bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 13
Judges 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 14 →
1
Agus do rinneadar clann Israel a rís olc a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA; agus thug an TIGHEARNA a láimh na Bhphilistíneach íad ceathrachad blíaghan.
2
¶ Agus do bhí fear áirigh as Sórah do chinéul na Ndaníteach, dar bhainm Manoah; agus do bhi a bhean aimrid, agus ní rug sí clann.
3
Agus táinic aingeal an TIGHEARNA gus an mnaoi, agus a dubhairt sé ría, Féach anois, atá tú aimrid, agus ni bheirion tú clann, achd bíaidh tú torrach, agus béara tú mac.
4
Anois ar a nadhbharsin, guidhim thú, bí ar do choimhéad agus ná hibh fíon nó deoch láidir, agus ná hith eainní neamhghlan:
5
Oír, féach, biaidh tú torrach, agus béara tú mac; agus ni racha sgian bhéarrtha ar a cheann: óir bíaidh an leanamh na Nasaríteach do Dhía é bhroinn a mhathar; agus toiséóchuigh sé Israel do sháoradh ó láimh na Bhphilistíneach.
6
¶ Ann sinn tháinic an bhean agus dinnis sí dhá fear, ghá rádh, Tháinic ógfach Dé chugam, agus bá cosmhuil a ghnúis ré gnúis aingil Dé, ró úathbhásach: ach níor fhiafruigh mé dhe cá has dó, agus ní mó dinnis sé a ainm dhamh:
7
Achd adubhairt sé riom, Féach, biáidh tú torrach, agus béara tú mac; agus a nois ná híbh fíon nó deoch laidir, agus ná hith éinní neamhghlan: óir biáidh an leanamh na Nasaríteach do Dhía ó bhruinn a mhathar go ló a bháis.
8
¶ Ann sin do ghuidh Manoah an TIGHEARNA, agus a dubhairt sé, O mo THIGHEARNA, tigeadh óglach Dé noch do chuir tú uait chugainn a rís, agus múineadh dhúinn cred do dhéanam don leanamh béarthar.
9
Agus déist Día re glór Mhanoah; agus tháinic aingeal Dé a rís chum na mná ar mbeith dhí na suidhe ar an machaire: ach ní raibh Manoah a fear na fochair.
10
Agus do rinne an bhean deithfir, agus do rith, agus do thaisbéan dá fear, agus a dubhairt ris, Féuch, tháinic an duine chugamsa, noch tháinic chugam an lá oile.
11
Agus déirigh Manoah, agus do chúaidh a ndiáigh a mhná, agus tháinig gus a nóglach, agus a dubhairt ris An tusa an té do labhair ris an mnaoi? Agus a dubhairt seision, Is mé.
12
Agus a dubhairt Manoah, Anois tigdís do bhríathra chum criche. Cionnus oilfeam an leanamh, agus cred do dhéanam ris?
13
Agus a dubhairt aíngeal an TIGHEARNA re Manoah, Tugadh an bhean a haire dá gach éinní dá ndubhairt misi ría.
14
Na hitheadh si éainní dá ttig as a bhfíneamhuin, agus ná hibhiodh fíon nó déoch láidir, agus na hitheadh éainní neamhghlán: coimhéadadh sí a nuile ní dar aithin misi dhi.
15
¶ Agus a dúbhairt Manoah re aingeal an TIGHEARNA, Guidhim thú, fan aguinn, nó go ndeasuigheam meannán dhuit.
16
Agus a dubhairt aingeal an TIGHEARNA re Manoah, Bíodh go ccuinneocha tú mé, ní íosa mé dot arán: agus má ofrálann tú ofráil loisge, is don TIGHEARNA ofráilfios tú í. Oir ní raibh a fhios ag Manoah gur bhé aingeal an TIGHEARNA é.
17
Agus a dubhairt Manoah re haingeal an TIGHEARNA, Ca hainm thú, chor a nuair thiucfaid do bhríathra a gcrích go ndéanam onóir dhúit?
18
Agus a dubhairt aingeal an TIGHEARNA ris, Cred fá bhfíafruighionn tú mammsin marso, ó tá sé ar cheilt?
19
Mar sin do ghlac Manoah meannán maille re ofráil bídh, agus dofráil sé ar charruig é don TIGHEARNA: agus do rinne an taingcal go hiongantach; agus do bhí Manoah agus a bhean ag féachuin air.
20
Oír tárla, a núair do chuáidh an lasair súas leath re neamh ó naltóir, go ndeachaidh an taingeal súas a lasair na haltóra. Agus dféach Manoah agus a bhean air sin, agus do thuiteadar ar a naighthibh chum na talmhan.
21
(Acht ní thaínic aingel an TIGHEARNA ní budh mó dionnsuighe Mhanoah nó a mhná). Annsin do aithin Manoah gur bhaingeal don TIGHEARNA é.
22
Agus a dubhairt Manoah ré na mhnáoi, Do gheabham bás go deimhin do bhrígh go bhfacamar Diá.
23
Acht a dubhairt a bhean ris, Dá madh í toil an TIGHEARNA ar marbhadh, ni ghéabhadh sé ofrail loisge no ofráil bhídh as ar lámhaíbh, agus ní mó do thaisbéunfadh sé na neithesi dhúinn, no dinneosadh dhúinn fá namsa a leitheid so do neithibh.
24
¶ Agus do rug an bhean mac, agus thug sí Samson dainm air: agus dfás an leanamh, agus do bheannuigh an TIGHEARNA é.
25
Agus do thosuigh spiorad Dé ar a chorrughadh ar úairibh a ccampa Dhan edir Shorah agus Estoal.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21