bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 4
Judges 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 5 →
1
Agus do rinneadar clann Israel a rís olc a radharc an TIGHEARNA, a núair do éug Ehud.
2
Agus do reac an TIGHEARNA íad a láimh Iábin rígh Chánaain, noch ba rígh an Hazor; ba hé caiptín a shlóigh Sisera, noch dáitreibh ann Haroset na Ngeinteadh.
3
Agus déighmheadar clann Israel chum an TIGHEARNA: óir do bhí aige naói gcéud carbad íaruinn; agus do sháruigh sé go hanmhór clann Israel fhithche bhadhan.
4
¶ Agus Deborah banfháigh, bean Lapidot, dob isi fá bhreitheamh ar Israel fá namsin.
5
Agus do bhí sí na comhnuighe fáoi chrann pailme Dheborah eidir Rámah agus Bétel a slíabh Ephraim: agus tangadar clann Israel chuice súas dfagháil bhreitheamhnuis.
6
Agus do chuir sí fios, agus do ghoir sí Bárac mhac Abinoam amach as Cedesnaphtali, agus a dubhairt sí ris, A né nar aithin an TIGHEARNA Día Israel, Eirghidh agus tarruigh leath ré slíabh Tábor, agus beir leachd deich míle fear do chloinn Naphtali agus do chloinn Sebulun?
7
Agus tairreonga misi ad cheann gus a nabhuinn Císon Sisera, caiptín slóigh Iábin, maille re na charbaduibh agus le na toitheastal; agus do bhéara mé ad láimhsi é.
8
Agus a dubhairt Bárac ría, Má théid tusa liom, annsin racha mé ann: achd muna ndeachuidh tusa liom, ní racha mé ann.
9
Agus a dubhairt sisi, Racha misi leachd go deimhin: gidheadh an turus ghábhus tú ad láimh ní bhiáidh mar onóir dhuitsi; óir reacfaidh an TIGHEARNA Sisera a láimh mhná. Agus déirigh Deborah, agus do chuáidh le Bárac go Cédes.
10
¶ Agus do ghoir Bárac Sebulun agus Naphtali go Cédes; agus do chuáidh sé súas maille re deich míle fear lé na chois: agus do chuáidh Deborah súas leis.
11
Annois do dhealuigh Héber an Ceníteach, é féin, ó na Ceníteachuibh, noch do bhí do chloinn Hóbab clíamhuin Mhaóise, agus do shuidhigh a fhoslungphort go nuige réiteach Saanaim, noch atá láimh ré Cédes.
12
Agus do fhoillsigheadar do Shisera go ndeachaidh Bárac mhac Abinoam súas go slíabh Tábor.
13
Agus do chruinnigh Sisera a bhfochair a chéile a charbuid uile, eadhon naói gcéad carbad íaruinn, agus a nuile dhuine da raibh na fhochair, ó Hasoret na Ngeinteadh go nuige a nabhuinn Císon.
14
Agus a dúbhairt Deborah re Bárac, Eirigh súas; óir a sé so an lá ar thoirbhir an TIGHEARNA Sisera ad láimh: a né nach deachuidh an TIGHEARNA amach romhad? Marsin do chuáidh Bárac síos ó shlíabh Tábor, agus deich míle fear na dhiáigh.
15
Agus do chlaóidh an TIGHEARNA Sisera, agus a charbuid uile, agus a shlúagh uile, le fáobhar an chloidhimh roimhe Bhárac; ionnus gur thuirling Sisera as a charbad síos, agus gur theith a luas a chos.
16
Ach do lean Bárac a ndiáigh na gcarbad, agus a ndiaigh an tslóigh, go Haroset na Ngeinteadh: agus do thuit slúagh Shisera uile le fáobhar an cloidhimh; agus níor fágbhadh duine dhiobh.
17
¶ Gidheadh do theith Sisera ar a chosuibh go lóistín Iael bean Heber an Ceniteach: óir do bhí siothcháin idír Iabin righ Hásor agus tigh Héber an Ceniteach.
18
Agus do chuáidh Iael amach a gcoinne Shisera, agus a dubhairt ris, Fill a steach, mo thighearna, fill a steach chugamsa; ná bíodh eagla ort. Agus a nuáir do fhill sé a steach chuice san lóistín, dfoluigh sí é lé falluing.
19
Agus a dubhairt sé ría, Guidhim thú, tabhair dhamh, beagán uisge ré a ól; óir atá tart orm. Agus dfoscuil sisi buidéal bainne, agus thug dhósan deoch, agus do dheasuigh éadach thairis.
20
Agus a dubhairt sé ría, Seas a ndorus an phuibill, agus is amhluigh bhías, má thig duine ar bith agus fhiafrochus díot, agus déarus, An bhfuil éanduine annso? déara tusa, Ní bhfuil.
21
Annsin do ghlac Iael bean Héber táirrnge don pháillíun, agus do ghlac geannaire na láimh, agus do chuáidh go mía chuige, agus do bhuáil an táirrnge iona chamóig ara, agus do dhaíngnidh annsa talumh é: (óir do bhí sé na shúan chodalta agus curtha.) Mar sin fuáir sé bás.
22
Agus, féuch, mar do bhí Bárac ag leanmhuin Shisera, tháinic Iael amach na choinne, agus a dubhairt sí rís, Tárr, agus taisbeanfuidh misi an duine dhuit ataói díarruigh. Agus a nuáir tháinic sé dá lóistín, féuch, do bhí Sisera na luidhe marbh, agus do bhí an táirrnge iona chamóig ara.
23
¶ Mar sin do chlaoidh Día an lá sin Iabin rígh Cánaan roimhe chloinne Israel.
24
Agus do thairbheadh lamh chluinne Israel, agus rugadar buáidh air Iabin righ Chánaain, nó gur scriosadar Iábin righ Chánaain.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21