bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Jeremiah 11
Jeremiah 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 12 →
1
An bhríathar noch tháinic go Ieremiah ón TTIGHEARNA, gha rádh,
2
Eístighsi briathra an chunnarthaso, agus labhruidh re fearuibh Iúdah, agus re háitreabhachaibh Ierusalem;
3
Agus abhairsi ríu, Is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel; Go madh malluighthe an té nach numhluighionn do bhríathraibh an chunnarthasa,
4
Noch daithin mé da bhur naithribh ann sa ló a ttug mé amach íad as crích na Hégipte, ó nfuirnís íaruinn, gha rádh, Umhluighidh dom ghlór, agus déanuidh íad, do réir a nuile ní aitheonas mé dhíbh: marsin budh sibhsi mo phobalsa, agus budh misi bhur Ndíasa:
5
Chor go ccoimhlíonfa mé na mionna thug mé dá bhur naithribh, fearann do thabhairt dóibh ag líonadh le mil agus lé bainne, mar atá sé a niugh. Annsin do fhreagair misi, agus a dúbhairt mé, Bíodh marsin, a THIGHEARNA.
6
Annsin a dúbhairt an TIGHEARNA riomsa, Fúagair na bríathraso uile a ccaithreachaibh Iúdah, agus a sráidibh Ierusalem, gha rádh, Eistighsi bríathra an chunnarthaso, agus déunuidh íad.
7
Oír do dhearbh misi go dúthrachdach dá bhur naithribh annsa ló a ttug mé aníos íad as crích na Hégipte, go nuige an lósa, ag éirghe go moch agus ag mionnughadh, gha rádh, Umhluighidh dom ghúth.
8
Gidheadh níor úmhluigheadar, ní mó do chláonadar a cclúas, acht do shiúbhail gach aon díobh a smuáineamh a ndrochchroidhe féin: uimesin do bhéara mé orra uile bhríathra an chunnarthaso, noch daithin mé do dhéanamh; acht ní dheárnadar íad.
9
Agus a dúbhairt an TIGHEARNA riomsa, Do fríth feall idir fhearuibh Iúdah, agus idir áitreabhthachuibh Ierusalem.
10
Dfilleadar ar a nais ar éigceartuibh a naithreadh rompa, noch do dhíult mo bhríatharsa déisteacht; agus do chúadar a ndiáigh dée oile dá nadhradh: do bhris tigh Israel, agus tigh Iúdah mo chunnradh noch do rinne mé ré na naithribh.
11
¶ Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, do bhéara mé olc orra, nach bá heidir léo do sheachna; agus da mbeith go ngoirfidis chugam, ní chluinfe mé íad.
12
Ann sin imeochuid caithreacha Iúdah agus áitreabhthacha Ierúsalem, agus éighfid ar na déeibh dá nofráluid túis: achd ní chuimhdeochuid síad íad ar áonchor a naimsir a ndonuis.
13
Oír is do réir uibhre do chaithreacha do bhádar do dhée, a Iúdah; agus do réir uibhre sráidionn Ierusalem do chuireabhair súas altóra don ní náireach sin, eadhon altóra do losgadh túise do Bhaal.
14
Uimesin ná guidhsi ar son an phobailsi, agus ná tóig súas comhairc nó urnuigh ar a son: óir ní éistfidh misi íad annsa nam a néighfid síad chugam ar son a mbuáidheartha.
15
Cred atá ag mo ghrádhach re a dhéanamh ann mo thighsi, ó rinne sí adhfhuathmhaireachda re móran, agus gur imthigh a nfeóil náomhtha úait? a nuáir do ní tú olc, is ann sin do gháirdighios tú.
16
Do ghoir an TIGHEARNA hainm, Crann glas ola, breághdha, agus do thoradh maith: le fuáim giorruic mhóir do dhearg sé teine air, agus do briseadh a ghéaga.
17
Oír dfúagair TIGHEARNA na slógh, do phlannduigh thusa, olc ad aghaidh, ar son uilc thighe Israel agus uilc thighe Iúdah, noch do rinneadar na naghaidh féin dom bhrostughadhsa chum feirge a nofráil túise do Bháal.
18
¶ Agus thug an TIGHEARNA a fhios damhsa, agus atá a fhios agam: annsin do thaisbéin tú a ngníomha dhamh.
19
Acht do bhí mé cosmhuil ré lubhán nó re damh bheirthior chum a mharbhtha; agus ní raibh a fhios agam gur thionscnadarsan tionnscnadh am aghaidh, gha rádh, Scriosam an crann maille re na thoradh, agus gearram amach é as tír na mbéo, chor nach ccuimhnighthear a ainm ní sa mhó.
20
Acht, a THIGHEARNA na slógh, a bhreathnuighios go ceart, dhearbhus na dubháin agus an croidhe, faicimsi do dhioghaltas orrasan: óir is duitsi dfoillsigh mé mo chúis.
21
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA re muinntir Anatot, noch íarrus do bhás, gha rádh, Ná tairrghir a nainm an TIGHEARNA, go nach néagair re ar láimhne.
22
Ar a nadhbharsin is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Féuch, smaichteocha misi íad: muirfighear na daóine óga ris an ccloidheamh; éugfuid a mic agus a ninghiona ré gorta:
23
Agus ní bhiáidh fuighioll díobh: óir do bhéara misi olc ar fhearuibh Anatot, eadhon blíadhuin a ccúarta.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52