bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Judges 9
Judges 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 10 →
1
Agus do chúaidh Abimelech mhac Ierubbaal go Schechem a cceann dhearbhráithreach a mhathar, agus do chomhráidh sé ríu, agus re muinntir thighe athar a mhathara uile, dhá rádh,
2
Guidhim sibh, labhruidh, a néisteachd mhuinntíre Schechem uile, Cía as féarr dhíbhsi, deithneamhar agus trí fithchid fear, mic Ierubbaal uile, do riaghladh ós bhur gcionn, no éanduine amháin do ríaghlughadh ós bhur ccionn? cuimhnighidh mar an gcéadna gur misi bhur gcnáimh agus bhur bhfeóil.
3
Agus do labhradar dearbhráithre a mhathar na bríathraso uile dhá thaóibh a gcluasuibh mhuinntire Schechem uile: agus do aontuigheadar a ccroidhthe uile Abimelech do leanmhuin; óir a dubhradar, A sé ar ndearbhrathair é.
4
Agus tugadar dhó deich bpiosa agus trí fichid dairgid amach as tigh Bhaalberit, le ar fhostoigh Abimelech daóine éattroma agus díomhaóine, noch do lean é.
5
Agus do chuáidh se go tigh a athar ann Ophrah, agus do mharbh sé a dhearbhraithre, mic Ierubbaal, noch ha deichneamhar agus trí fithchid, arr éanchloich amháin: gidheadh do fágbhadh Iótham an mac dob óige ag Ierubbaal beó; óir do fholuigh sé é féin.
6
Agus do chruinnigheadar muinntir Schechem uile, agus tigh Mhillo uile a bhfochair a chéile, agus do ehúadar, agus do rínneadar rígh Dabimelech, láimh ré daruigh an phíleir do bhí a Schechem.
7
¶ Agus a nuáir do ionnsiodar sin do Iotam, do chuáidh sé agus do sheas sé a mullach shléibhe Gerisim, agus do árduigh sé a ghuth, agus dó eigh sé, agus a dubhairt ríu, Eistigh riomsa, a mhuinntir Schechem, chor go néistfe Día ribhsi.
8
Do chúadar na crainn amach uair do ungadh rígh ós a ccionn; agus a dubhradar ris an ccrann ola, Bíse ad rígh oruinn.
9
Acht a dubhairt an crann ola ríu, An bhfúigfinnsi mo mhéathas, lé nonóruighthear Día agus dáoine, do dhul dom árdughadh ós cionn na gcrann?
10
Agus a dubhradar na ocrainn ris an gcranu fíge, Tárr thusa, agus ríaghluidh ós ar gcionn.
11
Acht a dubhairt an crann fíge riú, An ttréígfinnsi mo mhillseachd, agus mo thoradh maith, agus dul dom árdughadh ós cionn na gcrann?
12
Ann sin a dubhradar na crainn ris an bhfíneamhuin, Tárrsa, agus ríaghluigh ós ar ccionn.
13
Agus a dubhairt a nfíneamhuin riú, An bhfúigfinnsi mfíon, noch sholásuigheas Día agus duine, agus dul dom árdughadh ós cionn na crann?
14
Ann sin a dubhradar na crainn oile ris an bhfáirdhreis, Tárrsa, agus ríaghluidh ós ar gcionn.
15
Agus a dubhairt an nfáirdhreis ris ná crannuibh, Má ungthaói misi dháríribh am rígh oruibh, annsin tigidh agus cuiridh bhur ndóigh ann mo scáile: agus muna ndeárnuidhe, tigeadh teinidh as an bhfairdhreis, agus loisgeadh sí cédair Lebanon.
16
Anois ar a nadhbharsin, má rinneabhairse go hiomchubhaidh agus go fírinneach, a ndeanamh rígh do Abimelech, agus má fríth go maith ar Ierubbaal sibh agus ar a thigh, agus go ndeárnabhair ris do réir mar do thuill a lámha;
17
(Oir do throid mathairse ar bhur son, agus do chuir a anum a nguais mhóir, agus do thárrthuigh sé sibh as láimh Mhídian:
18
Agus déirgheabhairse súas a naghaidh thighe matharsa a niugh, agus do mharbhabhair a chlann, deichneamhar agus trí fithchid, air éanchloich amháin, agus do rinneabhair rígh do Abimelech, mac a bhanógluigh, ós cionn mhuintire Schechem, do chionn gur hé bhur ndearbhraithair é;)
19
Má rinneabhair mar sin go hionruic firinneach a niugh ré Ierubbaal agus re na thigh, annsin gairdighidhsi ann Abimelech, agus gáirdigheadh seision ionnuibhsi mar an gcéadna:
20
Ach muna ndearnabhair, tigeadh teinidh amach ó Abimelech, agus Loisgeadh sí muinntir Schechem, agus tigh Mhillo; agus tigeadh teinidh amach ó mhuinntir Schechem, agus as tigh Mhillo, agus loisgeadh si Abimelech.
