bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 36
Ezekiel 36
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 37 →
1
Mar an ccéadna, thusa a mhic an duine, tairrghir do shléibhtibh Israel, agus abair, Eistighsi a shléibhte Israel, bríathar an TIGHEARNA:
2
Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh go ndúbhairt an námhuid bhar naghaidhsí, Aha, linne na seanáite árda a seilbh:
3
Uimesin tairrghir agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh go ndéarnadar uáigneach sibh, agus gur shluigiodar súas sibh air gach áontaóibh, iondus go mbeithí bhur seilbh ag fuighíoll na ngeinteadh, agus gur tógbhadh súas sibh a mbéuluibh na nithiomráidhteach, agus go bhfuiltí míochlúiteach ag an bpobal:
4
Uimesin, a shléibhte Israel, éistigh bríathar an Tighearna DIA; Is marso a deir an Tighearna DIA ris na sléibhtibh, agus ris na cnocaibh, ris na haibhnibh, agus ris na gleantaibh, ris na fásuighibh uáigneacha, agus ris na caithreachaibh do tréigeadh, noch do bhí na ccreich agus na magadh don chuid oile do na geintibh noch atá iona ttimchioll fa ccuáirt;
5
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Go deimhin a tteine méuda do labhair misi a naghaidh ar mhair do na geintibh, agus a naghaidh Idumea uile, noch dórduigh mo dhúthaigh na seilbh maille ré gáirdeachus a nuile chroidhe, maille ré hinntin aingidhe, dá theilgion amach mar‐chreich.
6
Ar a nadhbharsin tairrghir a ttáobh thíre Israel, agus abair ris na sléibhtibh, agus ris na cnocaibh, ris na haibhnibh, agus ris na gleantuibh, Is marso a deir an Tighearna DIA; Feuch, do labhair mé ann méud agus ann mainteas, do bhrígh gur iomchrabhair náire na ngeinteadh:
7
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Do thóig mé súas mo lámh, ag mionnughadh, Go deimhin iomchóruid na geinteadh atá air gach táoibh dhíbh, a náire féin.
8
Acht sibhsi, a shléibhte Israel, cuirfidhe amach bhur ngéaga, agus do bhéarthaói bhur toradh dom phobal Israel; óir atáid do lathair ag teacht.
9
Oír, Féuch, atáimsi ar bhur son, agus fillfidh mé chugaibh, agus treabhochthar agus síolfuighthear sibh:
10
Agus méideocha mé daóine oruibh, tigh Israel uile, go hiomlán: agus áiteochthar na caithreacha, agus cuirfighear na báinseacha súas:
11
Agus líonfa mé duine agus beathach oruibh; agus fásfuid agus do bhéaruid toradh: agus súigheochuidh me do ráoir bhur sean oighreachtibh sibh, agus do dhéana mé ní is féarr sibh ná ann bhur ttosuighibh: agus aitheontaói gur misi an TIGHEARNA.
12
Do bhéara mé fós, air dhaóinibh siubhal oruibh, eadhon mo phobal Israel; agus sealbhóchuid síad thú, agus biáidh tú ad oighreacht aca, agus ní scoithfidh tú as a ndaóinibh íad ní is mó ó so amach.
13
Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh go nabruid síad ribh, Thusa a fhearuinn do shluig tú súas daóine, agus do scoith tú do chineadhacha;
14
Uimesin ní shluigfidh tú daóine ní sa mhó, ní mó bhéaras tú air do chineadhachaibh tuitim ní is mó, a deir an Tighearna DIA.
15
Ni mó bhéaras misi air dhaóinibh náire na ngeinteadh do chluinsion ionnad ní is mó, ni mo iomchuras tú tárcuisneáchd na ndaoine ni is mo, ní mó bhéaras tusa air na cineadhachaibh tuitim ní is mó, a deir an Tighearna DIA.
16
¶ Tuilleamh oile tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa, ag rádh,
17
A mhic an duine, an tan do chómhnuigh tigh Israel ann a ndúthaigh féin, do shalchadar é lé na slighe féin, agus le na ngníomhuibh: do bhí a slighe dom lathairsi amhuil neamhghloine mhná áthruighthe.
18
Ar a nadhbharsin do dhóirt misi mo dhioghaltas orra ar son na fola do dhóirteadar air an bhfearann, agus ar son a niodhail ler thruáilleadar é:
19
Agus deidearscar mé íad a measc na ngeinteadh, agus do bhádar cráobhscaóilte air feadh na ttíorthann: agus do réir a sligheadh agus do réir a ngníomhartha do rug misi breath orra.
