bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 8
Judges 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 9 →
1
Agus a dubhradar fir Ephraim ris, Créd é an ní so do rinne tú oruinn, nach ar ghoir tú oruinn, a núair do throid tú ris na Mídianuibh? Agus do cháineadar é gó géar.
2
Agus a dubhairt séision riú, Cred do rinne mé a nois a gcoimhmheas ribhsi? a né nach fearr dioghluim cháor Ephraim nó cruinniughadh iomlán cháor Abieser?
3
Thug Día ann bhur lámhuibhsi prionnsuidhe Mhídian, Oreb agus Seeb: agus cred do fhéad misi dhéanamh a gcomóradh ribhse? Annsin do laghduigheadh a bhfearg ris, a núair a dubhairt se sin.
4
¶ Agus táinic Gideon go Iordan, agus do chuáidh sé thairis, é féin, agus na trí chéad fear do bhí na fhoohair, agus íad curtha, gidheadh dá leanmhuinsion.
5
Agus a dubhairt sé ré muinntir Shuccot, Guidhim sibh, tugaidh, bairghiona aráin, don mhuinntir leanus mé, óir atáid síad curtha, agus atáim ag tóruigheachd a ndiaigh Shébah agus Shalmunna, righthe Mídian.
6
Agus a dubhradar prionnsuidhe Shuccot, An bhfuilid lámha Shébah agus Shalmunna anois ad láimhsi, as a ttiubhramáois aran dot shlúágh.
7
Agus a dubhairt Gideon, Uimesin a nuair bhéaras an TIGHEARNA Sébah agus Salmunna am láimhsi, annsin réabfa mé bhur bhtéoilse le dealguibh, agus lé dreasuibh an nfásuigh.
8
Agus do chuáidh sé súas as sin go Penuel, agus do labhair ríu mar an ccéadna: agus do fhreagradar muinntir Phenuel é, mar do fhreagradar muinntir Shuccot.
9
Agus do labhair sé mar an gcéadna ré muinntir Phenuel, ghá rádh, A nuáir thiocfas mé a rís a síothcháin, brisfe mé an torso síos.
10
¶ Anois do bhí Sébah agus Salmunna ann Carcor, agus a slúagh na bhfochair, timchioll chúig mile déag fear, an mhéid do fágbhadh do shlúaghuibh chloinne a noirthir uile: óir do thuit díobh céad ar fhithchid míle féar do tharruing cloidheamh.
11
Agus do chuáidh Gideon súas ansa tslighe láimh ris an luchd aitreabhus a lóistinnibh ar an ttáoibh shoir do Nóbah agus do Iogbehah, agus do bhúail sé an slúagh: óir do bhí an slúagh neamhchoimheadach.
12
Agus a nuáir do theith Seba agus Salmunna, do lean sé íad, agus do ghabh sé dhá rígh Mídian, Sébah agus Salmunna, agus do chlaóidh sé an slúagh uile.
13
¶ Agus díompóigh Gideon mhac Ioas ón chath suil do éirígh grían.
14
Agus rug sé ar ogánach do mhuinntir Shuccot, agus dfíafruigh scéula dhe: agus do scríobh sé dhó prionnsuidhe Shuccot, agus a sinnsir, eadhon seachd bhfir dhéug ar thrí fithchid.
15
Agus thainic sé go muinntir Shuccot, agus a dubhairt, Féachuidh Sébah agus Salmunna, le ndearnabhair maóidheamh orumsa, dha rádh, An bhfuilid lámha Shébah agus Shalmuana a nois ann do láimhsi, as a ttiubhramaóisne arán dot mhuinntir atá curtha?
16
Agus do ghlac sé sinnsir na caithreach, agus droighion an nfásaigh agus driséoga, agus do mhúin sé muinntir Shuccot léo sin.
17
Agus do bhris sé síos tor Phenuel, agus do mharbh sé muinntir na caithreach.
