bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 19
Judges 19
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 20 →
1
Agus tárla ann sna láethibh sin, a nuáir nach raibh rígh ar bith a Nísrael, go raibh Lebhíteach áirigh na chomhnuighe ar tháobh shléibhe Ephraim, noch thug leannán chuige ó Bhetlehem‐Iúdah.
2
Agus do rinne a leannán stríapachus na aghuidh, agus dimthigh sí uadh gó tigh a hathar go Betlehem‐Iúdah, agus do bhí sí annsin ceithre mhí iomlán.
3
Agus déirigh a fear, agus do chuáidh na diáigh, do labhairt go muinteardhá ría, agus dá tabhairt leis a ris, ar mbeith da sherbhíseach na fhochair, agus cúpla assal: agus rug sí a steach go tigh a hathar é: agus a nuáir do chonnairc athair an chailín é, do bhí lúathgháir air teagmháil ris.
4
Agus do chonnuimh a chliamhuin, athair an chailín é; agus dfan sé na fhochair tri lá: agus marsin do chaitheadar bíadh agus deoch, agus do cholladar annsin.
5
Agus tárla air an cceathramhadh lá, a nuáir déirgheadar go moch ar maidin, gur éirigh seision súas na sheasamh chum imtheachda: agus a dubhairt athair an chailín ré na chlíamhuin, Méaduigh do mheanma lé greim aráin, agus na dhiáigh sin imthigh romhad.
6
Agus do shuigheadar síos, agus do chaitheadar bíadh agus deoch aráon a bhfochair a chéile: óir a dubhairt athair an chailín ris a nóglach, Guidhim thú bí suáimhneach, agus fan a nochd, agus bíodh do chroidhe súgach.
7
Agus a núáir do éirigh an tóglach na sheasamh chum imtheachd, do bhí athair an chailín gha shárughadh: uime sin dfan sé annsin oidhche oile.
8
Agus déirigh go moch ar maidin an cúigeadh lá chum imtheachdá: agus a dubhairt athair an chailín, Guidhim thú, tóg súas do chroidhe. Agus dfanadar go héis meadhon laói, agus dúadar aráon biadh.
9
Agus a nuáir do éirigh an tóglach na sheasamh chum imtheachd, é fein agus a léannán, agus a sherbhíseach, a dubhairt a chlíamhuin, athair an chailín ris, Féach, ata an lá mall anois a ngar don tráthnóna, guidhim thú fuiridh feadh na hoidhche: féach, atá an lá deighionach, fan a nochd annso, chor go mbiádh do chroidhe súgach; agus a márach éirigh go moch chum do shligheadh, chor go bhféadfa tú dul don bhaile.
10
Ach níor bháill leis a nóglach fuireach a noidhche sin, achd do eirigh sé súas agus dimthigh, agus tháinic sé as coinne lebus (noch dá ngoirthear Ierusalem;) agus do bhi cuingir assal na fhochair fá dhíalluidibh, do bhí fós a leannán na fhochair.
11
Agus a nuáir do bhádar láimh ré Iebus, do bhí an lá caithte go mór; agus a dubhairt an searbhfhoghantuigh re na mhaighistir, Guidhim thú, teannam, agus filleam a steach don chathruighsi na Iebusíteach, agus glacum lóistín innté.
12
Agus a dubhairt a mhaighistir ris, Ní fhillfiom do leaththáoíbh annsin go cathruigh choimhithigh, nach bhfuil do chloinn Israel, racham thairis go Gibeáh.
13
Agus a dubhairt sé ré na óglach, Teanam, agus tairngiom a bhfogus do cheachdar don dá áitsi dfagháil lóistín na hoidhche, a Ngibeáh, nó a Rámah.
14
Agus do ghluaisiodar rompa, agus dimthigheadar; agus do chuáidh an ghrían síos orra an tan do bhádar láimh ré Gibeáh, noch as lé Beniamín.
15
Agus do fhílleadar do leathtáoibh, annsin do dhul a steach agus do ghabháil lóistin a Ngibéah: agus a nuáir do chuáidh sé a steach, do shuigh sé ar shraid don chathruigh: óir ní raibh éanduine do rug a steach go lóistin dá thigh íad.
