bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 22
Ezekiel 22
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 23 →
1
Tuilleamh fós tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa, ag rádh,
2
Anois, a mhic an duine, an mbéara tú breath, an mbéara tú breitheamhnus air an ccathruigh fhuiltigh? aseadh, taisbéanfa tú a huile ghráineamhlachta dhi.
3
Annsin abairse, Is marso a deir an Tighearna DIA; Dóirtidh an chathair fuil iona lár, iondus go ttiucfadh a ham, agus do ní si iodhail na haghaidh féin dá truailleadh féin.
4
Atá tú ciontach ann thfuil noch do dhóirt tú; agus do shaluigh tú thú féin ann hiodhaluibh noch do rinne tú; agus thug tú ar do laéthibh tarraing a ngar, agus tháinic tú go hiomlán chum do bhlíadhan: uimesin do rinne misi scannail díot do na geintibh, agus magadh do na huile chríochuibh.
5
Do dhéanuid an mhéid atá a bhfogus, agus an mhéid atá a bhfad uáit, magadh fúd, noch atá míochlúiteach agus ar do bhuaidhreadh go mór.
6
Féuch, prionnsadha Israel, do bhí gach áon aca ionnadsa do réir a ccumhacht do dhórtadh fola.
7
Ionnadsa do tharcuisnigheadar athair agus mathair: aun do lár do rinneadar go cealgach ris an ccoimhthigheach: ionnadsa do rinneadar foiréigion air an ndílleachta agus air an mbaintreabhuigh.
8
Do tharcuisnigh tú mo neithe naomhthasa, agus do bhris tú mo shaóire.
9
Atáid daóine ionnadsa iomchras scéula do dhórtadh fola: agus ionnadsa ithid síad ar na sleibhtibh: do níd síad úallachus ann do lársa.
10
Do thaisbéanadar ionnadsa tárnocht a naithreadh: ionnadsa dumhluigheadar an bhean do cuireadh a leathtaoibh do bhrígh a neamhghloine.
11
Agus do rinne neach gráineamhlacht ré mnaói a chomharsan; agus do thruáillidh neach oile inghean a mhná; agus dumhluigh neach oile ionnadsa a dheirbhshíur, inghean a athar.
12
Ionnadsa do ghabhadar cumha chum fola do dhórtadh; do ghlac tu úsúireacht agus biseach, agus do ghnodhuigh tú go sanntach ód chomharsanuibh lé fóirneart, agus do dhearmuid tú misi, a deir an Tighearna DIA.
13
Féuch, uimesin do bhuáil misi mo lámh air do ghnodhughadh neimhionnruic noch do rinne tú, agus ar thfuil noch do bhí ann do lár.
14
An bhféadann do chroidhe a fhulang, nó an bhféaduid do lámha bheith láidir annsna láethibh a ngéabha misi do láimh thú? misi an TIGHEARNA a dubhairt é, agus do dhéanad é.
15
Agus díosgaóilfidh mé thú a measc na ngeinteadh, agus scabfuidh mé thú a measg na ttíorthann, agus díoghbháighfidh mé do shalchar asad amach.
16
Agus géabha tú hoighreacht ionnad féin a radharc na ngeinteadh, agus aitheonuidh tú gur misi an TIGHEARNA.
17
¶ Agus tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa, ag rádh,
18
A mhic an duine, atá tigh Israel dhamhsa amhuil sal: atáid uile na bprás, na stán, agus na níarann, agus na luáighe, a meadhón na fuirníse; ní bhfuil ionnta acht sal airgid.
19
Uimésin is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh go bhfuiltí uile bhur sal, féuch, uimesin cruinneocha me sibh a steach a meadhón Ierusalem.
20
Mar chruinnighid síad airgiod, agus prás, agus íarann, agus luáighe, agus stán, a meadhón na fuirníse, do shéideadh na teineádh air, dá leaghadh; marsin chruinneóchus misi sibhsi ann mfeirg agus ann mainteas, agus fúigfidh mé annsin sibh, agus leaghfuidh me sibh.
21
Fós, cruinneócha mé sibh, agus séidfidh mé fúibh a tteine mfeirge, agus leaghfuighear sibh iona lár.
22
Amhail leaghthar airgiod a meadhón na fuirnise, marsin bheithíse leaghtha iona lársan; agus aitheontaoi gur misi an TIGHEARNA do dhoirt amach mfearg oruibh.
23
¶ Agus tháinic focal an TIGHEARNA chugam, ag rádh,
24
A mhic an duine, abair ría, Is tú an tír nach bhfuil glanta, nach mó dó fearadh fearthuinn uirre a ló na ccúarta.
25
Atá feall agá fáighibh ann a lár, amhuil leomhan buile cíocrach ar chreich; do shluigiodar anmanna; do ghlacadar na hionnmhuis agus na neithe mórluáigh; do rinneadar mórán baintreabhach dhi iona lár.
26
Do bhriseadar a sagairt mo dhligheadh, agus do tharcuisnigheadar mo neithe náomhtha: ní dheárnadar eidirdhealughadh idir an náomhtha agus a neamhnáomhtha, ní mó do thaisbeanadar eidirdhealughadh idir an nglan agus an neamhghlan, agus dfoluigheadar a súile óm shaóire, agus atáim ar mo thruilleadh eattorra.
27
Is cosmhuil a prionnsadha iona lár ré madradhuibh allta cíocrach chum creiche, do dhórtadh fola, agus do mharbhadh anmann, dfaghail tarbha neimhionnraca.
28
Agus do dhóibliodar a fáighe íad féin lé moirtéul gan súathadh, ag faicsin díomhaóinis, agus ag fáistine bréug dhóibh, ag rádh, Is marso a deir an Tighearna DIA, an tan nar labhair an TIGHEARNA.
29
Do ghnáthuigheadar daóine na tíre éaccóir, agus do chleachtadar slad, agus do chráidheadar an bocht agus an ríachtanach: do bhrúigheadar fós, an táonránach go héaccóir.
30
Agus díar misi duine iona measc do dhéanadh an fál súas, agus do sheasfadh annsa mbeirn romham ar son na tíre, iondus nach millfinn í: acht ní fhúarus duine ar bith.
31
Uimesin do dhóirt mé amach mfearg orra; do loisg mé íad lé teine mfeirge: do chúitigh mé a slighe féin air a cceannuibh, a deir an Tighearna DIA.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48