bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 31
Ezekiel 31
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 32 →
1
Agus tárla san náonmhadh blíadhain déag, annsa treas mí, an chéad lá don mhí, go ttáinic focal an TIGHEARNA chugamsa, ag rádh,
2
A mhic an duine, labhair re Phárao rígh na Hégipte, agus re na iomadamhlacht; Ciá ré ar cosmhuil thusa ann do mhórdhacht?
3
Féuch, do bhí an Tassírianach na shedar ann Lebanon maílle ré geagan sgiamhach, agus re scaile foluigheach, maille ré áirde mhóir, agus do bhí a bhárr a measc na mbeangán tiugh.
4
Do rinneadar na huisgeadha mór é, doil an taigéan súas go hárd é tré na srothuibh ag rioth timchioll a phlanndadh, agus do chuir a haibhne beaga amach chum na nuile chrann annsa mhachaire.
5
Uimesin do hárduigheadh a áirde ós cionn uile chrann an mhagha, agus do líonadar a bheangáin, agus dfásadar a ghéaga go fada do bhrígh iomaid na nuisgeadh, an tan do chuir sé amach íad.
6
Do neadadar uile éunlaith neimhe iona ghéaguibh, agus faói na chraobhuibh rug uile bheathuigh an mhachaire an óga, agus faói na scáile dáitreabhadar na huile chineadhacha móra.
7
Marso do bhí sé breágha iona mhórdhacht, a bhfad a bheangán: óir do bhí a fhréamh láimh ré huisgeadhuibh móra.
8
Níor fhéadadar na cedair a ngáirdin Dé a cheilt: níor chosmhuil na crainn ghiumhuis lé na ghéaguibh, níor chosmhuil crainn na ccastáinigh le na bheangánuibh; níor chosmhuil crann ar bioth a ngáirdín Dé leis iona scéimh.
9
Do rinne misi breágha é lé hiomad a ghéag: iondus gur thnúthuigheadar uile chrainn Eden, dá raibh a ngáirdin Dé ris.
10
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur thóig tú súas thú féin a náirde, agus gur chuir sé súas a mhullach a measc na ngéug tiugh, agus gur thóig a chroidhe súas ann a áirde;
11
Do sheachuid misi uimesin é a láimh a naóin chumhachtaigh na ngeinteadh; go deimhin do dhéana sé ris mar do thuill sé: do dhíbir mé amach é ar son a chionta.
12
Agus coimhthighidh, an drong is úathbhásuighe do na cineadhachaibh, do ghearradar amach é, agus dfágbhadar é: annsna sléibhtibh agus annsna huile ghleantaibh do thuitiodar a bheangáin, agus do briseadh a chráobha lé huile shrothaibh na tíre; agus dimthigheadar uile dhaóine na talmhan síos ó na scáile, agus dfágbhadar é.
13
Aitréobhuid uile éunlaith neimhe air a scrios, agus biáid uile bheathuighe an mhagha air a bheangánuibh.
14
Iondus nach áirdeochadh crann ar bioth do chrannuibh na nuisgeadh íad féin ar son a náirde, nach mó do theilgfeidís súas a mullach a measc na mbeangán tiugh, nach mó sheasfuidís a ccrainn súas iona náirde, gach a nibhionn uisge: óir do seachadadh uile chum báis íad, do rannaibh íochtair na talmhan, a lár chloinne na ndaóine, maille ris an ndroing théid sios annsa log.
15
Is marso a deir an Tighearna DIA; Thug mé golgháir annsa ló a ndéachuidh sé síos annsa nuáigh: dfoluigh mé an taigeun dósan, agus do thoirmisc mé a thuilte, agus do stopadh na huisgeadha móra: agus thug mé air Léabanon cumha do dhéanamh ar a shon, agus do anbhfainbheadar uile chrainn an mhagha thríd.
16
Thug mé air na cineadhachaibh erioth lé fúaim a leagtha, an tan do theilg mé síos é go hifrionn maille ris an lucht théid síos annsa pholl: agus comhfhurtachtfuighear uile chrainn Eden, togha agus rogha Lebanon, gach a nibhionn uisge a rannaibh íochtair na talmhan.
17
Do chúadar síos mar an ccéadna go hifrionn maille ris don ndroing atá marbh leis an ccloidheamh; agus a ruigh, agus do rinneadar comhnuidhe fana dhíon a meadhón na ccineadhach.
18
¶ Cía ré ar cosmhuil thusa marso a nglóir agus a mórdhacht a measc chrann Eden? gidheadh do bhéarthar síos thú maille re crannuibh Eden go háitibh íochtaracha na talmhan: luighfidh tú a meadhón na neimhthimchillghéarrtha a bhfochair an luchta marbhthar leis an ccloidheamh. Isé so Phárao, agus a uile iomadamhlacht, a deir an Tighearna DIA.
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 32 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48