bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 18
Ezekiel 18
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 19 →
1
Agus tháinic bríathar an TIGHEARNA chugam a rís, ag rádh,
2
Cred is cíall dibh, as a ngnáthuighthi an seanrádhso a ttáobh thire Israel, ag rádh, A dúadar na haithre cáora searbha, agus do cuireadh déistion air fhíacluibh na cloinne?
3
Mar mhairimsi, a deir an Tighearna DIA, ní bhiáidh cúis agaibh an sean fhocalso do ghnáthughadh a Nísrael.
4
Féuch, is liomsa a nuile anam; mar anam a nathair, marsin is liom anam an mhic: éugfuidh an tanam, pheacochus.
5
¶ Acht má bhíonn duine ceart, agus go ndéanuidh sé an ní is dlistionach agus is ceart,
6
Agus nach duáigh sé ar na sléibhtibh, nach mó do thóg a shúile súas chum iodhal thighe Israel, nach mó do shaluidh bean a chomharsan, nach mó tháinic láimh ré mnaói fhola míos,
7
Agus nar choimhéignidh duine ar bith, acht daisig don fheichtheamhnach a gheall, nar chreach áonduine lé foiréigion, thug arán do nocrach, agus dfoluigh an tárnocht lé héadhach;
8
An té nach ttug amach air úsúireacht, nach mó do ghabh biseach ar bith, do tharruing a lámh ó éigceart, do rinne breitheamhnus ceart idir dhuine agus duine,
9
Do shiubhail ann mo reachtaibhse, agus do choimhéad mo bhreitheamhnuis, do dhéanamh go fírinneach; atá sé ceart, mairfidh sé go deimhin, a deir an Tighearna DIA.
10
¶ Má ghineann sé mac bhías na shladuighe, na dhóirteach fola, agus do ní aóinní oile dá leitheid so,
11
Agus nach dean an cheart úd uile, acht go nduáigh sé ar na sléibhtibh, agus gur thruáilligh sé bean a chomharsan,
12
Gur bhrúigh sé án bocht agus an riachtanach, gur shlad sé maille re foiréigion, nar aisig sé a ngeall, agus gur thóig sé a shúile súas chum na niodhal, go ndéarna sé gráineamhlacht,
13
Go ttug sé amach air úsúireacht, agus gur ghlac sé biseach: maseadh an mairfidh sé? ní mhairfidh: do rinne sé na gráineachaso uile; éugfuidh sé go deimhin; biáidh a fhuil air féin.
14
¶ Anois, féuch, má ghineann sé mac, noch do chídh uile pheacuidhe a athar noch do rinne sé, agus mheasfas, agus nach déan a leitheidsin,
15
Nach duáigh bíadh ar na sléibhthibh, nach mó do thóg a shúile súas chum iodhal thighe Israel, nar thruáill bean a chomharsan,
16
Nach mó do sháruigh duine ar bith, nar connaimh an geall, nach mó do chreach le foiréigion, acht thug arán don nocrach, agus dfoluigh an tárnochd lé héadach,
17
Noch dó thóg a lámh do na bochtaibh, nar ghlac úsúireacht nó biseach, do rinne mo bhreitheamhnusa, do shiubhail ann mo reachtaibh; ní éugfa sé ar son éigceart a athar, go deimhin mairfidh sé.
18
Ar son a athar, do bhrigh gur sháruigh sé go héadtrócaireach, gur chreach sé a dhearbhráthair lé foirneart, agus go ndéarnuidh sé an ní nar mhaith a measc a dhaóine, féuch, éugfuidh seision iona eigceart.
19
¶ Gidheadh abruidhse, Ciodhsin? nach iomchrann an mac éigceart a nathar? A nuáir do ní an mac an ni is dlisdionach agus is ceart, chumhduighios mo reachtasa uile, agus go ndéan sé íad, mairfidh sé gan amharus.
20
Eúgfuidh an tanam, pheacuighios. Ní iomchóra an mac éigceart a nathar, ní mó iomchórus an tathair éigceart an mhic: biáidh fíréantacht a nfiréin air féin, agus olc an chionntuigh air féin.
21
¶ Acht má fhillionn an ciontach ó na pheacuighibh uile do rinne sé, agus go ccoimheadfa sé mo reachtasa uile, agus go ndéana an ní is dlisdionach agus is ceart, mairfidh sé gan amharus, ní bhfuighe sé bás.
22
Ní laibheorthar ris, air a uile sháruighthibh dá ndéarna se: ann a fhiréuntacht do rinne sé mairfidh sé.
23
An bhfuil sólás ar bith dhamhsa an ciontach dfagháil bháis? a deir an Tighearna DIA: agus nach go bhfillfeadh sé ó na shlighthibh, agus go mairfeadh sé?
24
¶ Acht an tan fhillios an fíréun ó na fhíréuntacht, agus do ní éigceart, do réir na nuile ghraineamhlacht noch do ní an droch dhuine, an mairfidh sé sin? Ní luáighfíghear a uile fhíréantacht dá ndéarna sé: iona shárughadh ar sháruigh sé, agus iona pheacadh ar pheacaidh sé, do gheabha sé bás ionta sin.
25
¶ Thairis sin a dearthaóise, Ní comhthrom slighe an TIGHEARNA. Eist a nois, a thigh Israel; Nach bhfuil mo shlighesi comhthrom? nach bhfuilid bhur slighthese míochomthrom?
26
A núair iompóighios an fíréan ó na fhíréantacht, agus do ní éigceart, agus do gheibh bás ionta; ar son a éigceart do rinne sé éugfuidh sé.
27
A rís, an tan iompoighios an drochdhuine ó na chiontuibh do rinne sé, agus do ní an ní is dlisteanach agus is ceart, sáorfuidh sé a anam béo.
28
Do brígh go measann sé, agus go bhfilleann ó na uile pheacuidhibh dá ndéarna sé, gan amharus mairfidh sé, ní bhfuighe sé bás.
29
Thairis sin a deir tigh Israel, Ní comhthrom slighe an TIGHEARNA. A thigh Israel, nach comhthrom mo shlighthese? nach bhfuilid bhur slighthese míochomhthrom?
30
Ar a nadhbharsan do bhéara misi breath oruibh, a thigh Israel, gach uile dhuine do réir a shlightheach, a deir an Tighearna DIA. Déanuidh aithrigh, agus fillidh sibh féin ó bhur cciontuibh uile; marsin nach biáidh eicceart na scrios aguibh.
31
¶ Teilgidh seachad uáibh bhur nuile choirthe, ler chiontuigheábhair; agus déanuidh dhíbh féin croidhe núadh agus spiorad núadh: óir cred as a néugfuidhe, a thighe Israel?
32
Oír ní bhfuil sólás ar bith dhamhsa a mbás an tí éugus, a deir an Tighearna DIA: ar a nadhbharsin iompoighidh sibh féin, agus mairidh.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48