bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 16
Judges 16
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 17 →
1
Ansin do chúaidh Samson go Gasa, agus do chonnairc meirdreach ann sin, agus do bhí aice.
2
Do hinnseadh do na Gasitibh, ga rádh, Tháinic Samson annso. Agus tangadar na thimchioll, agus do chuireadar luigheachan roimhe air feadh na hoidhche a ngeata na caithreach, agus do bhádar suaimhneach air feadh na hoidhche, gha rádh, Bíam ar ttochd go solus na maidne, annsin muirfeam é.
3
Agus do luigh Samson go meadhon oidhche, agus deirigh san meadhon oidhche, agus do ghlac doirsi gheata na caithreach, agus an dá phosta, agus dimthigh roimhe léo, maille ris an mbarra, agus do chuir ar a ghuaillibh íad, agus rug súas ar mhullach cnoic atá ás coinne Hébron íad.
4
¶ Agus tarla na dhiáigh sin, gur ghrádhuigh sé bean a ngleann Sorec dar bhainm Dalilah.
5
Agus tangadar tighearnuidhe na Bhfhilistíneach chuice, agus a dubhradar ría, Meall é, agus féach cáit a bhfuil a neart mór, agus ciondus fhéadfuimne buáidh do bhreith air, chor go bhféadfam a cheangal da phíanadh: agus do bhéaram dhuit gach aon aguinn áoinchéaddéag píosa airgid.
6
Agus a dubhairt Dalilah re Samson, Guidhim thú, innis damh cáit a bhfuil do neart mór, agus cred lé bhféadfuídhe do cheangal lé a bpíanfuidhe thú?
7
Agus a dubhairt Samson ría, Má cheangluid síad mé lé seachd ngaduibh úra nach ar tiormuigheadh a riamh, ann sin biáidh mé lag, agus biáidh mé mar gach nduine eile.
8
Ann sin tugadar tighearnuidh na Bhphílistíneach chuice súas seachd ngaid úra, nach ar tiurmuigheadh fós, agus do cheangail sí léo sin é.
9
Anois do bhádar daoine a luidheachán ag fuireach léithsi san tséomra. Agus a dubhairt sí ris, Atáid na Philistinigh ort, a Shamson. Agus do bhris seision na gaid mar do brisfeadh snáithe barruigh a nuair bheanas teinidh ris. Mar sin nar bhfios a neart.
10
Agus a dubhairt Dalilah re Samson, Féuch, do rinne tú magadh orum, agus dinnis tú bréag dhamh: anois guidhim thú, innis damh, cred lé bhféadfuidh do cheangal.
11
Agus a dubhairt seision ría, Má chéangluid síad go daingean mé lé rópadhnibh núadha nar cuireadh a ríamh a bhféidhm, ann sin biáidh mé lag, agus biáidh mé mar gach nduine eile.
12
Uime sin do ghlac Dalilah rópadha nuadha, agus do cheangail eision léo, agus a dubhairt sí ris, Atáid na Philistínigh ort, a Shamson. (Agus do bhádar daóine a luidheachán annsa tseomra.) Agus do bhris sé íad mar shnáithe dhá lámhuibh.
13
Agus a duhbairt Dalilah re Samson, Go nuige so do mheall tú mé, agus dinnis tú bréaga dhamh: innis damh cred ler bhféidir do cheangal. Agus a dubhairt seision ría, Má fhíghionn tú seachd nduail mo chinn leis an ngarmuin.
14
Agus do dhaingnidh sí íad leis an ttáirnge, agus a dubhairt sí ris, Atáid na Philístinigh ort, a Shamsoin. Agus do mhúscail sé as a chodladh, agus dimthigh roimhe maille re táirnge na garman, agus leis an ngarmuin féin.
15
¶ Agus a dubhairt sisi ris, Cionnus fhéadus tú a rádh, Is ionmhuin liom thú, a nuáir nach bhfuil do chroidhe leam? do mheall tú mé na trí huáiresi, agus níor innis tú dhamh cáit a bhfuil do neart mór.