20
Agus an tan chúadar a steach chum na ngeinteadh, mar a ndeachadar, do mhíomhodhadar mainm náomhtha, an tan a dúbhradar ríu, Is íadso pobal an TIGHEARNA, agus do chúadar amach as a dhúthaigh.
21
Acht do rinne misi truáighe dhóibh ar son manma náomhtha, noch do tharcuisnigh tigh Israel a measg na ngeinteadh, mar a ndeachadar.
22
Uimesin abair re tigh Israel, Is marso a deir an Tighearna DIA; Ní ar bhur sonsa do ním so, a thigh Israel, acht ar son manma náomhtha féin, noch do thruáilleabhairsi a measc na ngeinteadh, mar a ndeachabhair.
23
Agus náomhthocha mé mainm mór féin, noch do heasonóruigheadh a measg na ngeinteadh, noch do thruailleabhairsi iona lársan, agus aitheonuid na geinte gur misi an TIGHEARNA, a deir an Tighearna DIA, an tan náomhthachthar misi ionnuibhsí as coinne a súl.
24
Oír do bhéara mé as measc na ngeinteadh sibh, agus cruinneocha mé ó nuile thír sibh, agus do bhéara mé da bhur ttír féin sibh.
25
Annsin croithfidh mé uisge glan oruibh, agus beithí glan: ó bhur nuile shalchar, agus ó bhur nuile iodhaluibh, sgagfa mé sibh.
26
Do bhéara mé fós croidhe núadh dhibh, cuirfidh mé spiorad núadh a stigh ionnuibh: agus beanfa mé an croidhe clochamhail amach as bhur bhfeóil, agus do bhéara mé croidhe féola dhibh.
27
Agus cuirfe mé mo spíorad ionnuibh a stigh, agus do bhéara mé oruibh siubhal ann mo reachtaibh, agus coimhéadfuidhe mo reachta, agus do dhéantaoi íad.
28
Agus áitréochthaói annsa bhfearann thug mé da bhur naithribh; agus budh sibhsi mo phobalsa, agus budh misi bhur Ndíasa.
29
Fós táirtheocha mé sibh ó bhur nuile shalchar: agus goirfidh mé air a narbhar, agus méideocha mé é, agus ní chuirfiod gorta ar bith oruibh.
30
Agus méideocha mé toradh an chroinn, agus biseach an mhachaire, chor nach bhfaghthaoi ní is mó do mhasla gorta a measg na ngeinteadh.
31
Annsin cuimhneochthaói bhur ndroichslighthe féin, agus fúatheochuidh sibh féin ion bhur radharc féin, do bhrígh bhur néigceart agus do bhrígh bhur ngráineamhlachda.
32
Ní ar bhur sonsa do ním so, a deir an Tighearna DIA, biodh a fhios agaibh: bíthí náireach agus claóidhte ar son bhur slightheach féin, a thigh Israel.
33
Is marso a deir an Tighearna DIA; Annsa ló a nglanfa mé sibh ó bhur nuile pheacadh do bhéara mé oruibh fós comhnuighe annsna caithreachaibh, agus cuirfighear na báinseacha súas.
34
Agus treabhochthar an fearann fásuigh, a náit ar luigh sé uáigneach a radharc gach ar ghabh láimh ris.
35
Agus a déaruid siad, Atá an dúthaighsi do bhí bán amhuil gáirdín Eden; agus atáid na caithreacha fásuigh agus aonránach agus scriosta dangion, agus áitreibhthe.
36
Annsin aitheonuid na geinteadh do fágbhádh air gach taóibh dhíbh fa ccuáirt gur misi an TIGHEARNA chuirios súas na háite scriosta, agus phlanndas a náit do bhí uáigneach: misi an TIGHEARNA do labhair é, agus dhéanad é.
37
Is marso a deir an Tighearna DIA; Ceistneochthar riofn fós ar a shon so le tigh Israel, do dhéanamh air a son; méideocha mé íad lé dáoinibh amhuil tréud.
38
Amhuil an tréad náomhtha, amhuil tréud Ierusalem iona féustuibh sollamonta; marsin líonfuighear na caithreacha fásuigh lé tréaduibh daóine: agus biáidh a fhios aca gur misi an TIGHEARNA.
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 37 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48