bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 11
Judges 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 12 →
1
Anois do bhí Iephtah an Gíleaditeach na dhuine neartmhar a mbeódhachd, agus bá mhac meirdrigh é: agus sé Gílead do ghein Iephtah.
2
Agus do rug bean Ghilead mic dhó; agus do fhásadar mac na mna súas, agus do theilgeadar amach Iephtah, agus a dubhradar ris, Ní bhfuighe tú oighreachd a ttigh ar natharne; oír is mac mná choimhthigh thú.
3
Annsin do theíth Iephta ó na dhearbhráithribh, agus dáitribh sé a gcrích Thob: agus do chruinnigheadar dáoine diomhain chum Iephtah, agus do chuádar leis amach.
4
¶ Agus tárla a ccion aimsire, go ndearnadar clann Ammon cogadh a naghaidh Israel.
5
Agus is amhluidh bhí, a núair do rinneadar clann Ammon cogadh a naghaidh Israel, go ndeachadar sinsir Ghílead do thabhairt Iephtah ó thír Thob:
6
Agus a dubhradar re Iephtah, Tárr, agus bí ad chaiptín oruinn, go ndéanmáois troid re cloinn Ammon.
7
Agus a dubhairt Iephtah re sinnsioruibh Ghílead, Nach ar fhúathuigheabhair mé, agus nár dhíbréabhair mé as tigh máthar? agus cred fá ttiucfadh sibh chugam a nois a nuáir atátháoi a gcumhgach?
8
Agus dubhradar sinnsir Ghílead re Iephtah, Uime sin do fhilleamar chugad anois, chor go rachthá linn, agus go ttroidfeá a naghaidh chloinne Ammon, agus go mbeithea ad cheann oruínn aítreabhach Ghílead uile:
9
Agus a dubhairt Iephtah re sinnsioruibh Ghílead, má bhéirthi misi air mais, do throid a naghaidh clann na Nammoníteach, agus go ttoirbheóraigh an TIGHEARNA romham iad, an mbía mé am cheann oruibh?
10
Agus a dubhradar sinnsir Ghílead re Iephtah, Bíodh an TIGHEARNA dfiaghnuisi eadruinn, muna ndeanam sinn do reír do bhríathrasa.
11
Ann sin do chuáidh Iephtah lé seanuibh Ghílead, agus do rinneadar an pobal ceann agus caiptín de ós a ccíonn: agus do labhair Iephtah a bhriathrá uile a lathair an TIGHEARNA a Mispeh.
12
¶ Agus do chuir Iephtah teachda go rígh chloinne Ammon, gha rádh, Cred atá agumsa ré a dhéanamh riotsa, as a ttáinic tú am aghaidh do throid riom ann mo dhúithche féin?
13
Agus dó fhreagair righ chloinne Ammon teachda Iephtah, Do chionn gur bhean Israel mo dhúithche dhíomsa, a núair thangadar a nsíos as an Négipt, ó Arnon go nuige Iabboc, agus go nuige Iordan: anois ar a nádhbharsin aisig na fearuinnsin go síothcánta.
14
Agus do chuir Iephta teachda úadh a rís go rígh chloinne Ammon:
15
Agus a dubhradar ris, Is marso a deir Iephtah, Níor bhean Israel dúithche Mhóab amach, nó dúthche chloinne Ammonn.
16
Acht a núair tháinic Israel a nsíos ó Négipt, agus do shiubhuil thríd an bhfásach gus an muir Rúaidh, agus tangadar go Cádes;
17
Annsin do chuir Israel teachda go rígh Edom, gha rádh, Guidhím thú, léig dhamh gabhail thríd do dhúitche: achd nior bháill lé rígh Edom eisdeachd rís sin. Agus ar an mhodh gcéadna do chuir go rígh Mhóab: agus níor áontuigh seision: agus fhosaidh Israel a Gcádes.
18
Ann sin do ghluásíodar ar fád thríd a nfasach, agus do thimchiolladar dúithche Edom, agus dúithche Mhóab, agus tangadar táobh ó dheas do dhúithche Mhóab, agus do shuigheadar don táobh oile do Arnon, acht ní thangadar táobh a stigh do theóruinn Mhóab: oir budh é Arnon bruách Mhóab.
19
Agus do chuir Israel teachda go Sihon rígh na Namoriteach, rígh Hesbon; agus a dubhairt Israel ris, Guidhim thú, leig dhúinn gabháil thríd thfearann dom áit féin.
20
Acht níor tháobh Sihon Israel do ghabháil tré na chosta: acht do chruinnigh Sihon a dháoine uile a bhfochair a chéile, agus do rinne sé foslungphort an Iahas, agus do throíd sé a naghaidh Israel.