16
¶ Agus, féach, tháinic duine aosta ón a obair ón mhachaire tráthnóna, noch do bhí do shliabh Ephraim mar an gcéadna; agus do bhí na chomhnuighe a Ngibeáh: achd budh Beniamítigh muinntir na háitesin.
17
Agus a nuáir do thóg sé a shúile súas, do chonnairc fear gabhála ar lear a sráid na caithreach, agus a dubhairt an seanduine, Cáit á racha tusa? nó cáit as a ttig tú?
18
Agus a dubhairt seision ris, Atámuid ag teachd ó Bhetelem‐Iúdah ag dul go taoibh shleibhe Ephraim; is as sin mé: agus do chuáidh mé go Bhetelem‐Iúdah, achd atáim a nois ag dul go tigh an TIGHEARNA; agus ní bhfuil duine ar bith ghabhus me dhá thigh.
19
Gidheadh atá tuighe agus beatha ag ar nasaluibh; agus atá arán agus fíon damhsa agus dot chailín, agus don nógánach atá a bhfochair dó sherbhíseach: ní bhfuíl easbhuidh éainneithe oruinn.
20
Agus a dubhairt an seanduine, Siothcháin maille leachd; gidh bé easbhuidh atá ort bíodh sé orumsa; achd amháin ná luigh sa tsráid.
21
Mar sin thug sé leis dhá thigh é, agus thug bíadh do na hasaluibh, agus do nigheadar a ccosa, agus dúadar bíadh agus dibheadár déoch.
22
¶ Anois ar mbeith ag déanamh a gcroidhthe súgach dhóibh, feach, thangadar muinntir na caithreach, mic áirigh do Bhelial, timchioll an tighe fá gcuairt, agus do bhuáileadar an dorus, agus do labhradar ré fear an tighe, an seanduine, ghá rádh, Tabhair amach an fear thainic dot thigh, go ccoimhríachdanam ris.
23
Agus do chuáidh an tóglach, fear an tighe, amach chuca, agus a dubhairt riú, Ní headh, a dhearbhraithre, ní headh, guidhim sibh, ná déanuidh an olc so; ar fheuchuin go dtainic an duinesi um thighse, na deúnuigh an ní leamhsi.
24
Feachuidh, atá minghion annso, maighdion, agus a leannánsan, do bhéara mé íad sin amach anois, agus umhlúighidhsi íad, agus déanuidh ríu mar as áill libh: achd ris a nóglachso na déanuidh comhghránna sin do ghníomh.
25
Ach ní thugadar ná dáoine toradh air: annsin do ghlac an tóglach a leannán, agus rúg amach chuca í; agus do bhádar aice, agus do thruailliodar í ar feadh na hoidhche nó go ttainíg maidin: agus a núair do thionnsguin an lá eírghe, do léigiodar dhi imtheachd.
26
Ann sin tháiníc an bhean a muiche láoi, agus do thuit síos a ndorus tighe a nógluich mar a raibh a tighearna, nó go raibh an solus ann.
27
Agus déirigh a tighearna ar maidin, agus dfosguil dorus an tighe, agus do chúaidh amach dimtheachd roimhe: agus, féach, do bhí an bhean a leannán ar ttuitim a ndorus an tighe, agus do bhádar a lámha air an tairsigh.
28
Agus a dubhairt seision ría, Eírigh, agus bíam ag imtheachd. Achd níor fhreagair sí é. Ansin do thóg an tóglach súas ar a asal í, agus déirigh an toglach súas, agus do chuáidh dá áit féin.
29
¶ Agus a núair thaínic dhá thigh, do ghlac sé sgían, agus rug sé air a leannán, agus do roinn sé i maille re na cnámhuibh an ndá chuid dhéag, agus do chuir úadh í go huile chóstuidh Israel.
30
Agus is amhluigh bhí, gach uile dhuine dá bhfacaidh sin go ndubhradar, Nach deárnadh a leitheid sin do ghníomh agus nach bhfacus ón ló fá ttangadár clann Israel amach as crích na Hégipte gus a niugh: measuigh sin, gabhaidh comhaírle, agus labhruidh.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21