16
Agus tárla, a nuáir do bhí sí dhá shárughadh gach laói lé na bríathraibh, agus gur choimhéignigh sí é, iondus gur bhuáidhir sí a anum chum báis;
17
Ar chor gur innis di a chroidhe uile, agus go ndubhairt ría, Níor cuireadh sgían bhearrtha ríamh ar mo cheann; do bhrígh gur Nasaríteach do Dhía mé ó bhroinn mo mhathar: ma bheárrtar mé, annsin rachaidh mo neart uáim, agus biáidh mé lag, agus biáid mar dhuine eile.
18
Agus a nuáir do chonnaírc Dalilah gar innis sé a inntin uile dhi, do chuir si fios agus do ghoir sí tighearnuigh na Bhphilistineach, gha rádh, Tigidh súas a nuáirsi, óir do fhoillsigh sé a chroidhe uile dhamh. Annsin tangadar tighearnuigh na Bhphilistineach súas chuice, agus tugadar airgiod leó na laímh.
19
Agus thug si air codladh ar a glúinibh; agus do chuir fios ar óglach, agus thug sí air na seachd ndúail do bhí ar a cheann do bhearradh; agus do thionnscuinn si a bhuáidhréadh, agus do chuáidh a neart úadh.
20
Agus a dubhairt sí, Ataíd na Philistínigh ort, a Shamson. Agus do mhúscail seision as a chedladh, agus a dubhairt sé, Rachaidh mé amach mar uairibh eile roimhe, agus croithfidh mé mé féin. Agus níor bhfeas dó gur imthigh an TIGHEARNA úadh.
21
¶ Ach do ghabhadar na Philistinigh é, agus do bheanadar a shuile as, agus rugadar síos go Gasa é, agus do cheangladar é le boltuighibh praís; agus do bhí sé ag meilt a ttigh an phríosúin.
22
Achd cheana do bhí gruag a chinnn ag fás a rís amhuil is a núair do bearradh é.
23
¶ Ann sin do chruinnigheadar tighearnuidh na Bhphilistineach a bhfochair a chéile dofráil iodhbartha mór dá ndía Dágon, agus do dheánamh gaírdeachuis: óir a dubhradar, Thug ar ndía Samson ar námhuid ionar láimh.
24
Agus a núair do chonncadar an pobal é, do mholadar a ndía: óir a dubhradar, Thug ar ndía ar námhuid ionar lámhuibh, agus argthóir ar ttíre, noch do mharbh mórán dínn.
25
Agus tárla, a núair do bhadar a gcroidhthe súgach, go ndubhradar, Goirídh ar Shamson, go ndéana sé súgradh dhúinn. Agus do ghoireadar ar Shamson as tigh an phríosúin; agus do rinne sé spórt dóibh: agus do shuigheadar idir na pilearuibh é.
26
¶ Agus a dubhairt Samson ris an mbúachuill agá raibh sé air laímh, Léig dhamh breith ar na piléaruibh air a seasann an tigh, go léigidh mé orra mé.
27
Anois do bhí an tigh lán dfearuibh agus do mhnáibh; agus do bhádar tighearnuidh na Bhphilistíneach uile ann; agus do bhí ar mhullach an tighe trí mhíle fear agus bean, do bhí ag féachuin an feadh do bhí Samson ag déanamh spoírt.
28
Agus do ghoir Samson ar an TTIGHEARNA, agus a dubhairt sé, A THIGHEARNA Día, guidhim thú, cuimhnigh orum, agus neartuigh mé, a néanuairse amháin a Dhé, iondus go ndéanuinn dioghaltas a neínfeachd ar na Philistineachuibh ar son mo dhá shúl.
29
Agus do ghlác Samson greim don dá phosta meadhonach noch do bhí ag congmháil an tighe súas, agus air ar hiomchradh é a náirde, air philéur aca le na láimh dheis, agus air a bpiléur eile le na láimh chlé.
30
Agus a dubhairt Samson, Fagham bás a néinfeachd leis na Philistinibh. Agus do chrom é féin lé na neart uile; agus do thuit an tigh air na tighearnadhuibh, agus ar a raibh ann do dhaóinibh, ionnus gur mó na mairbh do thuit leis agá bhás ná an mhéid do mharbh sé na bheathuigh.
31
Ann sin tangadar a dhearbhráithre, agus tigh a athar uile a nsúas, agus rugadar leó súas é, agus do adhlaiceadar é idir Sorah agus Estaol a róimh adhlaicthe Mhanoah a athair. Agus do rinne sé breitheamhnuis ar chloinn Israel fichthe blíadhan.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21