bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 20
Judges 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 21 →
1
An sin do chúadar clann Israel uile amach, agus do chruinnigheadar an comhchruinniughadh a bhfochair a chéile amhuil éanduine amháin, ó Dhan go Beerséba, maille ré tír Ghilead, chum an TIGHEARNA a Mispeh.
2
Agus do thaisbéanadar uaisle an phobail, threabha Israel uile, íad féin a ccomhchruínniughadh mhuinntire Dé, ceithre chéad míle coisigh do tharruing cloidheamh.
3
(Anois do chúaladar clann Bheniamin go ndeachadar clann Israel súas go Mispeh.) Ansin a dubhradar clann Israel, Innis dúinn, cionnus do bhí an tolcso?
4
Agus do fhreagair an Lebhíteach, fear na mná do marbhadh, agus a dubhairt, Tháinic mísi go Gibeáh noch ís le Beniamin, mé féin agus mo leannán, do ghabháil lóistín.
5
Agus do éirgheadar muinntir Ghibeah am aghaidh, agus tangadar timchioll an tighe orum san noidhche, agus do bhreathnuigheadar mo mharbhadh: agus deígnigheadar mo leannán, ionnus go bhfúair sí bás.
6
Agus do ghlac misi mo leannán, agus do gheárr mé na píosuighibh í, agus do chuir mé ar feadh chríche oighreachda Israel í: óir do rinneadar míghníomh agus leimhe a Nisrael.
7
Féachuidh, is clann Israel sibh uile; tugaidh bhur tteagasg agus bhur ccomhairle uaíbh annso.
8
¶ Agus deírgheadar an pobal uile mar éanduine amháin, ghá rádh, Ní racham éanduine dá lóistín, ní mó fillfiom éanduine dhá thigh.
9
Acht anois sé so ní do dhéanam ré Gibeah; rachum súas lé crannchar na haghaidh;
10
Agus béaram deichneamhar as a ccéad ar feadh uile threibh Israel, agus céad as an mhíle, agus mile as na deich míle, do bhreith lóinn chum an phobal, chor go ndéanuid, a núair thiocfaid go Gibeáh Bheniamin, do réir a nuile leímhe dar oibrigheadar ann Israel.
11
Marsin do bhádar clann Israel uile ar na gcruinniughadh a naghaidh na caithreach, ceangailte dhá cheile amhuil éanduine amháin.
12
¶ Agus do chuireadar treabha Israel uile daóine ar feadh threibhe Bheniamin, dhá rádh, Cread an tolcso do rinneadh bhur measc?
13
Anois ar a nadhbharsin seachadnigh dhúinne na daoine, clann Bhélial, atá a Ngibeáh, go ccuirmís chum báis íad, agus go ccuirmís an tolc amach as Israel. Achd ní thugadar clann Bheniamin éisteachd do ghlór a ndearbhráithreach clann Israel:
14
Acht do chruinnigheadar clann Bheniamin íad féin a cceann a chéile amach as na caithreachaibh go Gibeáh, do dhulamach chum catha a naghaidh chloinne Israel.
15
Agus do háirmheadh do chloinn Bheniamin san namsin amach as na caithreachaibh fithche agus sé mhíle fear do tharruing cloidheamh, táobh amuich dáitreabhaibh Ghibeáh, noch do chomháirmheadh seachd ccéad fear toghtha.
16
A measc an phobail so uile do bhádar seachd ccéad fear toghtha cli‐lamhacha; agus gach áon díobhso cumusach ar chloich do chaitheamh as crann tábuill fa leathad ruibe, agus gan a sheachna.
17
Agus do hairmheadh fir Israel uile, táobh amuigh do Bheniamin, ceithre chéad míle fear do tharruing cloidheamh: do bhádar so uile na luchd cogaidh.
18
¶ Agus déirgheadar clann Israel, agus do chúadar súas go tigh Dé, agus díarradar comhairle ar Dhía, agus a dubhradar, Cía haguinn rachus súas ar ttús do throid a naghaidh chloinne Beniamin? agus a dubhairt an TIGHEARNA, Rachaidh Iúda ar ttús.
19
Agus déirgheadar clann Israel súas ar maidin, agus do rinneadar campa a naghaidh Ghibeah.
20
Agus do chúadar fir Israel amach chum catha a naghaidh Bheniamin; agus do chuir fir Israel íad féin a nórdughadh na naghaidh do throid ag Gibeáh.
21
Agus tangadar clann Bheniamin amach as Gibeáh, agus do mharbhadar sios go talumh do na Hisraelítibh an lásin fithche agus dá mhíle fear.
22
¶ Gidheadh do mheisnigheadar an pobal fir Israel íad féin, agus do chuireadar a gcath a rís a nórdughadh ann sa náit ar chuireadar íad féin a nórdughadh an chéad lá.
23
Agus do chúadar clann Israel súas agus do ghuileadar a lathair an TIGHEARNA go tráthnóna, agus díarradar comhairle ar an TTIGHEARNA, dhá radh, An racha misi súas a rís chum catha a naghaidh chloinne Beniamin mo dhearbhrathair? Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Téighidh súas ná aghaidh.
24
Agus tangadar clann Israel a bhfogus a naghaídh chloinne Beniamin an dara lá.
25
Agus do chuáidh Beniamin amach na naghaidhsion as Gibeah an dara lá, agus do mharbhadar a ris do chloinn Israel síos go talumh ochd míle dhéag fear; do thairrugiodar so uile cloidheamh.
