bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 14
Judges 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 15 →
1
Agus do chúaidh Samson síos go Timnat, agus do chonnairc sé bean a Ttimnat dingheanuibh na Bhphilistineach.
2
Agus thaínic sé suas, agus dinnis sé dhá athair agus dá mhatháir, agus á dubhairt sé riú, Do chonnairc mé bean a Ttimnat dinghionuibh na Bhphilistineach: anois ar a nadhbharsin faghaidh dhamh mar mhnaoi í.
3
Ann sin a dubhairt a athair, agus a mhathair ris, A né nach bhfuil bean ar bith a measg inghean do dhearbhráithreach, nó a measc mo dhaóinesi uile, ás a rachthá do thabhairt mná do na Philistinibh neimhthimchillgheárrtha? Agus a dubhairt Samson re na athair, Fagh dhamh í; óir atá sí sgíamhach ann mo shúilibh.
4
Acht ní raibh a fhios agá áthair no agá mhathair gurob ón TTIGHEARNA thainic, go níarthadh sé cúis a naghaidh na Bhphilistineach: óir do bhí úachdaránachd ag na Bhphilistineach ós cionn Israel a núair sin.
5
¶ Ann sin do chuaidh Samson síos, agus a athair agus a mhathair, agus tangadar go Timnat, agus go fíneamhuin Thimnat: agus, féach, do chuir leomhan óg buireadh as na agaidh.
6
Agus tháinic spiorad an TIGHEARNA go cumhachdach air, agus do réub sé e mar do réabfadh meannán, agus ní raibh éinní aige iona laímh: achd níor innis dá athair nó dhá mhathair cred do rinne sé.
7
Agus do chuáidh sé síos, agus do chomhráidh sé ris an mnáoi; agus do thaitin sí re Samson go maith.
8
¶ Agus tar éis aimsire dfill sé dhá tabhairt, agus do ghabh sé do leathtaoibh dféachuin chonablaich an leomhuin: agus, féach, do bhí saithe bheach agus míl a cconablach an leomhuin.
9
Agus do ghlac seision cuid díobh ann a láimh, agus do shiubháil roimhe dhá íthe, agus tháinic chum a athar agus a mhathar, agus thug cuid de dhóibh, agus a dúadarsan sin: achd níor innis sé dhóibh gur bhean sé an mhil as conablach an leomhuin.
10
¶ Ann sin do chúaidh a áthair síos mar a raibh an bhean: agus do rinne Samson bainfheis annsin; óir is mar sin do ghnáththuighedís na dáoine óga dhéanamh.
11
Agus tárla, a núair do chonncadar é, go ttugadar tríochad companach mar chuideachda dhó.
12
¶ Agus a dubhairt Samson riú, Cuirfé mé tomhus anois oruibh: má fhúasclan sibh dhamh é go deimhin táobh a stigh do sheachd lá an nféasta, agus má gheibhthí an chíall fhíre, annsin do bhéara mé tríochad leíne dháoibh agus tríochad culaidh éaduigh:
13
Acht muna bhfuascaltáoi dhamh é, ann sin do bhéarthaóise dhamhsa tríochad leíne agus tríochad culaidh éaduigh. Agus a dubhradarsan ris, Cuir amach do thomhus, go ccluinmís é.
14
Agus a dubhairt sé ríu, Amach as an té itheas tháinic bíadh, agus amach as an neartmhar tháinic millseachd. Agus níor fhéadadarsan ar feadh thrí lá an tomhus dfúascladh.
15
Agus tárla air an seáchdmhadh lá, go ndubhradarsan re mnaoi Shamson, Tabhair air thfear, go ninnseadh sé dhúinne an tomhus, deagla go loisgfimísne thú féin agus tigh hathar le teinidh: an do bhuáin a bhfuil aguinn dínn do chuireabhair fios oruinn? nó nach eádh?
16
Agus do ghuil bean Shamson as a choinne, agus a dubhairt sí ris, Ní bhfuil achd fúath agad orumsa, agus ní hionmhuin leachd mé: do chuir tú ceíst amach chum cloinne mo mhuinntire, agus níor innis tú dhamhsa é. Agus a dubhairt seision ría, Féach níor innis mé dom athair nó dom mhathair é, agus an inneosa mé dhuitsi é?
17
Agus do ghuil sisi dá lathair an chuid oile do na seachd lá, an feadh do mhair an féasta: agus tárla air an seachdmhadh lá, gur innis sé dhi, do bhrígh go raibh sí roighear air: agus dinnis sise an tomhás do chlainn a muinntire.
18
Agus a dubhradar daoine na caithreach ris an sechdmhadh lá suil do chuáidh grian fáoi, Cread is millse ná mil? agus cred is láidre ná leomhan. Agus a dubhairtsion riú, Muna ttreabhadh sibhsi lem cholpuidhsi, ni húaisceoladh sibh mo thomhas.
19
¶ Agus tháinic spiorad an TIGHEARNA air, agus do chúaidh sé síos go Hascelon, agus do mharbh sé tríochad fear dhíobh, agus do ghlac a néadáil, agus thug sé culaidh éaduigh don luchd do fhúascuil an cheist. Agus do hadhnadh a fhearg, agus do chuáidh sé súas gó tigh a athar.
20
Ar a nadhbharsin tugadh bean Shamson dá chumpanach, noch dá ndeárna sé a chara.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21