21
Agus do imthigh Iotam roimhe, agus do theith sé, agus do chuáidh go Beer, agus do rínne sé comhnuighe annsin, ar eagla Abimelech a dhearbhrathair.
22
¶ A nuáir do bhí Abimelech trí bliadhna na rígh ós cionn Israel,
23
Ann sin do chuir Día droichspiorad eidir Abimelech agus muinntir Schechem, agus do rinneadar muinntir Schechem feall ar Abimelech.
24
Ionnus go ttiocfadh an díbhfheirg do rinneadh ar an deichneamhar agus trí fithchid mac Ierubbaal, agus go luighfeadh a bhfuil air Abimelech a ndearbhrathair, noch do mharbh íad; agus ar mhuinntir Schechem, noch do chuidigh leis a marbhadh a dhearbhrathar.
25
Agus do chuireadar muinntir Shechem dáoine a luígheachán air ar mhulluighibh na slíabh, agus do shladadar a ttáinic láimh riu san tslighe: agus do hinnseadh sin do Abimelech.
26
Agus taínic Gaal mhac Ebed gun a dhearbhráithribh, agus do chuáidh sé anonn go Schechem: agus do chuireadar muinntir Schechem a ndóigh ann.
27
Agus do chúadar amach annsna machairighibh, agus do chruinnigheadar a bhfíneamhuin, agus do bhruigheadar na cáora, agus do bhádar go súbhach, agus do chuádar a steach go tigh a ndé, agus duádar agus dibheadar, agus do mhalluigheadar Abimelech.
28
Agus a dubhairt Gaal mhác Ebed, Cía hé Abimelech, agus cía hé Schechem, as a ndéanmáoisne serbhís dó? nach é mac Ierubbaal é? agus Sebul a oifigeach? déanuidh serbhís do mhuinntir Hamorathair Schechem: óir cred fá ndéanmaoisne serbhís dósan?
29
Agus do bfearr liom go mbéidis na dáoinesi fáoi mo laimhse! ann sin do áthrochuinn Abimelech. Agus a dubhairt sé re Habimelech, Meúduigh do shluágh agus tarr amach.
30
¶ Agus a nuáir do chúala Sebul uachdaran na caithreach briathra Ghaal mhic Ebed, do las a fhearg.
31
Agus do chuír teachda go Habimelech go foluigheach, gha rádh, Féuch, tháinig Gaal mhac Ebed agus a dhearbhraithre go Schechem; agus, feach, ataíd ag daingniúghadh na caithreach a taghaidhsi.
32
Anois ar a nadhbharsin bí súas san noidhche, thú féin agus na daoine atá ad fhochair, agus bi a luigheachán ann sa mhachaire:
33
Agus is amhluidh bhías, ar maidín, comhlúath is éireochus an ghrían, go néireochuidh tusa go lúath, agus ionnsuigh an chathair: agus, féuch, anúair thiocfas séision agus na daóine atá na fhochair amach a taghaidh, ansin féudfuidh tú a dhéanamh riú mar gheabhas tú cúis.
34
¶ Agus do éirigh Abimelech súas, agus a nuile dhuine do bhí na fhochaír, san noidhche, agus do chuireadar luigheachán ar Schechem a cceithre chuideachda.
35
Agus do chuáidh Gaal mhac Ebéd amach, agus do sheas a bpóirsi gheata na caithreach: agus do eirigh Abimelech súas, agus an mhuinntir do bhí na fhochaír, as a luidheachán.
36
Agus a núair do chonnairc Gaal na dáoine, a dubhairt sé re Sebul, Féuch, ataíd daoíne ag teachd a núas ó mhullach an tsleibhe. Agus a dubhairt Sebul ris, Do chí tú scáile na slíabh mar dháoine.
37
Agus a dubhairt Gaal a ris, Agus do labhair, feúch atáid daóine ag teachd a nuas thrid lar a nfearuinn, agus cuideachda oile ag teachd thríd réiteach Mheonénim.