26
¶ Ann sin do chuadar clann Israel uile, agus an pobal uile, súas, agus tangadar go tigh Dé, agus do ghuileadar, agus do shuigheadar annsin as coinne an TIGHEARNA, agus do throisgeadar an lá sin go tráthnona, agus dofráladar íodhbairt loisge agus ofrala síothchána a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA.
27
Agus dfíafruigheadar clann Israel don TIGHEARNA, (óir do bhí aírc chunnartha Dé ann sinn ansna láethibhsin,
28
Agus do sheas Phinehas, mac Eleásaír, mhíc Aaron, dá lathair sna laethibh sin) ga rádh, An racha mé amach a rís chum catha a naghaidh chloinne Beniamin mo dhearbhrathair, nó an sguirfidh mé? Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Imthigh súas óir a márach toibheoruidh misi ad láimh íad.
29
¶ Agus do chuireadar Israel luchd luidheacháin timchioll fa gcuáirt Ghibeáh.
30
Agus do chúadar clann Israel súas a naghaidh chloinne Beniamin an treas lá, agus do chuireadar íad féin a nórdughadh catha anaghraidh Ghibeáh, mar na huáiribh oile.
31
Agus do chúadar clann Bheniamin amach a naghaidh an phobail, agus do tairngeadh ón ccathruigh amach íad; agus do thosuigheadar ar na daoinibh do bhúaladh, agus a marbhadh, mar na huairibh oile, annsna slighthibh móra, (téid slighe dhíobh súas go tigh Dé, agus an tslighe oile a steach go Gibeah annsa mhachaire,) timchioll thríochad fear do Israel.
32
Agus a dubhradar clann Bheniamin, Atáid so ar na mbúaladh fós romhuinn, mar an ccéad úair. Achd a dubhradar clann Israel, Teithiom rompa, agus táirngeam ón ccathruigh íad chum na slighthibh móra.
33
Agus déirgheadar fir Israel uile súas as a náitibh, agus do chuireadar íad féin a nórdughadh catha ann Baaltámar: agus tangadar luidheacháin Israel amach as a náitibh, eadhon as móinfhéaruibh Ghibeah:
34
Agus tangadar a naghaidh Ghibeah deich mile fear toghtha amach as Israel uile, agus do bhí an cath doílghe: achd cheana ni raibh a fhios aca go raibh olc a bhfogus dóibh.
35
Agus do chlaóidh an TIGHEARNA Beniamin roimhe Israel: agus do mharbhadar clann Israel do na Beniamíteachaibh an lá sin fithche agus cúig mhíle agus céad fear: do thaírngiodar so uile cloidhiomh.
36
Marsin do chonncadar clann Bheniamin gur cláoidheadh íad féin: oir do léigiodar fir Israel na Beniamitigh orra, do chionn go raibh dóigh aca as na luigheachanuibh do chuireadar gacha taobha do Ghibeáh.
37
Agus do rinneadar na luidheacháin deithnios, agus do lingeadar ar Ghibeah; agus do tharruingeadar na luidheach ain ar anághaidh, agus do bhúaileadar án chathair uile le fáobhar an chloidhimh.
38
Anois do bhí comhartha cinnte eidir fhearuibh Israel agus na luidheacháin, go ndéanaidis lasair mhór maille re deatuighe ag eírghe súas as an gcathruigh.
39
Agus a núair do iompoigheadar fir Israel ar a nais ann sa ccath, do thionsguin Beniamin timchioll thríochad fear Dísrael do mharbhadh: óir a dubhradar, Go deimhin atáid síad ar fágbháil romhuinn, amhuil is annsa chéad chath.
40
Acht a núair do thionsguin an lasair éirghe súas as an cathruigh maille re néull deatuigh, damhairceadar na Beniamitigh na ndiáigh, agus, feach, do éirgih lasair na caithreach súas go neamh.
41
Agus a núair do fhilleadar fir Israel a rís, do ghabh uáthbhás fir Bheniamin; óir do chonncadar go ttáinig olc chuca.
42
Uimesin do iompoigheadar a ccúl roimhe chloinn Israel a slighe an nfásaigh; achd rug an cath orra; agus do mharbhadar ann a lár an luchd thainic amach as na caithreachaibh oile.
43
Marso do íadhadar timchioll na Mbeniamíteach fa gcúairt, agus do thíomáineadar íad, agus do shaltradar orra sios gan docamhal thall as coinne Ghibeah leath re heírghe na gréine.
44
Agus do thúit ann sin do Bheniamin ochd míle dhéag fear; fir chalma íadso uile.
45
Agus do fhilleadar agus do theitheadar leath ris an bhfasách go carruig Rimmon: agus do dhióghlomadar dhíobh ar na slighthibh móra cuig mhíle fear; agus do leanadar orra go daingean go Gídom, agus do mharbhadar dhá mhíle fear dhíobh.
46
Iondus gur bé ar thuit do Bheniamin an lá sin, fithche agus cúig mhíle fear do tharruing cloidheamh; fir chalma íadsin uile.
47
Ach do fhilleadar sé céad fear agus do theitheadar chum an nfásaigh go carruig Rimmon agus dfanadar a gcarruig Rímmon ceithre mbí.
48
Agus do iompoigheadar fir Israel a rís ar chloinn Bhenimin, agus do mhuigheadar íad le faobhar an cloidhimh, araon daoine gacha caithreach, agus an tainmhidh, agus fós a nuile ní da bhfuáradar: do chuireadar mar an gcéadna na caithreacha uile mar a ttangadar tré theinidh.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21