bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 5
Judges 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 6 →
1
An sin do chán Deborah, agus Bárac mhac Abinoam an lá sin, dha rádh,
2
Moluighsi an TIGHEARNA, do chionn dioghaltais Israel, á núair do thoirbhriodar na daoine íad féin go toileamhuil.
3
Eistighe, O a ríghthe; tugaidh aire, a phrionnsuidhe; cánfuidh misi, misi féin, don TIGHEARNA; cánfuidh mé moladh don TIGHEARNA Día Israel.
4
A THIGHEARNA, a núair do chuáidh tú amach as Seir, a nuáir do chuáidh tú ar haghaidh as machaire Edom, do chriothnuigh an talamh, agus do shileadar na neamha, agus na neóill mar an gcéadna do shileadar uisge.
5
Do leaghadar na sléibhte roimhe ghnúis an TIGHEARNA, Sínai féin roimhe ghnúis an TIGHEARNA Día Israel.
6
A láethibh Shamgar mhic Anat, a láethibh Iael, do bhádar na slíghthe mora gan tathuighe, agus do shiabhluighedis luchd imtheachda na sligheadh a róduibh seachránacha.
7
Do sguireadar áitreabhuigh na mbailteadh, do sguireadar a Nísrael, nó gur éirigh mise Deborah, gur eirigh me am mhathair a Nísrael.
8
Do thoghadar dée núadha; annsin do bhí an cogadh ansna doirsibh: an bhfacus sgíath nó gath a measc cheathrachad míle a Nisrael?
9
Atá dúil mo chroidhe a núachdaránuibh Israel, noch do thoirbhir íad féin go toileamhuil a measg an phobail. Beannuighi si an TIGHEARNA.
10
Labhradh sibhsi do ní marcuigheáchd ar assaluibh bána, a luchd shuidhios a mbreitheamhnus, agus shiubhluighios an tslighe.
11
An drong do sháoradh ar fhuáim na saighdeoradh a náitibh tairngthe a nuisge, ann sin foillseochuid síad ghníomhradh firéanta an TIGHEARNA, eadhon na gníomha fíreanta a ttaobh áitreabhach a bhailteadh a Nisrael: annsin rachaidh pobal an TIGHEARNA síos gus na geatadhuibh.
12
Múscail, Múscail, a Dheborah: múscuil, múscuil, cán dán: éirigh, a Bhárac, agus tréoruidh do bhraighdionus a mbruid, thusa a mhic Abínoam.
13
Annsin thug sé ar an té mhairios go mbiáidh uachdaránachd aige ós cionn na núasal a measg an phobail: thug an TIGHEARNA orumsa tighearnus do bheith agam ós cionn na gcomhachdach.
14
Amach as Ephraim do bhí fréamh dhíobh a naghaidh Amalec; ad dhiáigh si, a Bheniamin, a measg do phobail; amach as Machir thangadar úachdaráin a núas, agus amach as Sebulun thainic an drong ghlacus peann an scribhnéora.
15
Agus do bhádar prionnsuidhe Issachar a bhfochair Dheborah; eadhon Issachar, agus Bárac mar an ccéadna: do cuireadh dha chois chum an ghleanna é. Air son ronna Reuben do bhádar smuaintighe móra croidhe.
16
Cred fá ndéarnuis comhnuighe a measg bhánrach na gcáorach, déisteachd re méiligh na ttréud? ar son ronna Reuben do bhí spíonadh mór croidhe.
17
Do rinne Gílead comhnuighe taobh thall do Iordan: agus cred far fhan Dan a loingios? do rinne Aser comhnuighe ar thráidh na fairge, agus do fhan anna bhéarnuibh.
18
Agus bá dáoine Sebulun agus Naphtali do chuir a nanmanna a mbáoghal go bás a náitibh árda an mhachaire.
19
Tangadar na ríghthe, agus do throideadar, annsin do throídeadar ríghthe Cánaan a Dtaanac láimh re huisgidhibh Mhegiddon; níor ghabhadar éadáil ar bithairgid.
20
Do throideadar ó fhlaitheamhnus; do chathuigheadar na réulta ann a slighthibh a naghaidh Shisera.
21
Do fhúaduigh an abhann Císon le íad, an tseanabhannsin, a nabhann Císon. O mo anum, do shaltuir tú síos neart.
22
Annsin do briseadh ingne na neach do bhrígh a niomrúaguidh, iomrúagadh a neach árrachda.
23
Malluighidhsi Méros, (do ráidh aingel an TIGHEARNA), malluighidhsi go deanachdach a háitreabhuigh; do chionn nach dtangadar a ccabhair an TIGHEARNA, a ccabhair an TIGHEARNA a naghaidh na ccumhachdach.
24
Budh beannuigh bhías Iael ós cionn na mban bean Heber an Ceniteach, budh beannuigh í ós cionn bhan ansa bpáilliún.
25
Diarr sé uisge, agus thug sí bainne dhó, thug sí im amach a meis thighearnamhuil.
26
Do chuir sí a lámh ansa táirnge, agus a lámh dheas ar gceannaire na noibrigheadh; agus do bhúail sí Sisera leis an ngeannaire, do gheárr sí a cheann de, núair do tholl sí agus do bhúail si é tre na chamóig ara.
27
Dumhluigh sé agá cosuibh, do thuit sé, do luigh se síos: aga cosuibh do umhluigh sé, do thuit sé: mar ar chláon sé, annsin do thuit sé síos marbh.
28
Dféuch mathair Shisera amach ar fhuinneóig, agus do eígh thríd an laitís, Cred fá bhfuil a charbad an fad so ag teachd? Cred fa bhfanuid rithleain a charbad?
29
Do fhreagradar a baintighearnadh glioca í, fós, do fhreagair sisi í féin,
30
Nach rugadar búaidh? nach ar roinneadar a néadail; da gach eaínfear cailin no dhó; do Shisera éadáil ioldhathach, éadáil ioldhathach dobair shnathaide, ioldhathach dobair shnathaide air gach táoibh, fhá bhraighdibh an luchd éadala.
31
Marsin a THIGHEARNA go gcláoidhtear do naimhde uile: ach bíodh an mheid ler bhionmhuin é mar an ngreín a núair éirghios súas iona neart. Agus do bhí súaimhnios agan talumh ceathrachad blíadhan.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21