fíona na díbhfheirgesi as mo láimh, agus tabhair ar na huile cineadh, gus a ccuirfe misi thú, ol de.
16
Agus iobhuid é, agus ccoirreochthar íad, agus béid ar buile, do bhrígh an chloidhimh chuirfios mé iona measg.
17
Annsin do ghlac misi an cupán as láimh an TIGHEARNA, agus thug mé ar na cineadhachaibh uile a ól, chum ar chuir an TIGHEARNA mé:
18
Mar atá Ierusalem, agus caithreacha Iúdah, agus a ríghthesin, agus a prionnsuidhe, do dhéanamh fásaigh dhíobh, agus úathbháis, agus magaidh, agus malluighthe; mar atá a niugh;
19
Phárao rígh na Hégipte, agus a sheirbhisigh, agus a phrionnsadha, agus a dhaoine uile;
20
Agus na daóine cumaisc uile, agus uile righthe thíre Us, agus uile ríghthe thíre na Bhphilistíneach, agus Ascelon, agus Assah, agus Ecron, agus fuighioll Asdod,
21
Edom, agus Moab, agus clann Ammon,
22
Agus uile ríghthe Tíor, agus uile ríghthe Sídon, agus ríghthe na noileán noch atá taobh thall dfairge,
23
Dedan, agus Tema, agus Bus, agus gach a bhfuil annsna corruibh is faide amach,
24
Agus uile ríghthe na Harábia, agus uile ríghthe na muinntire cumúiscthe áitreabhus annsa díothramh,
25
Agus uile ríghthe Simri, agus uile ríghthe Elam, agus uile ríghthe na Médianach.
26
Agus uile ríghthe an tuáisceirt, a goéin agus a bhfogus, ó áon go chéile, agus uile rioghachda an domhuin, noch atá ar ghnúis na talmhan: agus íobhuidh rígh Sesach na ndiáigh so.
27
Ar a nadhbharsin a déura tú ríu, Is mar so a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Ibhidh, agus bíthí ar meisce, agus sceithidh, agus tuitidh, agus na héirghidhe ní as mhó, do bhrígh an chloidhimh chuirfeas mé bhur measc.
28
Agus is amhluigh bhías, má dhíultuid an cupán do ghlacadh as do láimh dá ól, annsin a déara tú ríu, Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Go deimhin iobhthuidhse.
29
Oír, féuch, tosuighimse ar olc do thabhairt air an ccathruigh noch goirthear ann mainm, agus an mbía sibhsi go hiomlán gan smachdughadh? Ní bheithí gan smachtughadh: óir goirfiodsa air chloidhiomh chum uile áitreabhthach na talmhan, a deir TIGHEARNA na slógh.
30
Ar a nadhbharsin tairrghir thusa na naghaidh na bríathraso uile, agus abair ríu, Núallfuidb an TIGHEARNA ó nárd, agus laibheóruidh sé ó na áitreabh náomhtha, béicfidh sé go cúruhachdach ar a áit chomhnuidhe; agus do bhéara sé gáir, amhuil an drong bhrúighios na tarpainne, a naghaídh uile áitreabhthach na talmhan.
31
Tiucfaidh tormán go himlibh na talmhan; óir atá imreasan ag an TTIGHEARNA ris na cineadhachaibh, taigeoruidh sé ris a nuile fheóil, do bhéara sé an dream atá go holc, don chloidheamh, a deir an TIGHEARNA.
32
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Féuch, rachaidh olc amach ó chineadh go cíneadh, agus tóigfighear gáoth mhór súas ó imlibh na talmhan.
33
Agus béid mairbh an TIGHEARNA an lá sin ó chorr don talamh go nuige an ccuir oile don talamh: ní chaóinfíghear íad, ní chruinneochthar íad, ní mó adhlocthar íad; béid na naóileach air an ttalamh.
34
¶ Núalluídhsi, a thréaduighe na ccáorách, agus eighidh; agus unfuirtíghe sibh féin a lúaithreadh, a dhrong is prinnsiopallta don tréud: óir do coimhlíonadh láethe bhur náir agus bhur niomscaóilte; agus tuitfidhe amhuil soitheach dúileamhuil.
35
Agus ní bhiáidh conair teithmhe ar bith ag na háodhairibh cáorach, nó ag an ccuid is féarr do na tréaduighibh ar dul as.
36
Cluinfighear nuáill éighimh an tréaduighe, agus gúbha thogha an tréada: óir do mhill an TIGHEARNA a ninnbhior.
37
Agus atáid na háite comhnuidhe síothchánta, ar na ngearradh síos tre fheirg fhiochmhair an TIGHEARNA.
38
Do thréig sé a dhíon, amhuil an leomhan: óir atá a ttír úaigneach tre dhíbhfheirg an mhillteora, agus tré a fheirg fhíochmhairsion.
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 26 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52