bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 39
Ezekiel 39
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 40 →
1
Uimesin, thusa a mhic an duine, tairrghir a naghaidh Ghog, agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA; Féuch, atáimsi ad aghaidhsi, a Ghog, a áirdphrionnsa Mesech agus Túbal:
2
Agus fillfidh mé ar hais thú, agus ní fhúigfidh mé acht an seiseadh cuid díot, agus do bhéara mé ort teacht a níos ó na hairdibh budh thuáigh, agus do bhéarad ar shléibhtibh Israel thú:
3
Agus buáilfidh mé do bhógha as do láimh chlé, agus do bhéara mé áir do shoighdibh tuitim as do láimh dheis.
4
Tuitfidh tú ar shléibhtibh Israel, thú féin, agus do bhannadha uile, agus na daóine atá leat: do bhéara mé déunuibh cíocracha do nuile shórt, agus do bheathachaibh an mhachaire dot shlugadh thú.
5
Tuitfidh tú air an mhachaire lom: óir do labhair misi é, a deir an Tighearna DIA.
6
Agus cuirfidh mé teine ar Mhagog, agus a measc na ndáoine chomhnuighios go neamhchúramach annsna hoiléanuibh: agus aitheonuid síad gur misi an TIGHEARNA.
7
Marsin do dhéana mé mainm náomhtha aithnid a lár mo phobail Israel; agus ní léigfidh mé dhóibh mainm náomhtha do thruáilleadh ní as mó: agus aitheonuid na geinte gur misi an TIGHEARNA, Aon Náomhtha Israel.
8
¶ Féuch, thainic sé, agus do rinneadh é, a deir an Tighearna DIA; ase so an lá air ar labhair mé.
9
Agus rachfuidh an drong chomhnuighios a ccaithreachaibh Israel amach, agus cuirfid tré theine agus loisgfid na hairm, na scíatha ar áon agus na buicléir, na bogha agus na soighde, agus na lámhmhaideadha, agus na gáethe, agus loisgfid lé teine íad seacht mblíadhna:
10
Iondus nach mbearuid síad coill ar bioth as an machaire, nach mó ghéarrfuid crann ar bioth as na foraoisibh; loisgfid na hairm lé teine: agus creachfuid síad an lucht do chreach íad, agus sladfuid an drong do shlad íad, a deir an Tighearna DIA.
11
¶ Agus tiucfuidh a ccrích annsa ló sin, go ttiubhra mé do Ghog ionad annsin chum úaigheadh a Nísrael, gleann an luchd siubhail don taóibh shoir do nfairge: agus stopfuidh sin sróna na druinge ghabhus thairis, agus adhlaicfid Gog annsin agus a shluágh uile: agus goirfid síad de, Gleann Hamon‐ghog:
12
Agus biáidh tigh Israel da nadhlacadh seacht mí, chor go nglanfuid an fearann.
13
Aseadh, adhlaicfidh uile dhaóine na tíre íad, agus biáidh na chlú dhóibh annsa ló a nglóirfighear misi, a deir an Tighearna DIA.
14
Agus deileochuid síad amach daóine bhías do ghnáth gnothuigheach, ag dul thríd ann ttir ag adhlacadh leis an luchd siubhail an drong nar hadhlacadh air aghaidh na talmhan, chum a ghlanta: spíonfuid síad íar ccríochnughadh seacht míos.
15
Agus an luchd siubhail imthighios thríd an ttír, an tan do chífidh duine ar bioth cnáimh dhuine, annsin cuirfidh sé comhartha súas láimh ris, chor go nadhlaicid an lucht adhluicthe é a ngleann Hamon‐ghog.
16
Agus fós isé bhus ainm don chathruigh Hámonah. Marso ghlanfuid síad an fearann.
17
¶ Agus, thusa á mhic an duine, is marso a déir an Tighearna DIA; Labhair ris a nuile éun sciathanach, agus ré huile bheathach an mhachaire, Cruinnighidh sibh féin, agus tigidh; cruinnighidh sibh air gach uile tháobh chum mo íodhbarthasa do ním dofráil air bhur son, eadhon íodhbairt mhór ar shléibhtibh Israel, iondus go níostaói feóil, agus go niobhthaói fuil.
18
Iostaói feóil na neartmhar, agus iobhthaói fuil phrionnsadha na talmhan, reitheadh, úan, agus ghabhar, agus bhulóg, íad uile ar na mbíathadh a Mbasan.
19
Agus íostaói méuthas no go rabhthaói lán, agus iobhthaói fuil nó go rabhthaói ar meisce, dom íodhbarthaibhsi noch do íodhbair mé ar bhur son.
20
Marso líonfuighear sibh ar mo bhórdsa lé heachaibh agus lé carbaduibh, lé daoinibh cumhachtacha, agus le na huile fhearuibh cogaidh, a deir an Tighearna DIA.
21
¶ Agus suidheocha mé mo ghlóir a measc na ngeinteadh, agus do chífid na geinte uile mo bhreitheamhnus rug mé, agus mo lámh do leag mé orra.
22
Marsin biáidh a fhíos aig tigh Israel gur misi an Tighearna DIA on lásin agus ó sin amach.
23
Agus aitheonuid na geinte gurob ar son a néigceart do chuáidh tigh Israel a ndaóirsine: do bhrígh gur chiontuigheadar am aghaidhsi, uimesin dfoluigh mé maghaidh úatha, agus thug mé a láimh a námhad íad: marsin do thuitiodar uile leis an ccloidheamh.
24
Do réir a neamhghloine agus do réir a bpeacadh do rinne mé ríu, agus dfoluigh mé mo ghnúis úatha.
25
¶ Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Anois do bhéara mé liom a rís braighdionas Iácob, agus do dhéana mé trócaire air thigh Israel go híomlán, agus biáidh éud orum ar son manma náomhtha;
26
Tar éis a náire diómchar dhóibh, agus a ccionta uile lér chiontuigheadar am aghaidhsi, an tan do chomhnuigheadar daingean iona ndúthaigh, agus nár chuir duine ar bioth eagla orra.
27
An tan bhéaras mé ó na cineadhachuibh a rís íad, agus chruinneochus mé íad as tíorthaibh a námhad, agus bhías mé náomhtha ionta a radharc mhóráin cineadhach;
28
Annsin aitheonuid síad gur misi an TIGHEARNA a Ndía, noch thug fa deara a mbreith a láimh ameasc na ngeinteadh: acht do chruinnigh mé dá ttír féin íad, agus níor fhág mé áon díobh ní as mó annsin.
29
Ní mó cheilfios mé maghaidh orra ní is mó: oir do dhóirt mé amach mo spíorad air thigh Israel, a deir an Tighearna DIA.
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 40 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48