bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 28
Ezekiel 28
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 29 →
1
Thainic bríathar an TIGHEARNA chugam a rís, ag rádh,
2
A mhic an duine, abair re prionnsa Thírus, Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur tógbhadh súas do chroidhe, agus go ndubhairt tú, Is Día misi, suighim a nionad Dé, a lár na bhfairgeadh; gidheadh is duine thú, agus ní Día, giodh go suighionn tú do chroidhe amhuil croidhe Dé.
3
Féuch, is glioca thú ná Daniel; ní bhfuil secréid fhéaduid do cheilt ort.
4
Led ghliocus agus led thuicsin fuáir tú do shaidhbhrios, agus fuáir tú ór agus airgiod ann hionnmhusaibh:
5
Led eagna mhóir agus led cheannuigheacht do mhéaduigh tú do shaidhbhrios, agus atá do chroidhe ar na thógbháil súas do bhrígh do shaidhbhriosa:
6
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur shuighidh tú do chroidhe mar chroidhe Dé;
7
Féuch, ar a nadhbharsin do bhéara misi coimhthighidh ort, an drong is úathbhásuidhe do na cineadhachaibh: agús tairreonguid an cloidheamh a naghaidh sgéimhe do ghliocuis, agus saileochuid síad do dhealradh.
8
Do bhéaruid síad síos chum na huáighe thú, agus éugfa tú bás na druinge atá marbh a lár na bhfairgeadh.
9
A naibéora tú fós a lathair an té mharbhus thú, Is mé Dia; acht biáidh tú ad dhuine, agus ní Día ar bíth thú, a láimh an té mharbhus thú.
10
Eugfa tú bás na neimhthimchillgheárrtha lé láimh an choimhthighidh: oir do labhair misi é, a déir an Tighearna DIA.
11
¶ Tuilleamh fós tháinic bríathar an TIGHEARNA chugamsa, ag rádh,
12
A mhic an duine, tóig súas golgháir air rígh Tirus, agus abair ris, Is marso a deir an Tighearna DIA; Séaluigh tú súas an tiomlán, lán do ghliocus, agus iomlán a sgéimh.
13
Do bhí tú ann Eden gáirdín Dé, budh é thfolach gach uile chloch mhórluáigh, an sardius, an topas, agus an diamond, an bheril, an tónics, agus an iasper, an saphir, a nemerald, agus an carbuccail, agus an tór: do gléasadh ccardacht do thiompán agus do phíob ionnad annsa lá ar cruthuigheadh thú.
14
Is tú an cherub ungtha fholchas; agus do shuighidh misi marsin thú: do bhi tú air shliabh náomhtha Dé, do shiubhail tú a meadhon na leac tteineadh.
15
Do bhí tú iomlán ann do shlighthibh, ón ló far crúthúigheadh thú, nó gur fríth éigceart ionnad.
16
Maille lehiomad do cheannuigheachta do líonadar do lár lé foiréigion, agus do pheacuidh tú: uimesin teilgfidh misi thú amhuil neimhdhíadha amach as slíabh Dé: agus scriosfa mé thú, a cherub fholuigh, ó lár na leac tteineadh.
17
Do tógbhadh súas do chroidhe do bhrígh do sgéimhe, do thruailligh tú heagna do bhrígh do dhéalruighthe: teilgfidh misi chum talmhan thú, a bhfíadhnuise ríogh, chor go bhféuchfuid ort.
18
Do shaluigh tú do shanctóir lé híomadamhlacht héigceart, lé éigceart do cheannuigheachta; uimesin do bhéara misi teine amach as do lár, loisgfidh sí thú, agus do bhéara mé ad lúaithreadh thú chum na talmhan a radharc a nuile dhuine do chí thú.
19
Biáidh úathbhas aig a nuile dhuine dá naithnighionn thú a measc na ndaóine ionnad: biáidh tú ad úamhan, ní mó bhías tú ann go brath ní sa mhó.
20
¶ A rís tháinic bríathar an TIGHEARNA chugam, ag rádh,
21
A mhic an duine, cuir haghuidh a naghaidh Sídon, agus tairrghir na haghaidh,
22
Agus abair, Is marso an deir an Tighearna DIA; Féuch, a táimse ad agháidhsi, a Shídon; agus biáidh mé ar mo ghlórughadh ann do lár: agus aitheonuid gur mé an TIGHEARNA, an tan bhéarus mé breatha innte, agus bhías mé ar mo náomhughadh innte.
23
Oír cuirfe mé pláigh innte, agus fuil iona sráidibh; agus béarthar breítheamhnus air an ccréachtach iona lár leis an ccloidheamh uirre air gach aontaóibh; agus aitheonuid gur misi an TIGHEARNA.
24
¶ Agus ní bhíaidh dreas deilgne ann ní sa mhó do thigh Israel, nó dosán ar bith gortuightheach do na huile ahaóinibá ná ttimchioll, tharcuisnighios iad; agus biáidh a fhios aca gur misi an Tighearna DIA.
25
Is marso a deir an Tighearna DIA; An tan chruinneochus mé tigh Israel as na daóinibh a measc a bhfuilid sreathnuighthe, agus bhías mé ar mo náomhadh ionta a radharc na ngeinteadh, annsin áitreobhuid síad iona ndúthaigh thug mé dom sheirbhíseach Iácob.
26
Agus do dhéanuid síad comhnuidhe dhaingion innte, agus do dhéanuid tighthe, agus plainndeochuid gárradha fíneamhna; aseadh fós, áiteochuid maille ré dánacht, an tan bhéarus misi breitheamhnus orrasan tharcuisnighios íad fa ccuáirt na ttimchioll; agus aitheonuid gur misi an TIGHEARNA a Ndía.
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 29 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48