bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 18
Judges 18
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 19 →
1
Ann sna laéthibhsin ní raibh rígh ar bith a Nísrael: agus annsna láethibhsin díarr treabh Dhan oighreachd dóibh féin ann a gcoimhneochaidís; oir níor thuit a noighreachd uile chuca a measc threabh Israel go nuige an lá sin.
2
Agus do chuireadar clann Dan cúigear dá muinntir as a ttir, dáoine árrachda, ó Shórah, agus ó Estaol, do bhrath na tíre, agus dá cuartúghadh; agus a dubhradar riú, Eírgidhe, cúartuighidh an dúithche: agus íadsan a núair thangadar go slíabh Ephraim, go tigh Mhícah, dfanadar annsin a noidhchesin.
3
A nuáir do bhádar láimh ré tigh Mhícah, daithnigheadair guth an nóganuigh an Lebhítigh: agus dfilleadar a steach ann sin, agus dubhradar ris, Cía thug thusa annso? agus cred do ní tú annsa naitsi? agus cread atá agad annso?
4
Agus a dubhairt seision ríu, Marso agus marso do ní Mícah riom, agus do ghlac sé mé air thuarusdal, agus is mé a shagart.
5
Agus a dubhradarsan ris, Guidhim thú, iarr comhairle ar Dhía, chor go mbiá a fhios aguinn a néireochuidh go sona dhúinn an tslighe a bhfuilmíd ag dul.
6
Agus a dubhairt an sagart ríu, Imthighidh a síothcháin: a lathair an TIGHEARNA atá an tslighe a rachtaoi.
7
¶ Ann sin do imthigheadar an cúigear fear, agus tangadar go Láis, agus do chonncadar na daoine do bhí annsin, mar do áitreabhadar go neimheaglach, do réir nóis na Sidónianach, suáimhneach socair; agus ní ráibh úachdarán ar bíth sa dúithche do chuirfeadh náire orra fa eínní; agus do bhádar a bhfad ó na Sidónianachuibh, agus ní raibh cúis eatorra agus duine ar bith.
8
Agus tangadar mar a raibh a ndearbhráithre go Sórah agus go Hestaol: agus a dubhradar a ndearbhráithre ríu, Cred a deir sibhse?
9
Agus a dubhradarsan, Eirgidhe, go ndeachmaóis súas na naghaidh: óir do chonncamar a ndúithche, agus, féuch, is ro mhaith í: agus an bhfuiltíse bhur ttamh? ná bíodh leisg oruibh imtheachd, agus dui a steach do shealbhughadh na dúithche.
10
A nuáir imtheochuigh, tiocfuidhe a ccionn daóine socra, agus go dúithche fhairsing: thug Día ann bhur lámhuibh í; áit nach bhfuil easbhuidh neithe ar bith uirre dá bhfuil ar talamh.
11
¶ Agus do chuáidh as sin do mhuinntir na Ndamteach, amach as Sorah agus as Estaol, sé chéad fear armtha lé harm coguidh.
12
Agus do chúadar súas, agus do shuígheadar a Gcíriat‐Iearim, ann Iúdah: ar a nadhbharsin do ghoireadar do náitsin Mahaneh‐Dan gus a niugh: féach, atá sé táobh shíar do Chíriat‐Iearim.
13
Agus do chúadar as sin go slíabh Ephraim, agus tangadar go tigh Mhicah.
14
¶ Ann sin do fhreagradar an cúigear do chuáidh do bhrath thíre Lais, agus a dubhradar re na ndearbhráithribh, An bhfuil a fhios aguibhsi go bhfuil annsna tighthibhsi ephod, agus teraphim, agus iomháigh ghrábhálta, agus íomháigh leaghtha? anois ar a nadhbharsin measuidh cread atá aguibh ré a dhéanamh.
15
Agus do fhílleadar don náitsin, agus tangadar go tigh a nógánuigh an Lebhíteach, eadhon go tigh Mhícah, agus do bheannuigheadar dhó.
