bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 7
Judges 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 8 →
1
Ann sin do éirigh súas Ierubbaal, sé sin Gideon, agus an pobal do bhí na fhochair, go moch, agus do shuigheadar láimh re tobar Hárod: ionnus go raibh slúaigh na Mídianach don táobh thuáigh dhíobh, láimh re cnoc Móreh annsa ghleann.
2
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Gideon, Atáid na daóinesi ad fhochairsi ro iomadamhuil dhamhsa re thabairt na Midianach ann a lámhuibh, deagla go mbeith úabhar ar Israel am aghaidhsi, gha rádh, Sí mo lámh féin do thárrthuigh mé.
3
Anois ar a nádhbharsin tiomáin ort, fúagair a gcluasuibh na ndaóineadh, gha rádh, Gidh bé air a bhfuil uamhan nó eagla, filleadh sé agus imthigheadh go moch ó shliabh Gílead. Agus do fhill annsin do phobal, dhá mhile agus fithche; agus dfanadar deich míle.
4
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Gideon, Atáid an slúagh ro líonmhar fós; tabhair leachd síos iad chum a nuisge, agus teisteochadsa annsin duit íad: agus is amhluigh bhías, gidh bé ar a ndéara misi, Imthigheadh an fearsa leachd, rachuídh an fearsin leachd; agus gidh bé ar a ndeara mé, Ná himthigheadh an fearsa leaohd, ní rachuidh an fearsin leachd.
5
Marsin thug sé a núas na daóine chum a nuisge: agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Gideon, Gach áon dá lighfidh súas an tuisge le na theangaidh, mar do dhéanadh madradh, cuirfe tú an té sin ar leith; mar an gcéadna gach aon dá ccromann síos ar a ghlúinibh dól dighe.
6
Agus uibhir na ndáoine do ligh, ag cur a láimhe chum a mbeóil, bá trí chead fear: achd an chuid eile uile don phobal do chromadar síos ar a nglúinibh dól uisge.
7
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Gideon, Is leis na trí chéud fear do ligh súas an tuisge thárrthochus mé sibh, agus thoirbheorus mé na Midianuigh ann do láimh: agus imthigheadh cách uile gach áon díobh dá ait féin.
8
Mar sin do rug an pobal lónn léo iona lámhuibh, agus a stuic: agus do chuir sé an chuid eile Disrael gach áon díobh dá lóistín, agus do chongbhuigh na trí chéad fearsin: agus do bhí slúagh Mhídian táobh shíos diobh annsa ghleann.
9
¶ Agus tárla a noidhche sin féin, go ndúbhairt an TIGHEARNA ris, Eirigh, síos, a gcionn an tslóigh; óir thug misi ad láimh é.
10
Ach má bhíonn eagla ort dul síos, éirigh le Phúrah do sheirbhiseach síos chum an tslóigh:
11
Agus cluinfidh tú cred a déaruid síad; agus na dhiáigh sin neartochar do lámha do dhul síos chum an tslóigh. Annsin do chuáidh sé síos lé Phurah a shearbhfoghantuigh gus an gcuid amuigh do na daoinibh armtha do bhí san tslúagh.
12
Agus do bhadar na Mídianuigh agus na Hamalecitigh agus clann a noirthir uile ar feadh an ghleanna amhuil dhorsain ar líonmhaireachd; agus do bhádar a gcámhuill dóáirmhigh mar an ngaineamh ar thráigh na fairge ar iomadamhlachd.
13
Agus a nuáir tháinic Gideon, féuch, do bhí duine dinnis aisling dha chumpánach, agus a dubhairt, Féach, do chonnairc me aisling, agus, féach, tháinic bairghin dáran eórna a measc shluáigh Mhídian, agus thainic go páillíun áirigh, agus do bhuáil é nó gur thuit sé, agus do theilg bun ós cionn é, gur shín an paillion ar a fhaide.
14
Agus do fhreagair a chompánach é, agus a dubhairt, Ni ní ar bith oile so ach cloidhiomh Ghideon mhic Ióas, duine do Israel: óir thug Día Mídian iona láimh, agus an slúagh uile.
15
Agus is amhluigh do bhí a nuáir do chúala Gideon innísin na haislinge, agus a heidirmhíniughadh, go ndearna adhradh, agus gur iompóigh go slúagh Israel, agus go ndubhairt, Eirghidhe; óir thug an TIGHEARNA slúagh Mhídian an bhur láimh.
16
¶ Agus do roinn sé na trí chéad fear a ttrí ccuideachduibh, agus do chuir stoc a láimh gach áonduine, maille re soithighibh folmha, agus lochranadh annsna soithighibh.
17
Agus a dubhairt sé ríu, Féachuidh ormsa, agus déanuidh mar an gcéadna: agus, féach, a nuáir thiocfas mé táobh amuigh don champa, is amhluigh bhías, mar do dhéana misi, is mar sin do dhéantaoise.
18
A nuáir shéidfios misi stoc, mé féin agus a bhfuil am fhochair, ann sin séidighsi na stuic mar an gcéadna ar gach uile tháobh don champa, agus abraidh, Cloidhiomh an TIGHEARNA agus Ghideon.
19
¶ Marsin thainic Gideon, agus an céad fir do bhí na fhochair, don táobh amuigh don champa a ttosach na faire meadhonuigh; agus ní mó ná gairid roimhe do chuireadar a nfaire amach: agus do shéidiodar na stoic, agus do brisiodar na soithighe do bhí na lámhuibh.
20
Agus do shéideadar na trí chuideachda na stuic, agus do bhrisiodar na soithighe, agus do chongmhadar na lochranadha iona lámhuibh clé, agus na stuic íona lámhuibh deasa chum séidthe: agus do gháireadar, Cloidheamh an TIGHEARNA, agus Ghídeon.
21
Agus do sheas gach éanduine na áit féin timchioll an champa; agus do rithiodar an slúagh uile, agus do éighmhiodar, agus do theithiodar.
22
Agus do shéidiodar na trí chéad na stuic, agus diompóigh an TIGHEARNA cloidhiomh gach éan duine dhíobh a naghaidh a chumpánuigh, ar fad an tslúagh uile: agus do theith an slúagh go Betsitah ann Sererat, agus go teóruinn Abel‐meholah, go nuige Tabbat.
23
Agus do chruinnigheadar muinntir Israel íad féín a ccionn a cheile as Naphtali, agus as Aser, agus as Mhanasseh uile, agus do leanadar a ndíaigh na Midianach.
24
¶ Agus dó chuir Gideon teachda ar feadh shléibhe Ephraim, gha rádh, Tigidh a núas a naghaidh na Mídianach, agus gabhuibh rompa na huisgidhe go Bet‐barah agus go Iordan. Ann sin do chruinnigheadar muinntir Ephraim íad féin a cceann a chéile, agus do ghabhadar na huisgidhe go Bet‐barah, agus go Iordan.
25
Agus do ghabhadar días do phrionnsadhaibh na Mídianach, Oreb agus Seeb; agus do mharbhadar Oreb ar charruic Oreb, agus do mharbhadar Seeb a ccantáoir fhíona Sheeb, agus do leanadar Midian, agus tugadar cinn Oreb agus Sheeb leó go Gideon don taoibh oile do Iordan.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21