bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 1
Judges 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 2 →
1
Anois tar éis bháis Iosua tárla, gur fhiafruigheadar clann Israel don TIGHEARNA, dhá radh, Ciá rachus uainn a naghaidh na Gcanaaníteach ar tús, do throid na naghaidh?
2
Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Rachaidh Iúdah súas: féach, thug mé an tir ann a laimhsion.
3
Agus a dubhairt Iúdah re Símeon a dhearbhrathair, Tárr súas liomsa ann mo chuid crannchair, chor go ttroidfiom a naghaidh na Gcanaaníteach; agus racha misi leachdsa már an gcéadna ann do chuid crannchairse. Mar sin do chúaidh Símeon leis.
4
Agus do chúaidh Iudah súas; agus thug an TIGHEARNA na Canaanítigh agus na Perísitigh ann a lámhuibh: agus do mharbhadár dhíobh a Mbésec deich míle fear.
5
Agus fuáradar Adonibesec a Mbéser; agus do throideadar na aghaidh, agus do mharbhadar na Canaanítigh agus na Perisitigh.
6
Ach do théith Adonibésec; agus do leanadar é, agus rugadar air, agus do ghearradar ordóga a lámh agus a chos de.
7
Agus a dubhairt Adonibésec, Trí fichthid agus deich rígh dar beanadh ordóga a lámh agus a gcos diobh, do chruinnigheadar a mbíadh fáoi mo bhórdsa: mar do rinne misi, is mar sin thug Día dioghaltas orm. Agus thugadar leó é go Hierusalem, agus fúair sé bás ann sin.
8
¶ Annois do throideadar mic Iúdah a naghaidh Ierusalem, agus do ghabhadar í, agus do bhúaileadar í le fáobhar an chloidhimh, agus do chiureadar an chathair tré theinidh.
9
Agus na dhiáigh sin do chuádar clann Iúdah síos do throid a naghaidh na Gcanaaníteach, noch do áitreibh annsa tslíabh, agus an táobh ó dheas, agus annsa ghleann.
10
¶ Agus do chuáidh Iúdah a naghaidh na Gcanaaníteach do áitreibh ann Hébron (annois do bé Círiat‐arba ainm Hebron roimhe so:) agus do mharbhadar Sesai, agus Ahíman, agus Talmai.
11
¶ Agus as sin do chuáidh sé a naghaidh áitreabhach Debir: (agus Ciriatsepher dob ainm roimhesin do Dhebir:)
12
Agus a dubhairt Cáleb, An té chláoidhfios Ciriat‐sepher, agus ghéabhus í, is dósin do bhéara mé Achsa minghion na mnáoi.
13
Agus do ghabh Otníel mhac Ceras, an dearbhrathair dob oíge ag Caleb an chathair: agus thug sé dhó Achsah a inghean na mnáoi.
14
Agus tárlá, a nuáir tháinic sí chuige, go ttug sí air fearann díarruidh air a hathair: agus do thuirling sí dá hassal; agus a dubháirt Cáleb ría, Créd as áill leachd?
15
Agus a dubhairt sisi ris, Tabhair beannachd dhamh: óir thug tú fearann tirim dhamh; tabhair dhamh mar an gcéadna srutháin uisge. Agus thug Caleb dhi na toibreacha úachdarach agus na toibreacha íochdarach.
16
¶ Agus do chuádar clann Chenitigh, athair mhna Mháoise, as cathruigh na ccrann pailme súas maráon ré cloinn Iúdah go fásach Iúdah, nóch atá don táobh ó dheas do Arad; agus do chúadar agus do chomhnuigheadar a measc na ndaoine.
17
¶ Agus do chuáidh Iúdah le Símeon a dhearbhrathair, agus do mharbhadar na Canaanítigh noch do áitreibh a Séphat, agus do scrios í go hiomlán. (Agus sé dob ainm don chathruigh Hormah.)
18
Mar an ccéadna do ghabh Iudah Gása maille re na cósduibh, agus Ascelon maille re na cóstuibh, agus Ecron maille re na cóstuibh.
