bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 3
Ezekiel 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 4 →
1
Tuilleamh oile a dubhairt sé riomsa, A mhic an duine, ith an ní do gheibh tú; ith an rolaso, agus éirigh labhair ré tigh Israel.
2
Annsin dfoscail mé mo bhéul, agus thug sé orum an rola dithe.
3
Agus a dubhairt sé riom, A mhic an duine, tabhair air do bholg ithe, agus líon do mhionach leis an rolaso bheirimsi dhuit. Annsin a dúaigh mé é; agus do bhí sé ann mo bhéul mar mhil ar mhillsi.
4
¶ Agus a dubhairt sé riom, A mhic an duine, imthigh, éirigh go tigh Israel, agus labhair lem bhríathruibhsi ríu.
5
Oír ní curthar thú a ccionn daóine do ghlór choimhthigheach agus do theanga chruáidh, acht chum tighe Israel;
6
Ní chum móráin daóine do ghlór choimhthigheach agus do theanga chruáidh, nach féidir dhuit a mbríathra do thuicsin. Go deimhin dá ccuirinn chuca sin thú, déistfidís riot.
7
Acht ní éistfidh tigh Israel riot; óir ní éistfidh síad riomsa: óir atá tigh Israel uile míonáireach agus crúadhchroidheach.
8
Feuch, do rinne mé haghaidh láidir a naghaidh a ngnúise, agus headan láidir a naghaidh a néadansan.
9
Amhuil adamant is cruáidhe ná cloch thineadh do rinne mé héadan: ná himeagluidh íad, agus ná hanbhfainnigh le na bhféuchanaibh, mátá go bhfuilid na ttigh easumhal.
10
Tuilleamh oile a dubhairt sé riom, A mhic an duine, gábh ann do chroidhe, mo bhriathrasa uile noch laibheorus mé riot, agus cluin lé do chlúasaibh.
11
Agus éirigh, imthigh mar a bhfuilid lucht na bruide, chum do dhaóine féin, agus labhair ríu, agus innis dóibh, Is marso a deir an Tighearna DIA, má éistid, nó má sguirid.
12
Annsin do thóg an spiorad súas mé, agus do chúala mé am dhiáigh gúth tormáin mhóir, ag radh, Go madh beannuighthe glóir an TIGHEARNA ó na áit.
13
Do chúalaidh mé fós fuáim sciathán na mbeathach do bhean re chéile, agus tormán na rothadh ós a ccuinne thall, agus tormán fuáime móire.
14
Annsin do thóg an spiorad súas mé, agus rug sé leis mé, agus do ghlúais mé a searbhus, a tteas mo spioraide; acht do bhí lámh an TIGHEARNA láidir orum.
15
¶ Annsin tháinic mé gus na bráighdibh go Tel‐abib, noch do chomhnuigh láimh ré habhuinn Chebar, agus do shuidh mé mar ar shuigheadarsan, agus dfan mé anusin úathbhásach na measg seacht lá.
16
Agus tárla a ccionn na seacht lá, go ttáinic bríathar an TIGHEARNA chugam, ag rádh,
17
A mhic an duine, do rinne mé fear faire dhíot do thigh Israel: nimesin éist an bhríathar óm bhéul, agus tabhair rabhadh dhóibh uáimsi.
18
An tan a déara misi ris an cciontach, Do gheabha tú go deimhin bás; agus nach ttiubhra tusa rabhadh dhó, agus nach laibheora tú do thabhairt rabhaidh don chiontach fá na droichshlighe, do shábháil a ánma; éugfuidh an drochdhuine sin iona éigceart féin; acht íarrfa misi a fhuil as do láimhsi.
19
Gidheadh má thugann tusa rabhadh don chiontach, agus nach bhfillfidh ó na chiontuibh, nó ó na dhroichshlighe, éugfa sé iona éigceart; acht do sháor tusa hanam féin.
20
A rís, A nuáir fhillfios duine fíréunta ó na fhíréantachd, agus do dhéana sé peacadh, agus chuirfeas misi ceap tuisligh roimhe, do gheabha sé bás: do bhrígh nach ttug tusa rabhadh dhó, gheabha sé bás iona pheacadh, agus ní cuimhneochthar a fhiréantacht noch do rinne sé; acht íarrfa mé a fhuil as do láimhse.
21
Gidheadh má bheir tú rabhadh don duine fhíreunta, ionnas nach bpeacochuidh an firéun, agus nach déana sé peacadh, go deimhin mairfidh sé, do bhrígh go bhfuáir sé rabhadh; mar an ccéadna do sháor tusa hanam féin.
22
¶ Agus do bhí lámh an TIGHEARNA annsin orum; agus a dubhairt sé riom, Eirigh, imthigh amach annsa réiteach, agus laibheora misi riot annsin.
23
Annsin déirigh misi, agus do chúaidh amach san reighteach: agus, féuch, do sheas glóir an TIGHEARNA annsin, mar an nglóir do chonnairc mé ag sruth Chebar: agus do thuit misi ar maghaidh.
24
Annsin do chuáidh an spiorad ionnam, agus do shuighidh sé ar mo chosaibh mé, agus do labhair sé riom, agus a dubhairt riom, Eirigh, druid thú féin a stigh ann do thigh.
25
Acht thusa, a mhic an duine, feuch, cuirfid síad cuibhreach ort, agus ceangoluidh síad thú maille ríu, agus ní racha tú amach iona measg:
26
Agus do bhéara misi air do theangaidh ceangal do charbad do bhéil, chor go mbía tú balbh, agus nach biáidh tú ad fhear imdheargtha: óir is tigh easumhal íad.
27
Acht an tan laibhéorus misi riot, foisceola mé do bhéul, agus a déara tú ríu, Is marso a deir an Tighearna DIA; An té chluineas, cluineadh sé; agus an té sguirios, sguireadh se; óir is tigh easumhal íad.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48