18
¶ Ann sin a dubhairt seision re Sébah agus re Salmunna, Cred an tsamhuil dhaoine an luchd do mharbhabhair a Ttábor? Agus do fhreagradarsan, Mar atá tusa, is marsin do bhádarsion; gach aon díobh a ccosamhlachd chloinne rígh.
19
Agus a dubhairt seision, Dob iadsin mo dhearbhráithresi, mic mo mhathar: martá an TIGHEARNA beó, da sabháladh sibh béo íad sin, ní mhairfinnsi sibhsi.
20
Agus a dubhairt seision le Ieter a chéaidghin, Eirigh súas, marbh íad. Ach nior tharruing an tóganach a chloidhiomh: óir do bhí eagla air, do bhrígh go raibh fós na ógánach.
21
Annsin a dubhairt Sébah agus Salmunna, Eirigh fein, agus leig oirinn: óir mar bhios an duine, is mar sin bhíos a neart. Agus déirigh Gideon, agus do mharbh Sébah agus Salmunna, agus rug leis na neithe deaghmhaiseacha do bhí ar bhraighdibh a ccámhall.
22
¶ Ann sin a dubhradar muinntir Israel ré Gidéon, Riaghluidhsi ós ar ccionne, araon thú féin, agus do mhac, agus mac do mhic mar an gcéadna: óir do sháor tú sinn ó láimh Mhídian.
23
Agus a dubhairt Gideon ríu, Ní ríaghlochuidh misi ós bhur gcionn, ní mó riaghlochus mo mhac ós bhur gcionn: sé an TIGHEARNA ríaghlochus ós bhur ccionn.
24
Agus a dubhairt Gideon ríu, Díarrfuinn impidhe oruibh, go ttugadh gach áon aguibh dhamh clúasfháinnidhe a éadála. Oir do bhádar cluasfhainnidhe órdha aca, do chionn gur budh Ismaelítigh íad.
25
Agus do fhreagradarsan é ghá rádh, Do bhéarum uainn íad go toilteanach. Agus do shíneadar éadach, agus do theilgeadar ann gach aon fa leith cluasfháinnidhe a éadala.
26
Agus dob é comhthrom na cclúasfháinneadh óir díar sé orra míle agus seachd gcéad secel óir; táobh amuigh do dheaghmhaisighibh, agus do choiléuruibh, agus déadach purpúir noch do bhí ar ríghthibh Mídian, agus taobh amuigh do na slabhraghuibh do bhí fa bhraighdibh a gcámhall.
27
Agus do rinne Gídeon ephod de sin, agus do chuir é ann a chathair féin, an Ophrah: agus do chuáidh Israel uile annsin do striopachas na dhiáigh: tháinic an ní sin na dhul do Ghideon, agus dá thigh.
28
¶ Is mar so do cláiodheadh Mídian roimhe chloinn Israel, ionnus nár thógbhadar a gcionn ní sa mhó. Agus do bhí an tír go socair ceathrachad bliádhan a láethibh Ghideon.
29
¶ Agus do chuáidh Ierubbaal mhac Ioas agus do áitreibh ann a thigh féin.
30
Agus do bhí deithneamhar agus trí fithchid mac ag Gideon geineadh dá chorp féin: óir do bhádar mórán ban aige.
31
Agus rug a leannán fós do bhí a Sechem mac dhó, ar a ttug sé Abimelech dainm.
32
¶ Agus déug Gideon mhac Ioas a naóis mhaith fhoirfe, agus do hadhlaiceadh é a ttuama Ióas a athar, ann Ophrah na Nabi‐esríteach.
33
Agus tárla, comhluath agus déug Gideon, gur iompóigheadar clann Israel a ris, agus go ndeachadar do stríapachus ag leanmhuin Bhaalim, agus do rinneadar día dhóibh féin do Bhaal‐berit.
34
Agus níor chuimhnigheadar clann Israel air a TTIGHEARNA Día, noch do sháor íad as lámhuibh a uámhad uile ann gach uile tháobh:
35
Agus ní mó do thaísbeanadar cinéul do thigh Ierubbaal, dar bhainm, Gideon, do réir gach maitheasa dar thaisbein sé Disrael.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21