bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 23
Ezekiel 23
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 24 →
1
Thainic bríathar an TIGHEARNA chugam a rís, ag rádh,
2
A mhic an duine, do bhádar días ban, ingheana áonmháthar amháin:
3
Agus rinneadar stríopachus annsa Négipt; do rinneadar stríopachus iona nóige: annsin do brúigheadh a gcíche, agus annsin do bhrúigheadar cíocha a maighdíonuis.
4
Agus do bé a nanmanna Aholah fa sine, agus Aholibah a deirbhshíur: bá liomsa íad, agus rugadar mic agus ingheana. Is marso do bhí a nanmanna; sí Aholah Samária, agus sí Aholibah Ierusalem.
5
Agus do rinne Aholah meirdreachus a nuáir bá liomsa í; agus do bhí sí roghrádhach air a háos grádha, air na Sírianáchaibh a comharsana,
6
Noch do bhí ar na néadughadh a ngorm, na ccaiptínibh agus na ríaghlóirighibh, íad uile na nóganachaibh toileamhla, na marcshlúagh ag marcuigheacht air eachaibh.
7
Marso do rinne sí a stríopachus ríu, leis an méid do bhí na bhfearuibh toghtha san Nassiría, agus leis a nuile ar a raibh a mearghrádh: do thruáilligh sí í féin le na niodhaluibh uile.
8
Ní mó dfág sí a stríopachus ón Négipt: óir do luigheadar lé iona haóis óig, agus do bhrúigheadar cíche a maighdionuis, agus do dhóirtiodar a stríopachus uirre.
9
Uimesin thug misi a láimh a háos grádh í, a láimh na Nassírianach, air a raibh a cion.
10
Do léigiodar so a tárnochtuighe leis: do ghabhadar a mic agus a hingheana, agus do mharbhadar í leis an ccloidheamh: agus dfás sí na hainm do mhnáibh; óir rugadar breitheamhnus uirre.
11
Agus an tan do chonnairc a deirbhshíur Aholibah so, do bhí si ní sa truáillighthe iona grádh ainmheasardha ná ise, agus iona stríopachus ní sa mhó ná a deirbhshíur iona stríopachus.
12
Do antoiligh sí ar na Hassíriánachaibh a comharsana, caiptíne agus úachtaráin éaduighthe go ro oirnéalta, marcshlúagh ag marcuigheacht ar eachaibh, íad uile na nóganachaibh iontóile.
13
Annsin do chonnairc misi go raibh sí ar na truáilleadh, gur ghabhadar aráon aóintslighe,
14
Agus gur mhéaduigh sí a stríopachus: óir an tan do chonnairc sí fir ar na bpinndeáil air an mballa, iomháighe na Ccaldéanach tairngthe re bhermilion.
15
Criosluighthe maille re creasaibh air a leasrach, ag breith bhárr go hiomarcach a néaduighibh dhaite air a cceannaibh, íad uile na bprionnsadhuibh re féuchuin, do réir mhodha Bhabilóineach na Caldeá, tír a mbeirthe:
16
Agus comhlúath go bhfaca sí íad le na súilibh, do mhichíalluigh sí dhá ttaóibh, agus do chuir sí teachta chugtha don Chaldeá.
17
Agus thangadar Babilóinigh na coinne go leabuidh an ghrádha, agus do thruaillighiodar í le na stríophachus, agus do truailleadh léo í, agus do bhí a hinntinn ar na dhéanamh choimhightheach úatha.
18
Mar sin do léig sí a stríopachus leis, agus do thaisbéin sí a tárnochtuighe: annsin do choimhthíghidh minntinnsi uaithe, amhuil dáthruigh minntinn ó na deirbhshiáir.
19
Gidheadh do mhéaduigh sisi a stríopachus, a ngaírm láethe a hóige chum cuimhne, ann a ndéarna sí meirdreachus a ccrích na Hegipte.
20
Oír do antoiligh sí ar a haoisgradh, do bhrígh go bhfuil a bhfeoil amhuil feóil assail, agus a sliocht amhuil síol each.
21
Marso thug tú ad chuimhne úalluidhe hóige, a mbrúghadh do chíoch leis na Hégiptibh ar son chioch hóige.
22
¶ Uimesin, a Aholibah, is marso a deir an Tighearna DIA; Féuch, dúiseocha misi súas báosgrádha ad aghaidh ó bhfuil hinntinn anaithuidh, agus do bhéara mé ad aghaidh íad air gach áontaoibh;
23
Na Babilónigh, agus na Caldeanuigh uile, Pecod, agus Soa, agus Coa, na Hassíriánuigh uile maille ríu: íad uile na ndaóinibh óga iondúile, na ccáiptínibh agus na núachtaránuibh, tighearnadha móra agus clúiteach, íad uile ag marcuigheacht ar eachaibh.
24
Agus tiucfuid síad uile ad aghaidh lé carbaduibh, le cóistighibh, agus le rothaibh, agus le cruinniughadh daoine, noch chuirtios buicléir agus scíath agus clogad ad adhaigh timchioll fa ccuairt: agus cuirfidh misi breitheamhnus rompa, agus do bhéaraid síad breitheamhnus ortsa do réir a mbreitheamhnuis féin.
