bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 32
Ezekiel 32
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 33 →
1
Agus tárla annsa dara bliadhain déag, annsa dara mhí déag, an chéad lá don mhí, go ttáinic bríathar an TIGHEARNA chugam, ag rádh,
2
A mhic an duine, tóig súas núalghubba ar son Phárao rígh na Hégipte, agus abair ris, Is cosmhuil thú ré leomhan óg do na cineadhachaibh, agus atá tú mar mhíol mhór annsna fairgidhibh: agus tháinic tú amach led shrothaibh, agus do bhuáidhir tú na huisgeadha led chosaibh, agus do shaluigh tú a naibhne.
3
Is marso a deir an Tighearna DIA; Leathnocha misi amach ar a nadhbharsin mo líon ós do chionn lé comhluadar mhóráin daóine; agus do bhéaruid a níos ann mo líon thú.
4
Annsin fúigfidh mé air an ttalamh thú, teilgfidh mé amach annsá mhachaire oscuilte thú, agus do bhéara mé air uile éunuibh neimhe comhnuidhe do dhéanamh ort, agus líonfa mé beathuighe na talmhan uile dhíot.
5
Agus leagfa mé thfeóil air na sléibhtibh, agus líonfa mé na gleanta led áirde.
6
Fliuchfa mé fós led fhuil an talamh iona snáidhionn tú, nó go rabhuid na sléibhte; agus bíaid na aibhneacha líonta dhíot.
7
Agus an tan chuirfios mé thusa amach, foileocha mé flaitheamhnus, agus do dhéana mé a réulta dorcha; foileocha mé an ghrían lé néull, agus ní thiubhruidh an ghoalach a solas uaithe.
8
Do dhéana mé uile sholus loinnreach neimhe dorcha ós do chionn, agus cuirfidh mé dorchadus air an ttalamh, a deir an Tighearna DIA.
9
Broisteocha mé marsin croidhthe mhóráin daóine, an tan do bhéara mé haidhmhilleadhsa a measc na ccineadhach, annsna tíorthaibh nar bhaithnid duit.
10
Aseadh, do dhéana mé mórán daóine iongantach dot tháobh, agus béid a ríghthe eaglach go hiomareach ar do shonsa, an tan dhéalrochus mé mo chloidhiomh da lathair; agus criothnochuid uile a móiment, gach duine ar son a bheatha féin, a ló do leagthasa.
11
¶ Oír is marso a deir an Tighearna DIA; Tiucfa cloidheamh righ na Babilóine ort.
12
Lé cloidhmhthibh na ccumhachtach do bhéara mé air do shlúaghaibh tuitim, leis an ndroing is uathbhásuidhe, do na cineadhachaibh uile: ugus millfid síad poimp na Hégipte, scriosfuighear a huile hiomadamhlacht.
13
Scriesfa mé fós a uile bheathach ó tháobhuibh na nuisgeadh mór; ní mó chuirfios cos duine buáidhreadh orra ní is mhó, nó ingne beathach buáidhreadh orra.
14
Annsin do dhéana mé a nuisgeadha domhuin, agus do bhéara mé ar a naibhnibh rioth amhuil ola, a deir an Tighearna DIA.
15
An tan de dhéana mé críoch na Hégípte na fhásach, agus bhías an tír uáigneach an ní dá raibh sé lionta, an tan bhnáilfios misi gach a náitreabhann innte, aitheonuid gur misi an TIGHEARNA.
16
Así so an chumha lé ccaóinfid í: caóinfid ingheana na ccineadhach í: caoidhfid síad ar a son, eadhon ar son na Hégipte, agus airson a slúagh uile, a deir an Tighearna DIA.
17
¶ Tárla mar an ccéadna annsa dara blíadhain déug, an cíugeadh lá déag don mhí, go ttáinic focal an TIGHEARNA chugam, ag rádh,
18
A mhic an duine, Gearáin ar son iomaid sluáigh na Hégipte, agus teilg síos íad, í féin, agus ingheana na ccrioch iomráidhteach, go háitibh imíochtair na talmhan leis an lucht théid síos annsa pholl.