38
Ann sin a dubhairt Sebul ris, Cáit a bhfuil do bhéul anois, le a ndubhairt tú, Cía hé Abimelech, as a ndéanmaoisne serbhís dó? né nach íad so na daoíne do tharcuisnigh tú? guidhim thú, éirigh anois, agus troid riú.
39
Agus do chuáidh Gaal amach roimhe mhuinntír Schechem, agus do throid sé re Abimelech.
40
Agus do rúaig Abimelech é, gur theith roimhe, agus do marbhadh, agus do loiteadh mórán, go nuige póirse an gheata.
41
Agus do aítreibh Abimelech ann Arumah; agus do theilg Sebul Gaal agus a dhearbhráithre amach, ionnus nach déanaidís comhnuighe a Schechem.
42
Agus tárla ar na mhárach, go ndeachadar an pobal amach san machaire; agus do innsiodar so do Abimelech.
43
Agus do ghlac se an pobal, agus do roinn se íad a ttrí ccuídeachda, agus do chuir luidheachan sa machaire, agus damhairc sé, agus, féach, tangadar na dáoine amach as an gcathruigh; agus deirigh seision súas na naghaidh, agus do bhúail sé íad.
44
Agus do thiomáin Abimelech, agus an muinntir do bhí na fhochair, ar a naghaidh, agus do sheasadar a bpóirsi gheata na caithreach: agus do ritheadar an dá chuideachda oile ar a raibh do dháoinibh ar an machaire, agus do mharbhadar íad.
45
Agus do chatháigh Abimelech a naghaidh na caithreach ar feadh an laói sin; agus do ghlac an chathair, agus do mharbh na daoine do bhí anu, agus do bhris sé síos an chathair, agus do shíolchuir sé í le salann.
46
¶ Agus a nuaír do chúaladar muinntir thuir Schechem uile an ní sin, do chúadar a steach a ndaingion tighe an dé Berit.
47
Agus do hinnseadh do Abimelech, gur chruinnigheadar muinntir thuir Shechem uile a gcionn a chéile.
48
Agus do chuáidh Abimelech súas ansa tslíabh Salmon, é féin agus na huile dhaoine da raibh na fhochair; agus do ghlac Abimelech túagh na láimh, agus do gheárr siós beangán do na crannuibh, agus do ghlac, agus do chuir ar a ghúaluinn é, agus a dubhairt ris an bpobal do bhí na fhochair, An ní do chonncabhair agamsa dá dhéanamh, lúathighidh, agus déanuidh mar do rinne misi.
49
Agus do ghearradar an muinntir uile mar an gcéadna gach aonduine aca a bheangán féin, agus do leanadar Abimelech, agus do chuir sé chum an daingin íad, agus do chuir an daingean tre theinidh orra; ionnus gur éagadar mar an ccéadna muinntir thuir Schechem uile, timchioll mhíle fear agus bean.
50
¶ Ann sin do chúaidh Abimelech go Tebes, agus do shuighidh sé campa an aghaidh Thébes, agus do ghabh sé í.
51
Ach do bhí tor daingion a stigh san gcathruigh, agus do theithiodar na fir agus na mná uile ann sin, agus luchd na caithreach uile, agus do dhruideadar na ndiaigh, agus do chúadar súas ar mhullach an tuir.
52
Agus tháinic Abimelech go nuige an tor, agus do chathaigh na aghaidh, agus do chuáidh a ngar do dhorus an tuir dá loscadh le teinidh.
53
Agus do theilg bean áirigh blodh do chloich mhuilinn ar cheann Abimelech, agus do bhris sí a chloigionn uile.
54
Ann sin do ghoir sé go lúath ar an nóganach do iomchradh a airm, agus a dubhairt sé ris, Tarruing do chloidheamh agus marbh mé, chor nach aibeoruid daóine riom, Do mharbh bean é. Agus do sháith an tógánach thríd, go bhfuáir sé bás.
55
Agus a nuair do chonncadar clanna Israel gur marbhadh Abimelech dimthigheadar gách éanduine dhíobh dhá áit féin.
56
¶ Marso do chúitigh Día olc Abimelech, noch do rinne ar athair, ag marbhadh a sheachdmhoghad dearbhrathar féin:
57
Agus do fhill Día uilc mhuínntire Schechem uile ar a gceannuibh fém: agus tháiníc mallachd Iótam mhic Ierubbaal orra.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21