bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 6
Judges 6
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 7 →
1
Agus do rinneadar clann Israel olc a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA: agus thug an TIGHEARNA íad a láimh Mhídian ar feadh sheachd mblíadhan.
2
Agus rug lámh Mhídian búaidh a naghaidh Israel: agus air eagla na Mídianach do rinneadar clann Israel dhóibh féin na húamha atá an sna sléibhtibh, agus na cúasa, agus na daingneacha láidre.
3
Agus is amhluidh bhí, a nuáir do chuir Israel síol, go ttangadar na Mídianuigh súas, agus na Hamalecitigh, agus clanna a noirthear, cheana thangadar súas na naghaidh;
4
Agus do shuigheadar foslungphort na naghaidh, agus do mhilleadar biseach na talmhan, nó go ttí tú go Gasa, agus níor fhágbhadar beatha ar bith ag Israel, cáoirigh, nó daímh, nó assail.
5
Oír thangadar súas maille re na máoin agus le na bpaillioníbh, agus tangadar amhuil lócuistigh ar liónmhaireachd; óir do bhádar féin araon agus a ccamhuill dóáirmhigh: agus do chuádar a steach don tír dá hargain.
6
Agus do bochduigheadh Israel go romhór do bhrígh na Mídianach; agus do eíghmheadar clann Israel ar an TTIGHEARNA.
7
¶ Agus tárla, a nuáir déighmheadar clann Israel chum an TIGHEARNA do bhrígh na Mídianach,
8
Gur chuir an TIGHEARNA fáidh chum cloinne Israel, noch a dubhairt ríú, Mar so a dubhairt TIGHEARNA Día Israel, Thug misi súas ó Négipt sibh, agus thug mé amach sibh as tigh na dáoirsi;
9
Agus do sháor mé sibh as láimh na Négiptach, agus as láimh gach a raibh trom oruibh, agus do thiomáin me amach romhuibh íad, agus thug mé a ndúithche dhibhse;
10
Agus a dubhairt mé ribh, Is misi bhur TTIGHEARNA Día; ná biodh eagla deé na Namoríteach oruibh, aga bhtuiltí bhur ccomhnuighe iona ndúithche: ach níor umhluigheabhair dom ghlór.
11
¶ Agus táinic aingeal ón TTIGHEARNA, agus dó shuigh fáoi dharuigh noch do bhí ann Ophrah, noch ba lé Ioas an Tabí‐esríteach: agus do bhí a mhac Gidéon ag búaladh cruineachda láimh ré hionad brúite an nfíona, dhá fholach ar na Midianachaibh.
12
Agus do thaibhreadh aingeal an TIGHEARNA dhó, agus a dubhairt sé ris, Atá an TIGHEARNA maille leachd, a dhuine neartmhair a ngaisgidh.
13
Agus á dubhairt Gidéon ris, Oh mo THIGHEARNA, má atá an TIGHEARNA máille rinn, cred fa tteagmhann so uile dhúinn? agus cáit a bhfuilid a mhiorbhuile, noch do innseadar ar naithreacha dhuinn, dhá rádh, Nach ttug an TIGHEARNA a níos ón Négipt sinn? achd anois do thréig an TIGHEARNA sinn, agus do sheachaid sé sinn a lámhuibh na Mídianach.
14
Agus dféuch an TIGHEARNA air, agus a dubhairt, Eirigh annso an do neart, agus sáorfuigh tú Israel ó lámhuibh na Mídianach: nach ar chuir misi uáim thú?
15
Agus a dubhairt seísion ris, O mo THIGHEARNA, cred le ttárrthocha mé Israel? féuch, atá mo mhuinntir bochd a Manasseh, agus is mé féin is lugha a ttigh mathar.
16
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Is deimhin go mbíaidh misi leachd, agus buáilfidh tú na Mídianuigh amhuil éanduine amháin.
17
Agus a dubhairt seision ris, Ma fúair mé grása anois ad radharc, ann sin taisbein comhartha dhamh go labhrann tú riom.
18
Guidhim thú, ná himthigh as so, no go ttí mé chugad, agus go ttuga mé amach mo ofráil, agus go ccuirfidh me í as do choinne. Agus a dubhairt seision, Fanfuidh mé nó go ttí tú a rís.
19
Agus do chúaidh Gidéon a steach, agus do ghléas sé meannán, agus cácuidhe gan loibhín do ephah phlúir: do chuir sé a nfeóil a mbascaéd, agus do chuir an tanbhruith a bpota, agus thug se chuíge é faoi an daruigh, agus do thairg é.
20
Agus a dubhairt aingeal Dé ris, Glac a nféoil agus na haráin gan loibhin, agus cuir air an gcarruigse íad, agus dóirt amach an tanbhruith. Agus do rinne sé sin.
