bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezekiel 40
Ezekiel 40
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 39
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 41 →
1
Annsa chúigeadh blíadhain fithchiod dar ndaóirsine, a ttosach na blíadhna, an deachmhadh lá don mhí, annsa cheathramhadh blíadhain déag tar éis na caithreacha do bhúaladh, annsa ló cheadnasin do bhí lámb an TIGHEARNA orum, agus rug annsin mé.
2
A bhfidibh Dé rug sé leis mé go tír Israel, agus do shuighidh sé mé air shliabh ro árd, láimh lé a raibh amhuil cuma caithreach budh dheas.
3
Agus thug sé annsin mé, agus, féuch, do bhí duine ann, ag ar cosmhuil a thaisbéanadh ré taisbéanadh práis, go ndorubha lín iona láimh, agus slat thomhais; agus do sheas sé annsa gheata.
4
Agus a dubhairt an duine riomsa, A mhic an duine faic lead shúilibh, agus cluin led chlúasaibh, agus suighidh do chroidhe air a nuile ní thaisbéanfas misi dhúit; óir is chum go ttaisbéanfuinn duit íad tugadh annso thú: foillsigh do thigh Israel a nuile ní do chídh tú.
5
Agus féuch balla don taóibh amuigh don tigh timchioll fa ccuáirt, agus a láimh an duine slat thomhais sé cubhaid ar fad, leis an ccnámhruigheadh, agus leithead bais: marsin do thomhais sé leithne an tighe, áon slat; agus a áirde, áon slat.
6
¶ Annsin tháinic sé chum an gheata noch fhéuchus don leath shoir, agus do chuáidh sé súas iona staighrighibh, agus do thombais sé tairseach an gheata, áon slat ar leithead; agus an tairseach oile dhe, áon slat ar leithead.
7
Agus gach séomra beag áon slat ar fad, agus áon slat ar leithead: agus cúig cubhaid idir na seomradhuibh beaga; agus budh áon slat tairseach an gheata ag póirse an gheata táobh a stigh.
8
Do thomhais sé fós póirse an gheata a stigh, áonslat.
9
Annsin do thomhais sé póirse an gheata, ocht ccubhaid; agus a phostadha, dhá chubhad, agus do bhí póirse an gheata taóibh a stigh.
10
Agus seomradha beaga an gheata shoir bá trí íad don taoibhsi, agus a trí don taóibh oile; do bhádar na ttríur daoinmhiosúr: agus do bhí áon mhiosúr ag na postadhuibh don táoibhsi agus don taóibh oile.
11
Agus do thomhais sé leithead dhula a steach an gheata, deich ccubhaid; agus dob é fad an gheata, trí cubhaid déag.
12
Do budh aon chubhad an spás do bhí idir na seomradhuibh beaga, agus an spás don taóibh oile áon chubhad: agus na seomradha beaga sé chubhaid don ttaóibhsi, agus sé chubhaid don taoibh oile.
13
Do thomhais sé annsin an geata ó mhullach aóinscomra bhig go mullach seomra oile: do budh cúig cubhaid fhithchiod a leithead, dorus ar aghaidh dhoruis.
14
Do rinne sé fós postadha thrí bhfithchid cubhad, eádhon go posta na cúirte timchioli fá ccuáirt an gheata.
15
Agus do bhí caógad chubhad ó aghaidh gheata an dula a steach go haghaidh phóirse an gheata a stigh.
16
Agus do bhádar fuinnéoga cumhga ris na seomradhuibh beaga, agus ré na bpostuighibh táobh a stigh don gheata timchioll fa ccuairt, agus mar an ccéadna ris na háirsighibh: agus do bhádar fuinnéoga timchioll fa ccuairt táobh a stigh: agus ar gacháon phosta do bhí crann pailme.
17
Annsin rug sé mé don chúirt amuigh, agus, féuch, do bhádar seomradha, agus pábháil déunta don chúirt timchioll fa ccuáirt: agus do bhí tríochad seomra air an bpábháil.
18
Agus on phábháil ré taóibh na ngeatadhthall as coinne leithne na ngeatadh do bí sin an pábháil íochtarach.
19
Annsin do thomhais sé a leithead ó aghaidh thosaigh an gheata íochtair go nuige aghaidh thosaigh na cúirte dob fhaide a steach táobh amuigh, céad cúbhad leath shoir agus leath thuáigh.
20
¶ Agus do thomhais sé geata na cúirte amuigh, noch fhéachus leath thúaigh, a fhad, agus a leithead.
21
Agus do budh a trí a sheomradha beaga air an ttaóibhsi agus a trí air an ttaóibh oile; agus do bhí a phostadha agus a áirseadha do réir thómhais an chéidgheata: do bé a fhad cáogad cubhad, agus a leithead cúig cubhaid fhithchiod.
22
Agus do bhádar a bhfuinnéoga, agus a náirsiodha, agus a ccrainn pailme, do réir thomhais an gheata noch fhéuchus leath soir; agus do chúadar súas chuige lé seacht ccoiscéime; agus do bhádar a áirsidhe as a ccoinne.
23
Agus do bhí geata na cúirte a stigh tháll as coinne an gheata atá leath thuáigh, agus leath shoir; agus do thomhais sé ó gheata go geata céad cubhad.
24
¶ Tar éis sin thug sé mé don leath theas, agus féuch geata leath theas: agus do thomhais sé a phostadha agus a áirsighe do réir na ttomhas so.