25
Agus suidheocha mé mo éud ad aghaidh, agus do dhéanuid síad go hanbhorb riot: béaruid síad léo do shrón agus do chluasa; agus tuitfidh thfuighioll leis an ccloidheamh: géabhuid siad do mhic agus hinghiona; agus dóithfighear a tteine a bhfuigfighear dhíot.
26
Nochtfuid síad thú fós as héadach, agus bhéaruid do sheóid breádha léo.
27
Marso do bheára mé air húallachus cosg uait, agus air do stríopachus ó chrích na Hégipte: iondus nach ttóigfe tú do shúile súas chuca, agus nach ccuimhneocha tú an Négipt ní sa mhó.
28
Oir is marso a deir an Tighearna DIA; Féuch, do bhéara misi thú a láimh na druinge noch fhúathuighios thú, á láimh an luchta ar árthuigh do mheamna úatha:
29
Agus do dhéanuid síad go fúathmhar riot, agus béaruid do sháothar uile léo, agus fúigfid tárrnocht agus lom thú: agus foillseochthar tárrnochduighe do striopachuis, húalluchus aráon agus do stríopachuis.
30
Do dhéana mé na neithesi riot, do bhrígh gur imthigh tú lé stríopachus a ndiáigh na ngeinteadh, agus do bhrígh gur truáilleadh thú le na niodhaluibh.
31
Dimthigh tú a slighe do dheirbhsheathar; uimesin do bhéara mé a cupán ann do láimh.
32
Is marso a deir an Tighearna DIA; Iobha tú as cupán do dheirbhsheathar go domhain agus leathan: do dhéantar gáire tarcuisneach iomad agus biáidh tú ad mhagadh; is mór thuillios ann.
33
Líonfuighear lé meisce agus lé doilghios thú, lé cupán úathbháis agus dóláis, agus lé cupán do dheirbhsheathrach Samária.
34
Eadhon iobha tú agus súighfidh tú é uile, agus brisfidh tú a bhruáigh, agus tarreonga tú do chíche féin asad: óir a dubhairt misi é, a deir an Tighearna DIA.
35
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur dhearmuid tú misi, agus gur theilg tú táobh siar dhíot mé, unnesin iomchuir thusa huallachus féin agus do stríopachus.
36
¶ Ar a nadhbharsin a dubhairt an TIGHEARNA riomsa; A mhic an duine, an mbéara tú breath air Aholah agus air Aholibah? aseadh, foillsigh dhóibh a ngráineamhlachta;
37
Go ndéarnadar adhaltrannas, agus go bhfuil fuil iona lámhuibh, agus go ndéarnadar adhaltrannas le na niodhaluibh, agus go ttugadar fós air a macaibh, noch rugadar dhamhsa, imtheacht thríd an tteine, da losgadh.
38
Tuilleamh fós is marso do rinneadar liomsa: do thruáilliodar mo shanctóir annsa ló chéadna, agus do neimhnigheadar mo shabbóide.
39
Oír an tan do mharbhadar a cclann dá niodhaluibh, annsin thangadar san ló chéadna dom shanctóirse dá truáilleadh; agus, féuch, is marso do rinneadar a meadhón mo thighe.
40
Agus tuilleamh fós, do chuireadar fios air dhaóinibh teacht a bhfad, a ccionn ar cuireadh teachta; agus, féuch, thangadar: ar son ar nigh tusa tú féin, ar phinndeáil tú do shúile, agus ar chóirigh tu thú féin le culadhuibh,
41
Agus ar shuigh tú air leabuigh státamhuil, agus bórd gléasta as a choinne, air ar shuigh tú mo thúis agus mola.
42
Agus do bhí gúth mhóráin a socamhal iona fochair: agus maille ris na daóinibh coitchionn tugadh Sabéanuigh ón bhfásach, noch do chuir bráisléad air a lámhuibh, agus córona bhreágha air a cceannuibh.
43
Annsin a dubhairt misi ria, do bhí seannda a nadhaltranasuibh, A ndéanuid anois adhaltrannus ría, agus ise ríusan?
44
Thairis sin do chuádar iona gnáis, amhuil do rachaidis chum mná do ní meirdreachus: is mar sin do chúadar a ngnás Aholah agus Aholibah, na mná úallacha.
45
¶ Agus béaruid na daóine fireanta, breath orra do réir mhodha adhaltrannach, agus do réir mhodha na mban dhóirtios fuil; do bhrígh go bhfuilid na nadhaltrannachaibh, agus go bhfuil fuil iona lámhuibh.
46
Oír is marso a deir an Tighearna DIA; Bhéara mé cuidheachta á níos orra, agus seachoduigh mé dá nátharrach agus da milleadh íad.
47
Agus clochfuid an chuideachta íad lé clochaibh, agus muirfid iad le na ccloidhmhthibh; muirfid síad a mic agus a ningheana, agus loisgfid súas a ttighthe lé teine.
48
Marso do bhéara mé air úallachus cosg as an ttír, le múinfighear do na huile mhnáibh gan déanamh do réir bhur leimhesi.
49
Agus cúiteochuid siad bhur leimhe ribh, agus iomchorthaói peacuidhe bhur niodhal: agus aitheontaói gur misi an Tighearna DIA.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48