21
Agus annsin do chuir aingeal an TIGHEARNA ceann an bhata do bhí na láimh amach, agus do bhean ris an bhféoil agus na haránuibh gan loibhín; agus do éirigh teinidh súas as an gcarruig, agus do loisg a nfeóil agus na bairghiona gan loibhin. Annsin dimthigh aingeal an TIGHEARNA as a amharc.
22
Agus a núair thuíg Gideon gur bé aingeal a ccabhair an TIGHEARNA é, a dubhairt Gideon, Uch, a THIGHEARNA Dia! do chionn go bhfaca mé aingeal an TIGHEARNA aghaidh ar aghaidh.
23
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, siothchaín maille‐leachd; ná bíodh eagla ort: ní bhfuighe tú bás.
24
Ann sin do thóg Gideon altóir don TIGHEARNA air a náitsin, agus do ghoir Iehobhah‐Salom dhi: gus an lá a niúgh atási fós ann Ophrah na Nabiesríteach.
25
¶ Agus tárla a noidhchesin téin, go ndubhairt an TIGHEARNA ris, Glac bulóg óghathar, eadhon an dara bhulóg do sheachd mblíadhnuibh dáois, agus teilg síos altóir Bhaal ata ag hathair, agus geárr síos a nfásckoill gharráin atá láimh ris:
26
Agus déana altóir dot THIGHEARNA Día ar mhullach na cairgesi, ann sa náit dháingin, agus glac an dara bhulóg, agus cfráil íodhbuirt loisge le cunnadh na coilleadh noch ghéarrfas thú síos.
27
Ann sin rug Gideón deichneamhar fear dá sherbhíseachaibh leis, agus do rinne mar a dubhairt an TIGHEARNA ris: agus is amhluidh bhí, do chionn gur bheagail leis muinntir a athar, agus muinntir na caithreacha, nach ar fhéad sé do dhéanamh san ló, go ndéarna se san noidhche é.
28
¶ Agus a núair do éirgheadar muinntir na caithreach go moch ar mhaídin, feach do bhí altóir Bháal ar na teilgion síos, agus do gearradh síos an choill do bhí láimh ría, agus do híodhbradh an dara bhulóg air a naltóir do thógbhadh.
29
Agus a dubhairt gach aon aca re chéile, Cía rinne an níse? Agus a nuáir do spíonadar agus dfiafruigheadar, a dubhradar, A sé Gideon mhac Ióas do rinne so.
30
Ann sin a dubhradar muinntir na caithreach re Ióas, Tabhair amach do mhac, go bhfuighe sé bás: do chionn gur bhris sé síos altóir Bháal, agus do chionn gur ghearr sé síos an choill do bhí láimh ris.
31
Agus a dubhairt Ioas re ar sheas na ághaidh uile, A ndéanfaói tagra ar son Bháal? an gcuimhdeocha sibhse é? an té thaigeorus ar a shon, cuirthear cum báis é an feadh atá fós na mhaidin: más Día e, tagradh sé ar a shon féin, do chionn gur theilg duine a altóir síos.
32
Ar a nadhbhársin do ghoir sé Ierubbaal de an lásin, gha rádh, Déanadh Baal ttagra na aghaidh, do chionn ghur theilg sé a altóir síos.
33
¶ Annsin do bhádar na Mídíanuigh uile agus na Hamalecitigh agus clanna a noirthear ar na gcruinniughadh a bhfochair a chéile, agus do chúadar anonn, agus do shuigheadar a ngleann Iesreel.
34
Ach táinic spiorad an TIGHEARNA ar Ghideon, agus do shéid sé a stoc; agus do chruinnigh Abieser na dhiáigh.
35
Agus do chuir sé teachda ar fad Mhanasseh uile; noch do bhí mar an gcéadna ar na gcruinniughadh na dhiáigh: agus do chuir teachda go Haser, agus go Sebulun, agus go Naphtali; agus tangadar a níos na choinne.
36
Agus a dubhairt Gideon re Día, Ma thárrthuighionn tú Israel lem láimhsi, fa mair a dubhairt tú,
37
Féach, cuirfe mé lomradh olla air a nurlár; agus ma bhíonn drúchd ar an lomradh amháin, agus go mbia an talamh uile tírim, ann sin bhías a fhios agam go ttárrthocha tú Israel lem láimhsi, mar a dubhairt tú.
38
Agus do bhí mar sin: óir do éirigh sé go moch ar na mhárach, agus do dhlúthaigh sé re chéile an lomradh, agus dfáisg do dhrúchd as an lomradh, lán scála duisge.
39
Agus a dubhairt Gideon re Día, Ná lasadh thfearg a maghaidh, agus ní laibheora mé acht so amháin: guidhim thú, ná dearbhuim acht a néanuáirse eile leis a lomradh; bíodh an tiormach ar an lomradh amháin, agus bíodh drúchd ar an ttalumh uile.
40
Agus do rinne Día sin a noidhchesin: óirdo bhí an tiormach air an lomradh amháin, agus drúchd air an ttalumh uile.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21