bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 21
Judges 21
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
1
A nois tugadar fir Israel mionna a Mispeh, dhá rádh, Ni thiubhra éinneach aguinne a inghean do Bheniamin na mnaoi.
2
Agus tangadar an pobal go tigh Dé, agus dfanadar ann go nóin a lathair Dé, agus do thógbhadar súas a nguth, agus do ghuileadar go géar;
3
Agus a dubhradar, A THIGHEARNA Día Israel, cred fá ttárla so ann Israel, go mbíadh a niugh treabh deasbhuigh ann Israel?
4
Agus tarla ar na mhárach, gur éirgheadar an pobal go moch, agus go ndeárnadar altóir ann sin, agus gur ofráladar íodhbuirt loiscthe agus ofráil shíothchána.
5
Agus a dubhradar clann Israel, Cía atá a measg uile threabha Israel nach ttáinic súas ris an ccomhchruinniughadh chum an TIGHEARNA? Oír thugadar mionna móra a ttaobh an té nach dtáinic súas chum an TIGHEARNA go Mispeh, gha rádh, Cuirfighear go deimhin chum báis é.
6
Agus do ghabh aithreachus clann Israel fa na ndearbhrathair Beniamin, agus a dubhradar, Atá treabh ar na gearradh thrid amach ó Israel a niugh.
7
Cred dhéanam fa mhnáibh don mhéid mhairios, do bhrígh go ttugamar an TIGHEARNA mar mhionnuibh nach dtiubhramaois ar ningheana dhóibh mar mhnáibh?
8
¶ Agus a dubhradar, Cía an duine do threibh Israel nach dtáinic súas go Mispeh chum an TIGHEARNA? agus, feach, ní thaínic éainneach don champa ó Iabes‐Gílead chum an chomhchruinnigh.
9
Oír do háirmheadh an pobal, agus, feach, ní raibh éainneach do aitreabhuigh Iabes‐Gílead annsin.
10
Agus do chuireadar an comhchruinniughadh uátha annsin dhá mhíle dhéag fear don droing bá beódha dhíobh, agus daíthnigheadar dhíobh, ga rádh, Eirgidhe marbhuidh áitreabhuigh Iabes‐Gílead le faobhar an chloidhimh, na mná fos agus na leanba.
11
Agus sé so an ní do dhéantaoi, scriosfuidhe thríd amach gach uile fheardha, agus gach uile bhannda do luigh le fear.
12
Agus fuáradar a measc áitreabhach Iabes‐Gílead ceithre chéad maighdion ógmhná, ag nach raibh fios fir le luighe re fear ar bith: agus tugadar leó íad don champa go Síloh, noch atá a ttír Chánáan.
13
Agus do chuireadar an cómhchruinniughadh uile daóine do labhairt re cloinn Bheniamin noch do bhí ar charruic Rimmon, dá ngairm go síothehánta.
14
Agus táínic Beniamin a rís fan namsin; agus tugadar na mná dhóibh noch do chumhdaigheadar beó do mhnáibh Iabes‐gílead: gidheadh fós ní thugadar mar sin a ndíol dóibh.
15
Agus do ghabh aithreachus an pobal fá Bheniamin, do chionn go ndeárna an TIGHEARNA briseadh a ttreabhuibh Israel.
16
¶ Ann sin a dubhradar seanóirigh an chomhchruinnigh, Cred do dhéanam dfagháil ban don mhéid mhairios, ó scriosadh na mná as Beniamin?
17
Agus a dubhradarsan, Caithfighior oighreachd do bheith ag an mhéid do chuáidh as do Bheníamin, chor nach scriostar amach treabh ó Israel.
18
Gidheadh ní fhéadmaoid mná do thabhairt dóibh dar ningheanuibh féin: óir thugadar clann Israel mionna, dhá rádh, Go ma malluigh an té bhéarus bean do Bheniamin.
19
Ann sin a dubhradarsan, Féach, atá féasta don TIGHEARNA a Síloh gacha bliadhna noch atá don táobh thuáigh do Bhetel, don táobh shoir don tslighe mhóir noch téid súas ó Bhetel go Schechem, agus táobh ó dheas do Lebonah.
20
Uime sin do aithnigheadar do chloimn Bheniamin, gha rádh, Eirghidh agus cuirigh luidheachán an sna fíneamhnuibh;
21
Agus féachuidh, agus, tugaidh aire, má thigid ingheana Shíloh amach do dhéanamh ringthe a ringthaibh, annsin tigidhsi amach as na fíneamhnuibh, agus glacadh gach eánduine aguibh a bhean féin dingheanuibh Shíloh, agus éirgidhe go tír Bheniamin.
22
Agus is amhluigh bhías, a nuáir thiocfaid a naithre nó a ndearbhráithre do chasaóid rinne, go naibéoram ríu, Bithi muinnteardha ríu air ar soinne: do chionn nar shábhálamar a bhean féin dá gach nduine annsa chogadh: óir ní sibhsi thug dhóibh a nuairsi, as go mbíadh sibh ciontach.
23
Agus do rinneadar clann Bheniamin mar sin, agus tugadar mná chuca, do réir a nuibhre, don luchd bhí ag damhsa, noch air a rugadar: agus dimthigheadar agus dfilleadar dá noighreachd, agus do athnuaidheadar na caithreacha, agus do áitreabhadar ionta.
24
Agus dimthigheadar clann Israel rompa as sin an tansin, gach áon dá threibh féin agus chum a mhuinntire, agus dimthigheadar amach as sin gach áon dá oighreachd féin.
25
Ní raibh rígh ar bith a Nisrael ansna láethibhsin: do níodh gach nduine an ní badh toil leis féin.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21