bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 5
Ezekiel 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 6 →
1
Agus thusa a mhíc an duine, glac chugad scían ghéur, glac chugad scían bhéartha bhearbóir, agus tabhair uirre siubhal air do cheann agus air thféasóig: annsin glac meadha an tomhais, agus roinn an ghrúag.
2
Loiscfidh tú lé teine an treas cuid a lár na caithreach, an tan choimhlíontar láethe an champa: agus glacfa tú an treas cuid, agus buáil iona thimchioll lé scín: agus sreathnecha tú trían leis an gaóith; agus tairreonga misi cloidheamh amach na ndíaighsin.
3
Glacfa tú mar an céadna beagán díobh a nuibhir, agus ceangola tú íad ann do sciortuighibh.
4
Annsin glac dhíobh sin a rís, agus teilg a lár na teineadh íad, agus loisg íad annsa teine; óir is as sin thiucfas teine amach go tigh Israel uile.
5
¶ Is marso a deir an Tighearna DIA; Sí so Ierusalem: do shuighidh mé í a meadhon na ccineadhach agus na ttíorthann atá na timchioll fa ccuáirt.
6
Agus dáthruigh sí mo bhreitheamhnus a núrchóid ní sa mhó náid na cineadhacha, agus mo reachta ní sa mhó náid na tíortha atá na timchioll: óír do dhíultadar mo bhreitheamhnuis agus mo reachda, níor shiubhluigheadar ionnta.
7
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur mhéaduigheabhairsi ní as mó náid na cineadhacha atá bhur ttimchioll, agus nar shiubhaileabhair ann mo reachtaibh, ní mo do chumhduigheabhair mo bhreitheamhnuis, nach mó do rinneabhair do reir breitheamhnus na ccineadhach atá bhur ttimchioll fa ccuáirt;
8
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA, Féuch, Misi, Misi fein ad aghaidh, agus do bhéara mé breath ann do lár a radharc na ccineadhach.
9
Agus do dhéana mé ionnad an ní nach déarna mé, agus nach déana mé a leithéid ní sa mhó, do bhrígh huile ghráineamhlachtsa.
10
Ar a nadhbharsin íosfuid na haithre na mic ann do lár, agus íosfuid na mic na haithre; agus béara mé breatha ionnad, agus spréidhfidh mé iomlán thfuighill annsna buile gháothaibh.
11
Uimesin, fa mar mhairim, a deir an Tighearna DIA; Go deimhin, do bhrígh gur shaluigh tú mó shanctóir led uile neithibh adhfhúathmhara, agus led uile ghráineamhlachtaibh, ar a nadhbharsin laighdeocha misi thú mar an ccéadna; agus ní choigeola mo shúil, agus ní bhiáidh truáighe air bith agam.
12
¶ Eúgfuidh trían diot leis an bpláigh, agus le gorta muirfighear íad ann do lár: agus tuitfidh trían leís an ccloidheamh ad thimchioll fa ccuáirt; agus sgaóilfe mé trían annsna uile gháothaibh, agus tairreonga mé cloidheamh amach na ndiáigh.
13
Is marso choimhlíonfuighear mfearg, agus do bhéara mé air mo lasan fuireach orra, agus biáidh sólás agam: agus biáidh a fhios aca gur misi an TIGHEARNA do labhair é ann mo éud, an tan choimhlionfas mé mo dhibhfhearg ionta san.
14
Tuilleamh oile do dhéana mé ad fhasach thú, agus ad mhasla a measc na ccineadhach atá ad thimchioll fa ccuáirt, a radharc gach a ngabhann thort.
15
Marsin biáidh sé na scannail agus na mhagadh, na theagasc agus na úathbhás do na cineadhachaibh atá ad thimchioll fa ccuáirt, a nuáir do dhéanad breitheamhnus ionnad a bhfeirg agus a ccuthach, agus a niomaithbhioruibh fíochmhara. Misi an TIGHEARNA a dubhairt é.
16
A nuáir chuirfeas mé orra drochshoighde na gorta, noch bhías na sgrios, noch chuirfios mé dá bhur milleadh: agus méideocha mé an ghorta oruibh, agus brisfe mé bhur maide aráin:
17
Marsin cuirfe mé gorta oruibh agus droichbheathuigh, agus do dhéanaid nireasbhach thú; agus rachfuidh pláigh agus fuil thríod, agus do bhéara misi an cloidheamh ort. Misi an TIGHEARNA do labhair é.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48