21
Agus thug an TIGHEARNA Día Israel Sihon agus a dháoine uile a láimh Israel, agus do bhuileadar íad: mar sin do shealbhuigh Israel iomlán dúithche na Namoriteach, dúthchusaigh na tire sin.
22
Agus do shealbhuigheadar cósta na Namoríteach uile, ó Arnon go nuige Iabboc, agus ó nfásach air fad go nuige Iordan.
23
Marsin anois do dhibir an TIGHEARNA Día Israel, na Hamorítigh roimhe a phobal Israel, agus nar chóir dhuitsi a shealbhughadh?
24
Nach sealbhochaidh tusa an ní noch do bheir do dhía Chemos duit re shealbhughadh? Mar sin gidh bé a rbith chuirfeas ar TTIGHEARNA Día fein amach romhuinne, sealbhochuim íad.
25
Agus anois an feárr thusa ná Bálac mhac Sippor rígh Mhoáb? nar chuir sé riámh a naghaidh Israel, nó nar throid sé na naghaidh a ríamh?
26
An feadh do rinne Israel comhnuighe ann Hesbon agus iona bailtibh, agus ann Aroer agus iona bailtibh, agus annsna caithreacaibh uile atá sínte re cóstuibh Arnon, trí chéad blíadhan? cred uime nar bheanabhair amach íad ar a bhfadsin?
27
Ar a nadhbharsin, níor chiontaigh misi ad aghaidh, achd ís tusa atá ag déanamh éaccora orumsa, ag cathughadh am aghaidh: biadh an TIGHEARNA anbreitheamh na hreitheamh a niugh idir chloinn Israel agus chloinn Ammon.
28
Acht cheana níor éist rígh chloinne Ammon re bríathruibh Iephtah noch do chuir sé chuige.
29
¶ Ann sin tháinic spiorad an TIGHEARNA ar Iephtah, agus do chúaidh sé thar Ghílead anonn, agus thar Mhanasseh, agus do chuáidh thar Mhispeh Ghílead, agus ó Mispeh Ghílead do ghluáis e thairis go chloinn Ammon.
30
Agus thug Iephtah móid don TIGHEARNA, agus a dubhairt, Má bheir tú gan fhaillighe clann Ammon am láimhsi,
31
Ann sin is amhluigh bhías, gidh bé ní thiucfas amach as doirsibh mo thighe do theagmháil orm, an tan fhillfeas mé a síothcháin ó chloinn Ammon, budh leis an TTIGHEARNA é go deimhin, agus iodhboruídh mé suas é mar ofrail loisge.
32
¶ Marsin do chuáidh Iephtah thairis go cloinn Ammon do throid na naghaidh; agus thug an TIGHEARNA ann a láimh íad.
33
Agus do bhúail sé íad ó Aroer, nó go ttí tú go Mínnit, fithche cathair, agus go réiteach na bhfíneamhnach, maille ré hár mor. Mar so do claóidheadh clann Ammon roimhe cloinn Israel.
34
¶ Agus tháinic Iephtah go Mispeh dhá thigh, agus, féuch, tháinic a inghean amach do theagmháil air, maille re céol agus re damhsaighibh: agus dob isi a éairghein; ní raibh mac ná inghean aige achd í.
35
Agus tárla, a nuáir do chonnairc sé í, gur réub sé a éadach, agus go ndubhairt sé, Uch, a inghean! do bhrúigh tú síos mé, agus is áon don droing bhuaidhrios mé thú: óir dfoscuil mé mo bhéul don TIGHEARNA, agus ní fhéaduím dul air mais.
36
Agus a dubhairt sisi ris, A athair, má dfoscuil tú do bhéul don TIGHEARNA, déana riomsa do réir an neithe tháinic amach as do bhéul; do chionn go ndearnaidh an TIGHEARNA dioghaltas ar do shonso ar do naimhde, ar chloinn Ammon.
37
Agus a dubhairt sí le na hathair, Déantar an ní so ar mo shonsa: léigthear dhamh dhá mhí, go nimthigh mé síos agus súas air na slíabh, agus go gcaóine mé móghachd, mé féin agus mo chompánuigh.
38
Agus a dubhairt seision, Imthigh, Agus do chuir sé úadh í go cíonn dhá mhíos: agus do imthigh sisi maille ré na compánachuibh, agus do chaóin a hóghachd ar na sléibhtibh.
39
Agus tárla a ccíonn dá mhíos, gur fhill si chum a hathar, noch do rinne ría do réir mar do mhóidigh sé: agus ní raibh fios fir aice. Agus do bhí na ghnath a Nísrael,
40
Go nimthighdis ingheana Israel go bhadhnamhuil do chaóineadh inghine Iephtah an Gíleadíteach, ceithre lá sán mblíadhuin.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21