19
Cia sháruighios thusa a scéimh? imthigh sios, agus luigh a bhfochair na neimhthimchillghéarrtha.
20
Tuitfid síad a lár na druinge atá marbh leis an ccloidheamh: do seachadadh don chloidheamh i: tairng í féin agus a hiomadamhlacht uile.
21
Laibheoruidh an duine láidir a measc na ccumhachtach ris amach as lár ifrinn maille ris an ndruirg chuidighios leis: do chuadar síos, luighid siad neimhthimchillghéarrtha, ar na marbhadh rís an ccloidheamh.
22
Atá Asur annsin agus a comhlúadar uile: atáid uáighe na thimchioll: atáid uile marbh, íar ttuitim leis an ccloidheamh:
23
A bhfuilid a nuáighe ar na suíghiughadh a ttáobhuibh an luig, agus a cuideachta fá ccuáirt timchioll a huáighe: íad uile ar na marbhadh, ar ttuitim leis an ccloidheamh, noch thug fa deara úamhan do bheith a ttír na mbéo.
24
Atá Elam annsin gon a huile iomadamhlacht timchioll fa ccuáirt a huáighe, íad uile ar na marbhadh, ar ttuitim leis an ccloidheamh, noch do chuáidh síos gan timchillghearradh a náitibh imíochtaracha na talmhan, noch thug fa deara anbhúain do bheith a ttír na mbéo; thairis sin diomchradar a náire maille ris an lucht théid síos annsa pholl.
25
Do chóirigheadar leaba dhi a meadhón na marbh gon a huile iomadamhlacht: atáid a huáighe air gach táobh dhi: atáid uile gan timchillghearradh, marbh ris an ccloidhiomh: bíodh gur chuireadar criothnughadh a ttír na mbéo, gidheadh fúaradar náire maille ris an ndruing do chuáidh síos annsa pholl: do cuireadh é a lár na muinntire atá marbh.
26
Atá Mesech annsin, Tubal, agus a hiomadamhlacht uile: atáid a huáighe iona timchioll fa ccuáirt: atáid síad uile gan timchillghearradh, marbh leis an ccloidheamh, bíodh gur chuireadar a neagla a ttír na mbéo.
27
Agus ní luighfid a bhfochair na ccumhachtach do thuit don lucht gan timchillghearradh, noch do chuáidh síos go hifrionn maille re na narmuibh cogaidh: agus do chuireadar a ccloidhmhthe fáoi na cceannuibh, agus biáid a ccionta air a ccnámhuibh, bíodh gur bíad úamhan an chumhachduigh a ttír na mbéo.
28
Biáidh tusa fós, briste a lár na druinge gan timchillghearradh, agus luighfidh tú a bhfochair an luchta atá marbh leis an ccloidhiomh.
29
Atá Edom annsin, a rígh agus a prionnsadha uile, noch lé na neart atá na luidhe a bhfochair na druinge do marbhadh leis an ccloidheamh: luidhfid a bhfochair an luchta atá gan timchillghearradh, agus a bhfochair na druinge théid síos san log.
30
Atáid annsin uile phrionnsadha an tuáisceirt, agus na Sidónianuigh uile, noch do chuáidh síos leis na marbhuibh; maille re na neagla fa na ccumhachtaibh; agus luighid gan timchillghearradh a bhfochair na druinge do marbhadh leis an ccloidheamh, agus fúaradar náire maille ris an lucht téid síos annsa log.
31
Do chífidh Phárao íad, agus comhfhurtfuighthear é ós cionn a iomadamhlacht uile, eadhon Phárao agus a shlúagh uile ar na marbhadh leis an ccloidheamh, a deir an Tighearna DIA.
32
Oír thug misi meagla a ttír na mbéo, agus cuirfighear eision a lár na neimhthimchillghearrtha maille ris an lucht do marbhadh leis an ccloidheamh, eadhon Phárao agus a iomadamhlacht uile, a deir an Tighearna DIA.
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 33 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48