19
Agus do bhí an TIGHEARNA re Iúdah; agus do dhíbir sé amach áitreabhuigh an tsléibhe; achd níor fhéad sé áitreabhuigh an ghleanna do dhíbirt, do chionn go raibh carbuid íaruinn aca.
20
Agus tugadar Hebron do Chaleb, mar a dubhairt Máoise: agus do dhíbir sé as sin trí mic Anac.
21
¶ Agus nír dhibriodar clann Bheniamin na Iebusítigh do áitreibh ann Ierusalem; achd dfanadar na Iebusitigh a bhfochair chloinne Beniamin gus a niugh ánn Ierusalem.
22
¶ Agus tigh Ioseph, do chúadarsan súas mar an gcéadna a naghaidh Bhetel: agus do bhí an TIGHEARNA maille riú.
23
Agus do chuir tigh Ioseph luchd bratha ar Bhetel. (Annois ba Lus ainm na eaíthreach roimhe sin.)
24
Agus do chonncadar an luchd bratha duine ag teachd amach as an gcathruigh, agus a dubhradar ris, Guidhmid thú, taisbéin dúinn, slighe dhul a steach na caithreachsa, agus do dhéanam trócaire ort.
25
Agus a núair do thaisbéin sé dhóibh slighe dhul a steach na caithreach, do bhuaileadar an chathair le fáobhar an chloidhimh; achd do leígiodar an fearsin as agus muinntir a thighe uile.
26
Agus do chúaidh an tóglach go dúithche na Hititeach, agus do thóg cathair, agus do ghoir Lus dainm dhi: sé sin is ainm dhi gus a niugh.
27
¶ Ní mó do dhíbir Manasseh áitreabhuigh Bhetsean agus a bailteadh, ná Táanach agus a bailteadh, ná áitreabhuigh Dor agus a bailteadh, ná áitreabhuigh Ibleam agus a bailteadh, ná áitreabhuigh Mhegiddo agus a bailteadh: achd ba mían leis na Canaanítibh comhnuighe san tír sin.
28
Ach tárla, a núair do bhí Israel láidir, gur chuireadar na Canaanítigh fa chíos, agus nar dhíbriodar thríd amach íad.
29
¶ Mar an ccéadna nior chuir Ephraim amach na Canaanítigh noch do áitreibh ann Géser; achd do áithreabhadair na Canaanítigh an Gesér na meascsan.
30
¶ Agus níordhíbir Sebulun áitreabhuigh Chítron, nó áitreabhuigh Nahalol; achd do chomhnuigheadar na Canaanítigh na measc san, agus tangadar fa chíos dóibh.
31
¶ Ní mó do dhibir Aser áitreabhuigh Accho, nó áitreabhuigh Sídon, nó Ahlah, nó Achsib, nó Helbah, no Aphic, nó Réhob:
32
Ach do chomhnuigheadar na Haseritigh a measc na Gcanaaníteach, áitreabhuigh an nfearuinn: óir níor dhíbriodar amach iad.
33
¶ Ni mó do dhíbir Naphtali áitreabhuigh Bhet‐semes, no áitreabhaigh Bhetanat; achd do áitribh sé a measc na Ccanaaníteach, áitreabhúigh an nfearuinn: gidheadh do bhádair aítreabhaigh Bhet‐semes agus Bhet‐anat fá chíos dóibh.
34
¶ Agus do choimhéignígheadar na Hámorítigh clánn Dan do chomhnuighe san tsliabh: óir níor fhuilingiodar dhóibh teachd a núas annsa ghleann:
35
Ach ba mían leis na Hamorítibh áitreabh do dhéanamh a slíabh Héres ann Aialon, agus a Sealbim: gidheadh rugadar lámha thighe Ioseph búaidh, ionnus go dtangadar fa chíos dóibh.
36
Agus do bé teóra na Namoriteach ó árd Acrabbim, ón ccaruig, agus ó sin súas.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21