16
Agus do sheasadar na sé chéad fear do hórduigheadh maille re na narm coguidh, noch do bhí do chloinn Dan, a ndul a steach an geata.
17
Agus do chúadar an cúigear súas noch do chuáidh do bhrath na tíre, agus tangadar a steach annsin, agus do ghlacadar a níomháigh ghrábhalta, agus an tephod, agus an teraphim, agus a níomháigh leaghtha: agus do sheas an sagart a ndul a steach an gheata maille ris na sé chéad fear do hórduigheadh le harmhuibh cogaidh.
18
Agus do chúadar so go tigh Mhícah, agus tugadar léo a níomháigh grábhálta, a níomháigh leaghtha, an tephod, agus an teraphim. Ann sin a dubhairt an sagart ríu, Cred do níthí?
19
Agus a dubhradarsan ris, Bíse ad thochd, agus connaimh do lámh ar do bhéul, agus tárr linne, agus bí ad athair agus ad shagart aguinn: an féarr dhuitsi bheith ad shagart tighe éanduine amháin, nó bheith ad shagart ag treibh nó ag cinéul Israel?
20
Agus do bhí croidhe an tsagairt meanmnach, agus do ghlac sé an tephod, agus an teraphim, agus a níomháigh ghrábhalta, agus do chúaidh sé a meadhon an tslóigh.
21
Marsin do fhilleadar agus dimthigheadar, agus do chuireadar a gclann bheag agus a náirnéis agus a ccaráiste rompa.
22
¶ Agus a núair do bhádar tamall maith ó thigh Mhícah, do chruinnigheadar na daoine do bhí annsna tighthibh láimh ré tigh Mhícah, íad féin a bhfochair a chéile, agus rugadar ar chloinn Dan.
23
Agus do éighmheadar ar chloinn Dan. Agus diompoigheadarsan a naighthe, agus a dubhradar ré Mícah, Cred do imthigh ort, as a tig tú le na leithéid sin do chuideachda?
24
Agus a dubhairt seision, Rugabhair libh mo dhée, noch do rinne me, agus an sagart, agus do imthigheabhuir romhuibh: agus cred atá agamsa ní as mó? agus cred so a dearthaoi riom, Cred do imthigh ort?
25
Agus a dubhradar clann Dan ris, ná cluintear do ghuth ar measg, deagla go scinnfedís daóine feargacha ort, agus go gcaillfeá hanum, maille re hanmannuibh do mhuinntire.
26
Agus do imthigheadar clann Dan rompa: agus a núair do chonnairc Mícah go rabhadar ro láidir dho dfill sé agus do chuáidh ar ais dá thigh.
27
¶ Agus rugadarsan léo na neithe, do rinne Mícah, agus an sagart do bhí aige, agus tangadar go Lais, a gceann daóine do bhí suáimhneach, agus socair: agus do mharbhádar íad lé fáobhar an chloidhimh, agus do loisgeadar an chathair lé teinidh.
28
Agus ní raibh fear a ttárthála aca, do chionn go rabhadar a bhfad ó Shídon, agus nach raibh gnothuigh aca ré héandiune; agus gur ob annsa ghleann atá láimh re Bet‐rehob do bhí sé. Agus do rinneadar cathair, agus do áitreabhadar innte.
29
Agus tugadar Dan dainm ar an ccathruigh, do réir anma a nathar Dan, noch rugadh do Israel: bíodh gur Lais dob ainm don chathruigh an ttús.
30
¶ Agus do chuireadar clann Dán a níomháigh ghrábhálta súas: agus do bhí Ionatan, mhac Gersom, mhic Manasseh, é féin agus a mhac na sagartaibh ag treibh Dhan go lá bruide na tíre.
31
Agus do chuireadar súas dóibh féin iomháigh ghrábhálta Mhícah, noch do rinne sé, ar fad na haimsire do bhí tigh Dé a Sílo.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21