bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 1
Ezekiel 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 2 →
1
Anois tháinig a ccrích annsa tríochadmhadh blíadhain, annsa cheathramhadh mí, an cúigeadh lá don mhí, mar do bhí misi a measg na mbrághad láimh ré habhuinn Chebar, gur hosgladh na neamha, agus go bhfaca me fis Dé.
2
Annsa chúigeadh lá don mhí, (noch do bhí annsa chúigeadh blíadhain do dhaoirsine an rígh Iehoiacim,)
3
Tháinic bríathar an TIGHEARNA go follus go Hesechiel an sagart, mac Busi, a ccrích na Ccaldéanach láimh ré habhuinn Chebar: agus do bhí lámh an TIGHEARNA air annsin.
4
¶ Agus damhairc mé, agus, féuch, tháinic gáoth ghuairdeáin as an ttuáiscceart, néull mór, agus téine agá chasadh féin, agus do bhí lonnradh na thimchioll, agus as a lár amach mar dhath omra, amach as lár na teineadh.
5
Mar an ccéadna tháinic as a lár amach cosamhlacht cheithre mbeathach. Agus do bé so a ttaisbeanadh; do bhí cosamhlachd duine orra.
6
Agus do bhádar ceithre haighthe ag gach aon dióbh, agus do bhí ceithre sciatháin ag gach aon díobh.
7
Agus do budh cosa díreacha a ccosa; agus do budh cosmhuil bonn a ccos ré bonnuibh chos gamhna: agus do dhrithleadar cosmhuil ré dath práis líomhtha.
8
Agus do bhádar lámha duine aca fáoi na sciathánuibh ar a cceithre taobhuibh; agus do bhí ag an cceathrar a naighthe agus a sciatháin.
9
Do bhádar a sciatháin ceangailte gach áon dar oile; níor iompoigheadar an tan do ghluáisiodar; do chuáidh gach aon aca go díreach ar a naghaidh.
10
Ar son chosamhlachd a naighthe, do bhí aca na cceathrar aghaidh dhuine, agus aghaidh leomhuin, ar an ttáobh ndeas: agus do bhí gnúis daimh aca na cceathrar air an ttaóibh cclé; do bhí fós aca na cceathrar gnúis iolair.
11
Is marso do bhádar a naighthe; agus do bhádar a sciatháin sínnte súas; dhá sciathán gach aóin ceangailte dhá chéile, agus dhá sciathán ag folach a ccorp.
12
Agus do chuáidh gach áon díobh go díreach ar a naghaidh: mar a raibh an spiorad ar tí dhul, do chúadar; agus níor fhilleadar a nuáir do imthigheadar.
13
Ar son chosamblachda na mbeathach, do bhí a ttaisbéanadh cosmhuil ré sméaróidighibh dearga teineadh, agus cosmhuil re taisbeanadh lóchrann: do chuáidh sé síos agus súas a measg na mbeathach; agus do bhí an teine lasamhuil, agus do chuáidh tinnteach amach as an tteine
14
Agus do rithiodar na beathuighe, agus dfilleadar amhuil taisbéanta lasrach tinntighe.
15
Anois an tan do fheith mé air na beathuighibh, féuch áon roithléan air an ttalamh láimh ris na beathuighibh, gun a cheithre haighthibh.
16
Do budh cosmhuil taisbeanadh rothadh agus a nobair ré dath berill: agus do budh áonchosamhlacht do bhí aca na cceathrar: agus do bhí a ttaisbéanadh agus a nobair Mar rotha a lár rotha.
17
An tan do ghluáisdís, do ghluáisdís air a cceithre táobhuibh: agus ní fhilldís a nuáir do imthighdís.
18
Ar son a bhfáinneadh, do bhádar comhardsin go rabhadar úathbhásach; agus do bhádar a bhfáinneadha lán do shúilibh fá ccuáirt timchioll an cheathrair sin.
19
Agus an tan do ghluáisdís na beathuighe, do ghluáisdís na roithleáin leó: agus a nuáir do tógtháoi súas na beathuighe ón ttalamh, do tógtháoi na roithleáin súas.
20
Gidh bé áit a mbíodh an spiorad ar tí dhul, do théighdís ann, annsin do bhí a spioradsan chum dul; agus do tógthaoi na rothadha súas go díreach ós a ccionn: óir do bhí spíorad beathuigh annsna rothuibh.
21
A nuáir do ghluáisdís sin, do ghluáisdís so; agus a nuáir do sheasaidís sin, do sheasaidis so: a núair do tógthaói sin súas ón ttalamh, do tógthaói na roithleáin súas ós a ccoinne: óir do bhí spiorad beathuigh annsna roithléanuibh.
22
Agus do bhí cosamhlacht na spéire air cheannaibh an bheathuigh amhuil dath an chriostail úathbhásaigh, sínte amach ós a cceann shúas.
23
Agus fáoi an spéir do bhádar a sciatháin go díreach, gach áon leath re chéile: do bhí a dó ag gach áon, noch dfoluigh don taóibhsi, agus do bhí a dó ag gach áon, noch do folchadh don taoibhsin, a ccuirp.
24
Agus an tan dimthigheadar, do chúala mé tormán a sciathán, amhuil tormán uísgeadh móra, amhuil gúth a Nuilechumhachtaigh, gúth cainte, amhuil tormán sluáigh: an tan do sheasadar, do léigeadar a sciatháin síos.
25
Agus do bhí gúth ón spéire do bhí ós cionn a cceanna, an tan do sheasadar, agus do léigeadar síos a sciatháin.
26
¶ Agus do bhí ós cionn na spéire do bhí ós cionn a cceanna cosamhlacht cathaóire ríogha, amhuil taisbéanadh chloiche saphir: agus do bhí ar chosamhlacht na cathaoire samhlachus amhuil taisbeanadh duine air shuás.
27
Agus do chonnairc mé mar dhath omra, mar thaisbeanadh teineadh na thimchioll fá ccuáirt a stigh ann, ó thaisbéanadh a leasruigh agus ós a chionn, agus ó thaisbeanadh a leasruigh agus fáoi, do chonnairc mé mar do bheith taisbeanadh teineadh, agus do bhí loinnir ann timchioll fa ccuáirt.
28
Mar taisbéanadh an bhogha atá san néull a ló na fearthanna, marsin do bhí taisbeanadh an déallruigh timchioll fa ccuáirt. Do bé so taisbéanadh chosamhlachta ghlóire an TIGHEARNA. Agus a nuáir do chonnairc mé, do thuit mé ar maghaidh, agus do chúala mé gúth aóin do labhair.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48