bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 14
Ezekiel 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 15 →
1
Annsin thangadar dream do shinnsearuibh Israel chugam, agus do shuigheadar as mo choinne.
2
Agus tháinic bríathar an TIGHEARNA chugam, ag rádh,
3
A mhic an duine, do chuireadar an mhuinntir so a niodhal súas iona ccroidhe, agus do chuireadar ceap tuisligh a neigceart as coinne a naighthe: a níarrfuighear misi air áonchor?
4
Uimesin labhair ríu, agus abair ríu, Is marso a deir an Tighearna DIA; Gach uile dhuine do thigh Israel chuirios súas iodhala iona chroidhe, agus chuirios ceap tuisligh a éigceirt as coinne a aighthe, agus thig chum a nfaigh; freagora misi an TIGHEARNA é thiucfeas do réir iomadamhlachd a iodhal;
5
Chor go ngabha mé tigh Israel iona ccroidhe féin, do bhrígh go bhfuilid uile coimhightheach dhamh do bhrígh a niodhal.
6
¶ Uimesin abair ré tigh Israel, Is marso a deir an Tighearna DIA, Déanuigh aithrighe, agus iompóighidh sibh féin ó bhur niodhaluibh; agus fillidh bhur naighthe ó bhur nuile ghráineamhlachtaibh.
7
Oír gach uile dhuine do thigh Israel, nó don choimhthigheach bhíos ar cuáirt ann Israel, noch dhealuigheas é féin ó bheith am dhiáighsi, agus chuirios a iodhala súas iona chroidhe, agus churios an ceap tuisligh a éicceart as coinne a aighthe, agus thiucfas a ccionn fáighe do cheastnughadh ris dom thaobhsa; misi an TIGHEARNA freagorad é maille riom féin:
8
Agus suigheocha mé maghaidh a naghaidh an duine sin, agus do dhéana mé comhartha agus seanfhocal de, agus géarrfa mé amach as lár mo dhaóine é; agus aitheontaói gur misi an TIGHEARNA.
9
Agus má bhíonn an fáigh meallta an tan laibheora sé an ní, is misi an TIGHEARNA do mheall an fáigh sin, agus sínfe mé mo lámh amach air, agus scriosfa mé é as lár mo phobail Israel.
10
Agus iomchóruid síad pionós a néigceart: budh ionann pionós a nfáigh agus pionós an tí íarrus air;
11
Iondus nach rachaidh tigh Israel ní sa mhó ar seachrán uáimsi, nach mó bhéid síad ní as mó ar na ttruáilleadh le na sáruighthibhsin uile; acht go bhféadfuid bheith na bpobal agamsa, agus go mbía misi am Dhía acasan, a deir an Tighearna DIA.
12
¶ Tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa a rís, ag rádh,
13
A mhic an duine, an tan pheacochas an dúthaigh am aghaidhsi le ciontughadh go hanmhór, annsin sínfidh mé mo lámh amach air, agus brisfidh mé maide a naráin, agus cuirfidh mé gorta air, agus gearrfa mé amach an duine agus an beathach úadha:
14
Da mbeith go mbeidís an tríur fearso ann, Noah, Daniel, agus Iób, ní sháorfaidís achd a nanmanna féin lé na bhfíréantacht, a deir an Tighearna DIA.
15
¶ Má bheirim air bheathuighibh urchóideacha dul thríd an dúthaigh, agus go millfid síad í, iondus go mbía sí na diothramh, iondus nach féidir lé haóinneach dul thríthe do bhrígh na mbeathach:
16
Dá mbeith go mbeidís an tríur fearso innte, fa mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, ní sháorfuid síad mic no ingheana; saorfuighear íad féin amháin, acht biáidh an fearann na fhásach.
17
¶ Nó má bheirim cloidheamh air an ndúthaighsin, agus a rádh, A chloidhimh, imthigh thríd an ttír; iondus go ngéarrfa mé an duine agus an beathach uadha:
18
Da mbeith go mbeidís an tríur fearso innte, fa mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, ní sháorfuid síad mic nó ingheana, acht sáorfuighear íad féin amháin.
19
¶ Nó má chuirim pláigh annsa bhfearannsin, agus go ndóirtfidh mé mfearg a bhfuil amach air, do ghearradh duine agus bheathuighe úadha:
20
Bíodh go mbeith Noah, Daniel, agus Iób, annsin, fa mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, ní shaorfuid síad mac nó inghean; ní sháorfuid síad acht a nanmanna féin le ná bhfíréantacht.
21
Oír is marso a deir an Tighearna DIA; Cá mhéad ní sa mhó na sin an tan chuirfios mé mo cheithre breitheamhnuis nimhneacha air Ierusalem, an cloidheamh, an ghorta, an beathach urchóideach, agus an phláigh, do ghearradh duine agus beathuigh úadha amach?
22
¶ Thairis sin, féuch, fúigfighear fuighioll annsin noch do bhéarthar amach, mic agus ingheana: agus féuch, tiucfuid síad amach chugaibh, agus do chífidhe a slighe agus a ngniomha: agus do gheabhthaói comhfhurtacht a ttaobh a nuilc thug misi air Ierusalem, eadhon a ttáobh a nuile ní dá ttug mé uirre.
23
Agus comhfhurtachtfuid sibhsi, an tan do chídhfidhe a slíghthe agus a ngníomha: agus aitheontaói nach gan adhbhar do rinne mé a nuile ní dá ndéarnas ann, a deir an Tighearna DIA.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48