25
Agus do bhádar fuinnéoga ann agus iona áirsighibh timchioll fa ccúairt, cosmhuil ris ná fuinnéogaibh sin: budh cáogad cubhad a bhfad, agus a leithead cúig cubhaid fhithchiod.
26
Agus do bhádar seacht ccoiscéime do dhul súas chuige, agus do bhádar a áirsighe as a ccoinne sin: agus do bhádar crainn phailme ann, áon air an ttáobhsi, agus áon air an ttaoibh oile, air a phostadhuibh.
27
¶ Agus do bhí geata annsa chúirt a stigh leath ris an ttaóibh theas: agus do thomhais sé ó gheata go geata leath theas céud cubhad.
28
Agus thug sé misi don chúirt a stigh leath ris an ngeata theas: agus do thomhais sé an geata theas do reir na ttomhas so;
29
Agus a sheomradha beagasan, agus a phostadha, agus a áirsighe, do réir na ttomhas so: agus do bhádar fuinneóga ann agus íona áirsighibh timchioll fa ccuáirt: cáogad cubhad air fad, agus cúig cubhaid fhithchiod air leithead.
30
Agus do bhádar na háirseadha timchioll fa ccúairt cúig cubhaid fhithchiod ar fad, agus cúig cubhaid ar leithead.
31
Agus do bhádar a áirsighe leath ris an ccúirt amuigh; agus cráinn pailme air a phostadhaibh: agus ocht ccoiscéime iona dhul súas.
32
¶ Agus thug sé mé gus an ccúirt dob fhaide a steach leath shoir: agus do thomhais sé an geata do réir na ttomhas so.
33
Agus do bhádar a sheomradha beaga, agus a phostádha, agus a áirsighe, do réir na ttomhas so: agus do bhádar fuinneóga ann agus iona áirsighibh timchioll fa ccuáirt: cáogad cubhaid a fhad, agus cúig cubhaid fhithchiod a leithead.
34
Agus do bhádar a áirsighe leath ris an ccúirt amuigh; agus crainn pailme air a phostadhuibh, air an ttáoibhsi, agus air an ttaoibh oile: agus ocht ccoiscéime iona dhul súas.
35
¶ Agus thug sé don gheata thúaigh mé, agus do thomhais sé é do réir na ttomhasso;
36
Agus a sheomradha beaga, a phostadha, agus a áirsighe, agus na fuinneóga ris timchioll fa ccuairt: cáogad cubhad air fhad, agus cúig cubhaid fhithchiod air leithead.
37
Agus do bhádar a phostadha leath ris an ccúirt amuigh; agus crainn pailme air a phostadhuibh: air an ttaóibhsi, agus air an ttaoibh oile, agus ocht ccoiscéime ag a dhul súas.
38
Agus do bhádar a sheomradha agus a dhula a steach láimh ré postadhaibh na ngeatadh, ann ar níghiodar a nofráil loisge.
39
¶ Agus do bhí a bpóirse an gheata dha chlár don táoibhse, agus dha chlár don taóibh oile, do mharbhadh na hofrála loisge orra agus na hofrála peacuidh agus na hofrála sáruighthe.
40
Agus ag an ttáobh amuigh, mar théid duine súas ag dul a steach an gheata thúaigh, do bhádar dhá bhórd; agus ar an ttaóibh oile, noch do bhí ag póirse an gheata, dha bhórd.
41
Do bhádar ceithre buird air na ttáobhsi, agus ceithre buird don táoibh oile, lé taóibh an gheata; ocht mbuird, air a marbhaidís a níodhbartha.
42
Agus do chlochaibh snoighte na ceithre buird chum na hofrala loisge, cubhad go leith ar fad, agus cubhad go leith air leithead íad, agus áon chubhad air áirde; air a leagaidís mar an ccéadna na hionstrumente le marbhaidís a nofráil agus a níodhbairt loisge.
43
Agus do bhádar crúcaidh, do leithead baise, taóibh a stigh ar na ndainguiughadh timchioll fa ccuáirt: agus do bhí feóil na hofrála air na bórduibh.
44
¶ Agus taóibh a muigh don gheata a stigh do bhádar séomradha an luchd ceóil annsa chúirt dob fhaide a steach, noch do bhí ré taóibh an gheata thuáigh; agus do bhí a radharc leath ris an deisceart: áon ar tháobh an gheata shoir agus do bhí a radharc budh thuáigh.
45
Agus a dubhairt sé riom, An seomraso, a bhfuil a radharc leath ris an deiscert, is leis na sagartaibh é, lucht coimheada chúraim an tighe.
46
Agus is leis na sagartaibh an séomra a bhfuil a radharc leath ris an ttuáisceart, lucht coimhéada chúraim na haltóra: isíad sin mic Shadoc a measc mhac Lébhi, noch thig a ngar don TIGHEARNA do mhimostralacht dó.
47
Marsin do thomhais sé an chúirt, céad cubhad air fad, agus céad cubhad ar leithead, ceathairbheannach; agus a naltóir as coinne an tighe.
48
¶ Agus thug sé misi go póirsi an tighe, agus do thomhais sé gach posta don phóirsi, cúig cubhaid air an ttaóibhsi, agus cúig cubhaid air an ttaóibh oile: agus do bé leithead an gheata trí cubhaid don taóibhsi, agus trí cubhaid don taóibh oile.
49
Budh é fad an phóirse fithche cubhad, agus a leithead áon chubhad déag; agus thug sé misi gus na coiscéimibh iona ndeachadar súas chuige: agus do bhádar piléir ag na postuibh, áon don táobhsi, agus áon don táoibh oile.
← Chapter 39
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 41 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48