bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 2
Judges 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 3 →
1
Agus tháinic aingeal an TIGHEARNA a níos ó Ghilgal go Bóchim, agus a dúbhairt, Thug misi oruibh dul súas as an Négipt, agus thug mé sibh chum na tíre da mhionnuigh mé da bhur naithribh; agus a dubhairt mé, Ní bhrisfe mé mo chunnradh ribh choidhche.
2
Agus ní dhéantáoi síothchaín ar bith ré háitreabhaibh na tírese; teilgfidhe sios a naltóra: achd níor umhluigheabhaírse dom ghlór: cred fá ndearnabhair so?
3
Uimesin a dubhaírt misi mar an gcéadna, Ní dhíbeora amach romhuibh íad; ach béid mar dheilg ann bhur ttáobhuibh, agus béid a ndée na bpaíntéur dháoibh.
4
Agus tárla, a núair do labhair aingeal an TIGHEARNA na briathraso ré cloinn Israel uile, gur thógbhadar an pobal a uguth súas, agus gur ghuileadar.
5
Agus do ghoireadar ainm na háite sin Bóchim: agus do rinneadar íodhbairt annsin don TIGHEARNA.
6
¶ Agus a núair do leig Iosua don phobal imtheachd, do chúaidh gach áon do chloinn Israel chum a oighreachd féin do shealbhughadh an nfhearuinn.
7
Agus do rinneadar an pobal serbhís don TIGHEARNA ar feadh shaoghail Iosuah, agus ar feadh shaoghail ná seanóireadh do bhí beó a ndiaigh Iosua, noch do chonnairc na huile oibreacha móra do rinne an TIGHEARNA, ar son Israel.
8
Agus fúair Iosua mac Nún, serbhiseach an TIGHEARNA bás, ar mbeith dhó céad agus deich mblíadhna dáois.
9
Agus do adhlaiceadar é a nimiol a oighreachda féin a Ttimnat‐héres, a slíabh Ephráim, annsa táobh thúaigh don chnoc Gaas.
10
¶ Agus do bhádar mar an gcéadna an geinealachsin uile ar na gcruinniughadh chum a naithreach: agus déirigh sliochd eile na ndíaighsin, ag nach raibh fios an TIGHEARNA, ná fós na ngníomharthadh do rinne sé ar son Israel.
11
Agus do rinneadar clann Israel olc a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA, agus do rinneadar seirbhís do Bháalim:
12
Agus do thréigeadar an TIGHEARNA Día a naithreadh, noch thug amach íad as crích na Hégipte, agus do leanadar dée eile, do dhéeibh na ndáoine do bhí gacha táoibh dhíobh, agus do chláonadar íad féin dóibh, agus do bhrostuigheadar an TIGHEARNA chum feirge.
13
Agus do thréigiodar an TIGHEARNA, agus do adhradar Báal agus Astárot.
14
¶ Agus do las fearg an TIGHEARNA a naghaidh Israel, agus do sheachaid sé íad a lámhuibh creachadóireadh noch do chreach íad, agus do reac sé íad a lámhuibh a námhad gacha táobh dhíobh, iondus nar fhéidir leó seasadh ní budh faide a lathair a námhad.
15
Gidh bé ball a ttéighdís amach, do bhíodh lámh an TIGHEARNA na naghaidh chum uile, mar a dubhairt an TIGHEARNA, agus mar do mhionnuigh an TIGHEARNA dhoibh: agus do buaidhreadh go mór íad.
16
¶ Gidheadh do thóg an TIGHEARNA breitheamhuin súas, noch do sháor íad ó lámhuíbh na druinge do chreach íad.
17
Achd gidheadh níor umhluigheadar dá mbreitheamhnuibh, ach do chuádar lé stríapachus a ndiáigh dée oile, agus do chláonadar íad féin dóibh: do iompoigheadar go luáth as a tslighe ann ar shiúbhluigheadar a naithre, ag umhlúghadh daithne an TIGHEARNA; ach nídhearnadarsan sin.
18
Agus a nuáir do thóg an TIGHEARNA breitheamhúin súas dóibh, annsin do bhí an TIGHEARNA leis an mbreitheamh, agus do shaór se íad as lámhuibh a námhad ar feadh bheatha an bhreitheamhuin: (óir do bhí aithreachus ar an TIGHEARNA ar son a nuchbhaghadh do bhrigh na muinntíresin do sháruidh agus do bhuáidhir íad.)
19
Agus tárla, a núair fúair an bhreitheamh bás, gur iompoigheadar, agus gur thrúailligheadar íad feín, nisa mhó ná a naithreacha, ag leanmhuin dée oile dá nadhradh, agus dumhlughadh síos dóibh; níor sguireadar dá ngníomhradh fein, nó dá slighe easumhail.
20
¶ Agus do bhí fearg an TIGHEARNA teith a naghaidh Israel; agus a dubhairt sé, Do chionn gur sháruigheadar an mhuínntirse mo chunnradh noch do aithin mé dá naithribh, agus nár éisdeadar rein ghlór;
21
Ní dhíbeora misi mar an gcéadna ó so amach éinneach rompa do na cineadhachaibh dfág Iosua na dhiáigh a núair fúair sé bás:
22
Iondus go ndearbhocha mé Israel thríothasan, an gcoimhéadfuid slighe an TIGHEARNA do shiubhal innte, mar do choimhéadadar a naithreacha, nó nach ndéanuid.
23
Uime sin dfulaing an TIGHEARNA na cineadhachasin, gan a ndíbirt amach go lúath; ní mó thug sé a láimh Iosua íad.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21